Gluais de théarmaí toghcháin
Gluais de théarmaí toghcháin
Aistrithe
Dáileadh vótaí iarrthóra a cuireadh as an áireamh (nó vótaí iarrthóra a bhfuil a bhfarasbarr á dháileadh) ar na hiarrthóirí atá fágtha, bunaithe ar an dara rogha nó ar roghanna eile a cuireadh in iúl.
An tAonad um an gCeart Vótála
An rannóg sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta atá freagrach as beartas agus dlí toghcháin.
Áras an Uachtaráin
Stát-áras (áit chónaithe oifigiúil) Uachtarán na hÉireann.
Athbhreithniú toghcheantair
Déantar athbhreithniú ar na teorainneacha Dála agus Eorpacha i ndiaidh gach daonáirimh. Tarlaíonn an t-athbhreithniú ar thoghlimistéir áitiúla tar éis gach re daonáireamh go hiondúil. Tá tuilleadh eolais le fáil ar: Athbhreithnithe ar Dháilcheantair agus ar Thoghlaigh Pharlaimint na hEorpa – An Coimisiún Toghcháin.
Athchomhaireamh
Athchomhaireamh na vótaí i rith comhairimh, a ordaíonn an Ceann Comhairimh.
Bosca ballóide
An bosca ina gcuireann na vótálaithe a bpáipéir bhallóide chomhlánaithe.
Na Breithiúna
Tá sé de chumhacht ag na Cúirteanna na dlíthe a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm i gcás díospóidí agus coimhlintí a tharlaíonn idir an Stát agus saoránaigh ar leith, chomh maith le díospóidí a tharlaíonn idir saoránaigh.
Bunreacht
Is cáipéis é an Bunreacht ina leagtar amach bundlíthe na hÉireann. Tuairiscítear ann an chaoi ar cheart an tír a rialú, príomhinstitiúidí an Stáit agus cearta agus saoirsí bunúsacha na saoránach. Tá tuilleadh eolais ar an leathanach faoi Bhunreacht na hÉireann – An Coimisiún Toghcháin.
Canbhasáil
Iarracht a dhéanamh vótaí a bhuachan trí dhul i dteagmháil le vótálaithe go díreach, trí dhul ó dhoras go doras mar shampla.
Cárta Faisnéise Vótaíochta
Cárta ar a bhfuil d’fhaisnéis vótála, .i. suíomh an stáisiúin vótála agus na huaireanta vótála.
Ceann Comhairimh
Is iad an Ceann Comhairimh an t-oifigeach a bhíonn i gceannas ar reáchtáil an toghcháin (agus an chomhairimh) ina dtoghcheantar.
Checktheregister.ie
Is é Check the Register an suíomh gréasáin chun clárú le vótáil nó do shonraí a thabhairt cothrom le dáta.
Clár na bPáirtithe Polaitíochta
Liosta de na páirtithe polaitíochta atá cláraithe go dleathach, a bhíonn in ann iarrthóirí a rith i dtoghcháin na hÉireann.
Clár na dtoghthóirí
Liosta díobh siúd ag a bhfuil an ceart chun vóta a chaitheamh i reifrinn agus toghcháin in Éirinn. Eagraítear an clár de réir toghlimistéir agus cuireann na húdaráis áitiúla i dtoll a chéile é.
Cléireach Vótála
Cabhraíonn leis an Oifigeach Ceannais a ndualgas a chomhlíonadh.
An Coimisiún Toghcháin
Comhlacht reachtúil neamhspleách na hÉireann a bunaíodh an 9 Feabhra 2023 ag a bhfuil freagracht as raon leathan d’fheidhmeanna toghcháin a leagtar amach san Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022.
Comhaireamh
Comhaireamh na vótaí i dtoghchán, a dhéantar ag ionad comhairimh faoi stiúir an Chinn Comhairimh.
Comhairle contae
Cineál údaráis áitiúil a chlúdaíonn contae atá freagrach as seirbhísí éagsúla, ina measc tithíocht, pleanáil, bóithre, soláthar uisce agus saoráidí áineasa.
