Constituency Review Submission from Pádraig Ó Cuinneagáin
Pádraig Ó Cuinneagáin
Submission ID: S422
Date
10/05/2023
Constituency
National Issues
Moltar go go gcuirfidh An Coimisiún Toghcháin Achtanna na dTeangacha Oifigiúla, 2003 & 2021 i bhfeidhm go hiomlán maidir le cearta teanga Shaoránaigh na hÉireann i dtaca leis an Ghaeilge agus seirbhísí an stáit ar bheith ar fáil i nGaeilge.
Moltar go mbeadh ainmneacha na dtoghcheantar agus na bhfocheantar togchánaíochta uilig de chuid an stáit (logainmneacha, seoltaí,bailte fearainn, bailte, sráideanna srl) in úsáid i nGaeilge. Ná fágtar logainmneacha Gaeilge ar lár agus bíodh logainmneacha Gaeilge ar fáil do lucht úsáide na Gaeilge sa stát seo.
Mioltar go mbeadh an Ghaeilge in úsáid i ngach ábhar poiblíochta de chuid an stáit maidir le toghcháin, reifrinn srl – foilseacháin, ar líne, comharthaíocht, stáiseanóireacht srl.
Moltar go mbeadh an Ghaeilge in úsáid ar chomharthaíocht agus abhár eolais uilig de chuid thoghcháin agus reifrinn an stáit – ionaid vótála agus ionaid chomhairmh san áireamh – cló mór in úsáid don Ghaeilge agus ní cló beag.
Is mise
Pádraig Ó Cuinneagáin