Skip to main content
Decorative image of votes being counted

Is é do vóta do ghuth

Seanad Éireann

Is é an Seanad seomra uachtarach an Oireachtais, agus is í an Dáil an seomra íochtarach. Tugtar Seanadóirí ar chomhaltaí an tSeanaid.

Feidhmeanna Sheanad Éireann

Is é príomhfheidhm an tSeanaid díospóireacht a dhéanamh ar reachtaíocht a mholann an Rialtas. Féadfaidh an Seanad leasú a dhéanamh ar Bhille a rith an Dáil agus moill a chur lena rith mar dhlí, ach ní féidir leis stop a chur leis. Féadfaidh Seanadóirí a mBillí féin a thabhairt isteach freisin, a ndéantar díospóireacht orthu sa Seanad agus, má ritear iad, a ndéantar díospóireacht orthu sa Dáil ansin. Is é ról an tSeanaid, i ndeireadh na dála, an próiseas reachtóireachta a fheabhsú. Cé nach bhfuil aon fhreagracht bhunreachtúil ar an Rialtas i dtaobh Sheanad Éireann, freastalaíonn Aire nó Aire Stáit ar an Seanad nuair atá sé ag plé le Billí nó i mbun díospóireacht ar bheartas Rialtais.

Comhdhéanamh Sheanad Éireann

Bíonn 60 comhalta sa Seanad. Murab ionann is an Dáil, ní thoghtar comhaltaí an tSeanaid go díreach. I gcás an 60 Seanadóir: • Ainmníonn an Taoiseach 11 Seanadóir; • Toghtar 43 Seanadóir ó rollaí gairme; • Toghtar seisear Seanadóirí ó rollaí ollscoile. Caithfear toghcháin an tSeanaid a reáchtáil laistigh de 90 lá den Dáil a lánscor. Dá bhrí sin, beidh an Dáil nua tagtha le chéile sula ritear toghcháin an tSeanaid.

Caithfear toghcháin an tSeanaid a reáchtáil laistigh de 90 lá den Dáil a lánscor. Dá bhrí sin, beidh an Dáil nua tagtha le chéile sula ritear toghcháin an tSeanaid.

Cé atá in ann a bheith ina Seanadóir?

Le bheith i do Sheanadóir, caithfidh tú a bheith:

  • I do shaoránach Éireannach
  • Os cionn 21 bliain d’aois

  Ní fhéadfaidh tú a bheith:

  • Ag cur pianbhreith os cionn sé mhí isteach;
  • I do dhuine mímheabhrach;
  • I do Bhreitheamh;
  • I d’oifigeach sinsearach den Aontas Eorpach;
  • I do státseirbhíseach;
  • I do chomhalta den Gharda Síochána nó i do chomhalta lánaimseartha d’Óglaigh na hÉireann.

Rollaí gairme

Bíonn na rollaí gairme freagrach as 43 den 60 Seanadóir a thoghadh. Pléitear é sin in Airteagal 18 den Bhunreacht. Is iad na cúig rolla dhifriúla:

  • An rolla saíochta agus oideachais (5);
  • An rolla talmhaíochta (11);
  • An rolla oibreachais (11);
  • An rolla tionscail agus tráchtála (9);
  • An rolla riaracháin (7).

Tá téama difriúil ag baint le gach rolla. Éilítear ar na hiarrthóirí leibhéal áirithe saineolais agus taithí a bheith acu a bhaineann lena rolla. Toghfaidh gach rolla idir 5 agus 11 chomhalta, agus ní cheadaítear d’iarrthóirí ach seasamh i dtoghchán rolla amháin.

Is iad seo a leanas an toghlacht do gach rolla gairme: • Comhaltaí na Dála nuathofa; • Comhaltaí an tSeanaid atá ag dul as oifig; • Comhaltaí na gcomhairlí contae agus cathrach.

Comhlachtaí ainmniúcháin

Coinníonn ceann comhairimh an tSeanaid liosta de na comhlachtaí ainmniúcháin le haghaidh na gcúig rolla. Is eagraíocht é an comhlacht ainmniúcháin a bhfuil a chuid oibre nó a chomhaltaí ábhartha do rolla. Ní fhéadfaidh eagraíochtaí clárú ach ar rolla amháin.

Cén chaoi a n-ainmnítear iarrthóirí ar rolla gairme?

Féadfaidh ceathrar comhaltaí den Oireachtas nó comhlacht ainmniúcháin iarrthóirí a ainmniú. Toghann gach rolla líon íosta iarrthóirí ó iarrthóirí a d’ainmnigh comhaltaí Oireachtais agus comhlachtaí ainmniúcháin. Mar shampla, toghann an rolla saíochta agus oideachais cúigear ionadaithe. Caithfear beirt ionadaithe ar a laghad a thoghadh ó iarrthóirí a ainmníonn comhaltaí Oireachtais agus beirt ó chomhlachtaí ainmniúcháin.

.

Rollaí ollscoile

Bíonn seisear Seanadóirí ar na rollaí ollscoile a thoghann céimithe ollscoileanna áirithe. Tá dhá rolla ollscoile ar leith ann:

  • • Céimithe Ollscoil Bhaile Átha Cliath (Coláiste na Tríonóide);
  • • Céimithe Ollscoil na hÉireann.

Toghann gach rolla triúr Seanadóirí.

Tá an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCD), Coláiste na hOllscoile Corcaigh (UCC), Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (OÉG) agus Ollscoil Mhá Nuad ar rolla Ollscoil na hÉireann.

An córas toghcháin

Reáchtáiltear toghcháin an tSeanaid trí phostvótáil agus baintear leas as Ionadaíocht Chionmhar – Aonvóta Inaistrithe (PR-STV). Tá sé sin cosúil leis an toghcháin uile eile in Éirinn.

Incháilitheacht chun vóta a chaitheamh ar rolla Ollscoile

Chun bheith i dteideal vóta a chaitheamh i dtoghchán an tSeanaid caithfidh tú a bheith i do shaoránach Éireannach, 18 mbliana d’aois ar a laghad agus caithfidh go bhfuair tú céim, seachas céim oinigh, ó cheann de na hOllscoileanna thuasluaite. Ní gá duit a bheith i do chónaí in Éirinn chun a bheith cláraithe le vóta a chaitheamh ar rolla ollscoile an tSeanaid.

Incháilitheacht chun seasamh mar iarrthóir

Chun seasamh i dtoghchán ar cheann den dá rolla ollscoile, caithfidh beirt toghthóirí chláraithe le haghaidh ollscoile thú a ainmniú, agus caithfidh ochtar toghthóirí cláraithe eile aontú le d’ainmniúchán.

Ní gá duit a bheith i do chéimí ná nasc a bheith agat leis an ollscoil, ach caithfidh tú na gnáthchritéir incháilitheachta thuasluaite a chomhlíonadh le bheith i do Sheanadóir.

Eolas ilteangach faoi vótáil

Féach ar eolas ilteangach faoi vóta a chaitheamh i dtoghcháin in Éirinn.