Comhairleoir
Duine a thoghtar ar údarás áitiúil ar nós comhairle contae nó cathrach, chun ionadaíocht a dhéanamh ar na daoine a chónaíonn sa cheantar sin.
Comhairlí cathrach agus contae
Údaráis Áitiúla/Rialtas Áitiúil atá freagrach as seirbhísí ar nós tithíochta, pleanála, bóithre, soláthar uisce agus saoráidí áineasa i gcathair agus i gcontae araon.
Comhiarrthóir
Duine a sheasann i dtoghchán sa toghcheantar céanna le hiarrthóir eile ón bpáirtí céanna.
Comhlachtaí ceadaithe
I reifrinn, is féidir le heagraíocht ar bith, idir phoiblí agus phríobháideach, agus le páirtí polaitíochta cláraithe ar bith iarratas a dhéanamh ar bheith ina Comhlacht Ceadaithe fad a bhíonn an feachtas reifrinn ar siúl.
Is féidir le comhlachtaí ceadaithe gníomhairí a cheapadh chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
– Bheith i láthair nuair a dhéantar páipéir bhallóide a eisiúint chuig postvótálaithe, nuair a osclaítear páipéir bhallóide postvótálaithe, agus nuair a dhéantar vótaí a chomhaireamh.
– Freastal ar gach stáisiún vótála (duine amháin in aghaidh an stáisiúin vótála) chun cuidiú le hoifigigh an toghcháin an cion toghcháin de phearsanaíocht a bhrath.
Cruthúnas aitheantais
Comhartha aitheantais. D’fhéadfaí a iarraidh ort cruthúnas aitheantais bailí a thaispeáint nuair a chaitheann tú vóta sa stáisiún vótála, agus má iarrtar ort é, caithfidh tú é a thaispeáint. Tá liosta iomlán de na cruthúnais aitheantais a nglactar leo ar an leathanach Do láthair vótála – An Coimisiún Toghcháin.
Cuóta
An líon vótaí a theastaíonn ó iarrthóir go hiondúil chun suíochán a bhuachan faoin gcóras PR-STV. Ríomhtar an cuóta tríd an vótáil iomlán bhailí a roinnt ar a 1 níos mó ná líon na suíochán atá ar fáil, agus ansin a 1 a chur leis.
Dáil Éireann
Seomra íochtarach an Oireachtais, ar dtugtar ‘an Dáil’ freisin. Bíonn feidhmeanna éagsúla ag ionadaithe tofa, ina measc díospóireacht agus vótáil ar shaincheisteanna agus billí a rith.
Dáileadh farasbairr
Dáileadh na vótaí i ndiaidh d’iarrthóir an cuóta a shárú agus a chomhlíonann na critéir le haghaidh dáileadh.
Daonáireamh
Comhaireamh oifigiúil ar dhaonra tíre. In Éirinn, déanann an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) an daonáireamh gach cúig bliana. Déantar athbhreithniú ar na toghcháin Dála agus Eorpacha i ndiaidh thorthaí gach daonáirimh.
Daonlathas
Sochaí ina dtugtar tús áite do chearta comhionanna, trialacha córa agus saoirse cainte agus ina rialaíonn na daoine iad féin. Is daonlathas ionadaíoch í Éire, is é sin toghaimid ionadaithe chun rialú ar ár son.
Dara rogha
An dara rogha a dhéanann vótálaí ar an bpáipéar ballóide, a mharcáiltear leis an uimhir ‘2’.
Díscaoileadh
Gníomh a dhéanamh Uachtarán na hÉireann (le tacaíocht an Taoisigh) chun deireadh a chur le téarma reatha na Dála ionas gur féidir olltoghchán a rith.
Éadaoirsiú
Is éard is éadaoirsiú ann nuair a bhronntar saoránacht Éireannach ar dhuine ó lasmuigh d’Éirinn nuair a chomhlíonann siad coinníollacha cónaithe áirithe.
Farasbarr
Vótaí breise iarrthóra i ndiaidh dóibh an cuóta a chomhlíonadh.
Feisire de Pharlaimint na hEorpa (MEP)
Polaiteoir tofa a dhéanann ionadaíocht ar a dtoghlach i bParlaimint na hEorpa. Toghfar 14 Fheisire le haghaidh trí thoghlach in Éirinn (an Lár Tíre-an tIarthuaisceart, an Deisceart agus Baile Átha Cliath) ar an 7 Meitheamh 2024.
Figiúirí an teailí
Torthaí neamhoifigiúla a ríomhann na hoibrithe teailí a bhreathnaíonn ar shórtáil na bpáipéar ballóide ag comhaireamh.
Fothoghchán
Toghchán a tharlaíonn nuair a éiríonn suíochán sa Dáil nó sa Seanad folamh i rith shaolré na Dála, go hiondúil mar go n-éiríonn an Teachta Dála nó an Seanadóir reatha as, go n-éiríonn siad neamhbhailí don suíochán ar chúis éigin, nó go bhfaigheann siad bás.
Gníomhaire Pearsanaíochta
Duine a fhreastalaíonn ar stáisiún vótála chun cabhrú le hoifigigh an toghcháin an cion toghcháin de phearsanaíocht a bhrath.
Gníomhaire Toghcháin
Ionadaí iarrthóra a ainmnítear go hoifigiúil.
Iarrthóir
Duine atá ag seasamh i dtoghchán.
Iarrthóir a cuireadh as an áireamh
Iarrthóir nach n-éiríonn leo i dtoghchán a ndéantar a vótaí a dháileadh/a aistriú (féach ar aistrithe) chuig na hiarrthóirí atá fágtha.
Iarrthóir neamh-pháirtí
Iarrthóir nach mbaineann le páirtí polaitíochta.
Institiúidí an Stáit
Is iad trí phríomhinstitiúidí an Stáit an feidhmeannas, an reachtas agus na breithiúna. Tá tuilleadh eolais faoi seo ar fáil ar: Bunreacht na hÉireann – An Coimisiún Toghcháin.
Ionad comhairimh
An láthair ina gcomhairtear an vótaí i ndiaidh na boscaí ballóide ar fad a iompar ó na stáisiúin vótála ar fad sa toghlimistéar.
Ionadaí tofa
Duine a dhéanann ionadaíocht ar cheantar ar leibhéal áitiúil (Comhairleoir), náisiúnta (Teachta Dála/TD) nó Eorpach (Feisire de Pharlaimint na hEorpa/MEP).
Ionadaíocht Chionmhar
Córas toghcháin ina mbíonn líon na suíochán a bhuann páirtí i gcomhréir a bheag nó a mhór leis an gcion den vóta a fuair iarrthóirí an pháirtí sin.
Lá an toghcháin
An lá a gcaitheann daoine vóta i dtoghchán. Féach ar Lá na Vótála freisin.
Lá na Vótála
An lá a gcaitheann daoine vóta in imeacht toghcháin; tugtar an Lá Vótaíochta air freisin.
Leabhar Reachtanna na hÉireann
An líon daoine a vótáil
Líon nó céatadán na vótálaithe ar fad a chaith vóta i dtoghchán ar leith.
Méara
Ceann tofa cathrach nó baile. Toghann Comhairleoirí Údaráis Áitiúil formhór na méaraí. Is é Luimneach an chéad áit a mbeidh méara dírthofa ann, is é sin go roghnófar an méara trí vóta mhuintir Luimnigh an 7 Meitheamh 2024.
Méara Dírthofa
Toghadh Méara trí vóta díreach an phobail. Caithfidh muintir Luimnigh vóta don chéad Mhéara dírthofa riamh in Éirinn ar an 7 Meitheamh 2024.
Moratóir ar chraoladh
Is tréimhse ama é an moratóir ar chraoladh – óna 2.00 i.n. an lá roimh lá na vótála go hiondúil – nuair nach gceadaítear do chraoltóirí raidió agus teilifíse aon eolas a thabhairt a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar an lucht vótála. Coimisiún na Meán a chuireann an moratóir i bhfeidhm.
Neamhspleách
TD, Seanadóir, Comhairleoir nó iarrthóir nach mbaineann le páirtí polaitíochta.
Oibrí teailí
Duine a fhreastalaíonn ar chomhaireamh na vótaí agus, trí bhreathnú ar an bpróiseas, a thugann faoi chomhaireamh neamhoifigiúil ar na páipéir bhallóide i rith an chomhairimh oifigiúil.
Oifigeach Ceannais
Bíonn Oifigigh Ceannais freagrach as oscailt, dúnadh agus reáchtáil a stáisiúin vótála i gcaitheamh an lae.
An tOireachtas
Parlaimint náisiúnta na hÉireann, a chuimsíonn an tUachtarán, Dáil Éireann agus Seanad Éireann.
Olltoghchán
Toghchán ina gcaitheann saoránaigh ar chlár na dtoghthóirí a vótaí chun Teachtaí Dála (TDanna) a thoghadh chun na Dála.
Ord tosaíochta
Córas vótála ina gcaitheann daoine vóta le haghaidh iarrthóirí in ord tosaíochta, ag cur 1 ar an bpáipéar ballóide in aice leis an iarrthóir is fearr leo, 2 don dara hiarrthóir is fearr leo, 3 don tríú hiarrthóir is fearr leo, agus mar sin de.
Ordú maidir leis an Lá Vótaíochta
Ordú a dhéanann an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, ina leagtar amach an t-am agus an dáta le haghaidh imeacht toghcháin.
Páipéar ballóide
An píosa páipéir a úsáidtear chun vóta a chaitheamh i dtoghchán. Bíonn treoracha air faoin gcaoi le vóta a chaitheamh, ainm agus seoladh na n-iarrthóirí, agus ainm agus suaitheantas an pháirtí a ndéanann siad ionadaíocht air más ábhartha.
Páipéir bhallóide neamh-inaistrithe
Páipéir bhallóide nach bhfuil aon rogha fágtha orthu lena haistriú.
Pearsanaíocht
Calaois vótálaí, nuair a ligeann duine orthu féin gur duine eile iad, ionas gur féidir leo vóta a chaitheamh níos mó ná uair amháin, nó vóta a chaitheamh i níos mó ná toghcheantar amháin nuair nach bhfuil siad cláraithe chun sin a dhéanamh.
Pobalbhreith
Vóta ag na vótálaithe ar fad ar thopaic nó ceist – i reifreann, mar shampla; nó vóta comhaltaí páirtí chun iarrthóir a roghnú.
Postvótáil
Vóta a chaitheamh sa phost roimh imeacht toghcháin. Chun a bheith incháilithe don phostvótáil, caithfidh tú critéir áirithe a chomhlíonadh agus bíonn spriocdhátaí ar leith i bhfeidhm chun clárú roimh imeacht toghcháin.
Vóta príomhrogha
An chéad rogha a dhéanann vótálaí ar an bpáipéar ballóide; tugtar an vóta céad-rogha air freisin.
PR-STV
Is córas vótála é PR-STV (Ionadaíocht Chionmhar trí aonvóta inaistrithe) ina mbíonn níos mó ná suíochán amháin ar fáil i dtoghcheantar. Caitheann duine vóta le haghaidh na n-iarrthóirí is fearr leo in ord tosaíochta, agus aistrítear aon vótaí nach n-úsáidtear don iarrthóir sin (mar shampla, má fuair siad dóthain vótaí le go dtoghfaí iad) chuig iarrthóirí eile sa toghcheantar go dtí go líontar gach suíochán.
Rannpháirtíocht phoiblí
Gníomh a úsáideann daoine chun leas a bhaint as saoirsí an daonlathais. Áirítear leis, i measc rudaí eile, ainm a chur le hachainí, dul i dteagmháil le comhairleoir áitiúil, vóta a chaitheamh, seasamh i dtoghchán, agus foghlaim faoi cheisteanna.
Reachtaíocht
Dlí, nó sraith dlíthe nó gníomh chun dlíthe a dhéanamh.
Reachtas
An tOireachtas, parlaimint náisiúnta na hÉireann, a chuimsíonn an tUachtarán, Dáil Éireann agus Seanad Éireann.
Réamhchlárú
Rogha do dhaoine atá 16 agus 17 mbliana d’aois chun ‘réamhchlárú’ le go gcuirfear ar chlár na dtoghthóirí iad nuair a bheidh 18 mbliana d’aois slánaithe acu. Toghthóirí a bheidh 18 mbliana d’aois ar nó roimh lá na vótála agus atá ar Chlár na dToghthóirí, féadfaidh siad vóta a chaitheamh má bhíonn siad incháilithe.
Reifreann
Vóta na dtoghthóirí, ar cheist amháin go hiondúil ar nós athrú ar an mBunreacht nó conradh Eorpach.
Saoránacht
Stádas dlíthiúil a bhronnann an Stát orthu siúd atá ina theideal, trína mbreith, a sinsir nó ‘éadaoirsiú’. Níl cead ach ag saoránaigh na hÉireann vóta a chaitheamh i reifrinn agus i dtoghcháin Uachtaránachta.
Scaradh na gcumhachtaí
Córas ina mbíonn feidhmeanna agus cumhachtaí ar leith ag trí bhrainse an rialtais – an feidhmeannas, an reachtas agus na breithiúna – chomh maith leis an gceart gníomhaíochtaí na mbrainsí eile a sheiceáil chun a chinntiú nach n-éiríonn aon bhrainse róchumhachtach.
Sealbhóir
Duine (m.sh. TD, Seanadóir, Comhairleoir) ag a bhfuil post nó atá i seilbh oifige faoi láthair.
Seanad Éireann
Seomra uachtarach an Oireachtais, ar dtugtar ‘an Seanad’ freisin.
Seanadóir
Comhalta de Sheanad Éireann.
SIPO
Tá sé de dhualgas ar an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (SIPO) maoirseacht a dhéanamh ar eitic ina measc siúd ag a bhfuil oifig phoiblí
Stáisiún vótála
An suíomh i bhfoirgneamh ina ndéantar vótáil i rith toghcháin; tugtar an stáisiún vótaíochta air freisin.
An Taoiseach
Ceann Rialtas na hÉireann.
TD
Teachta Dála; Comhalta Parlaiminte (den Seomra Íochtarach, is é sin an Dáil).
Teimpléad páipéir ballóide
Is gléas plaisteach trédhearcach é seo a leagtar ar bharr an pháipéir ballóide. Bíonn cló ardaithe agus braille ar an teimpléad, ionas gur féidir le daoine a bhfuil lagú radhairc orthu vótáil go neamhspleách.
Teorainn toghcheantair
An teorainn idir toghcheantar amháin agus ceann eile.
Tithe an Oireachtais
Parlaimint náisiúnta na hÉireann, a chuimsíonn an tUachtarán, Dáil Éireann agus Seanad Éireann. Féach freisin ar ‘An tOireachtas’.
Toghchán
Próiseas foirmiúil na vótála chun ionadaithe a thoghadh ar leibhéal áitiúil, náisiúnta, Eorpach nó Uachtaránachta.
Toghcháin áitiúla
Bíonn toghcháin ar siúl gach cúig bliana chun comhairleoirí a thoghadh chun ionadaíocht a dhéanamh orthu sna húdaráis áitiúla. Toghtar 949 Comhairleoir ar 166 Toghlimistéar Áitiúil i 31 Údarás Áitiúil.
Toghchán Eorpach
Toghadh Feisirí de Pharlaimint na hEorpa ag saoránaigh an Aontais Eorpaigh; bíonn na toghcháin sin ar siúl gach cúig bliana
Toghcheantar
Ceantar sonrach ina dtoghann na vótálaithe a chónaíonn ansin na hionadaithe polaitiúla. Tugtar Dáilcheantar ar an toghcheantar do Dháil Éireann. Tugtar Toghlach ar an toghcheantar do Pharlaimint na hEorpa
Toghcheantar aon suíochán amháin
Toghcheantar ina dtoghtar duine amháin. Samplaí de sin iad toghcháin an Uachtaráin agus toghcháin le haghaidh Méaraí dírthofa.
Toghcheantair ilsuíochán
Toghcheantair inar féidir níos mó ná iarrthóir amháin a thoghadh. Samplaí iad Dáilcheantair na Dála agus toghlaigh Pharlaimint na hEorpa a thoghann 3–5 iarrthóir, agus toghlimistéir áitiúla ina dtoghtar 3-7 n-iarrthóir.
Toghlimistéar Áitiúil
Is toghlimistéar (nó toghcheantar) é an toghlimistéar áitiúil chun 949 Comhairleoir a thoghadh ar 31 údarás áitiúil. Tá 166 toghlimistéar áitiúil sa tír.
Toghthóir
Duine ag a bhfuil an ceart chun vóta a chaitheamh i dtoghchán agus atá cláraithe le vóta a chaitheamh.
Toghlacht
Na toghthóirí; gach duine ag a bhfuil an ceart chun vóta a chaitheamh i dtoghchán agus atá cláraithe le vóta a chaitheamh.
Toghthóirí anaithnide
Vótálaithe a mbeadh a sábháilteacht i mbaol dá bhfoilseofaí a n-ainm agus a seoladh ar chlár na dtoghthóirí. Caithfidh tú foirm PV7 a úsáid chun iarratas a dhéanamh ar bheith i do thoghthóir anaithnid.
An tUachtarán
Ceann Stát na hÉireann, a shíníonn reachtaíocht ina dlí.
Údarás áitiúil
Údaráis áitiúla/rialtas áitiúil atá freagrach as seirbhísí ar nós tithíochta, pleanála, bóithre, soláthar uisce agus saoráidí áineasa i gcathair agus i gcontae araon.
Vóta millte
Vóta a mheastar atá neamhbhailí agus nach gcomhairfear. D’fhéadfaí a mheas go bhfuil vótaí millte mar gheall ar scríbhneoireacht ar an bpáipéar ballóide; murar marcáladh aon chéad rogha d’iarrthóir go soiléir; nó murar stampáil an tOifigeach Ceannais nó Cléireach Vótaíochta an páipéar ballóide.
Vóta neamhbhailí
Féach ar Vóta millte freisin. D’fhéadfaí a mheas go bhfuil vótaí millte mar gheall ar scríbhneoireacht ar an bpáipéar ballóide; murar marcáladh aon chéad rogha d’iarrthóir go soiléir; nó murar stampáil an tOifigeach Ceannais nó Cléireach Vótaíochta an páipéar ballóide.
Vóta a Chaitheamh / Vótáil
An gníomh a bhaineann le rogha a chur in iúl faoi thoradh nó iarrthóir(í) i reifreann nó toghchán.
Vótáil compánaigh
Má tá lagú radhairc ort, má tá tú faoi mhíchumas nó má tá deacracht litearthachta agat nach ligeann duit vóta a chaitheamh gan chúnamh, is féidir leat compánach a thabhairt leat chun an páipéar ballóide a mharcáil duit. Ní mór don chompánach a bheith 16 bliana d’aois ar a laghad, agus ní fhéadfaidh gníomhaire toghcháin ná gníomhaire iarrthóra feidhmiú mar chompánach. Níl cead ag an duine sin cabhrú le níos mó ná beirt in aghaidh an toghcháin nó an reifrinn.
Vótáil tosaíochta
Córas vótála ina gcaitheann daoine vóta le haghaidh iarrthóirí in ord tosaíochta, ag cur 1 ar an bpáipéar ballóide in aice leis an iarrthóir is fearr leo, 2 don dara hiarrthóir is fearr leo, 3 don tríú hiarrthóir is fearr leo, agus mar sin de.
Vótálaí
Duine atá i dteideal vóta a chaitheamh agus a dhéanann amhlaidh. Caithfidh vótálaí a bheith os cionn 18 mbliana d’aois agus caithfidh a n-ainm a bheith ar Chlár na dToghthóirí.
Vótálaí speisialta
Is duine a chónaíonn in ospidéal nó i dteach altranais an vótálaí speisialta atá in ann vóta a chaitheamh sa suíomh sin má chláraigh siad mar vótálaí speisialta.
Voter.ie
An suíomh gréasáin do dhaoine ó na ceithre údarás áitiúla i mBaile Átha Cliath chun a sonraí clárúcháin a chlárú agus a thabhairt cothrom le dáta.