Céard a theastaíonn chun vóta a chaitheamh?
Tabhair leat foirm bhailí de chruthúnas aitheantais chuig do stáisiún vótála ainmnithe agus má tá tú ar an gclár, beidh tú in ann vóta a chaitheamh.
Ní gá duit do chárta faisnéise vótaíochta a thabhairt leat chun vóta a chaitheamh, ach caithfidh tú cruthúnas bailí aitheantais a thabhairt leat. Is féidir leat d’aitheantas a chruthú le ceann ar bith de na cáipéisí aitheantais seo:
- pas;
- ceadúnas tiomána;
- cárta aitheantais oibre ar a bhfuil grianghraf;
- cárta aitheantais scoláire a d’eisigh institiúid oideachais agus ar a bhfuil grianghraf;
- cáipéis taistil ar a bhfuil ainm agus grianghraf;
- leabhar Bainc, Coigiltis Nó Comhair Creidmheasa ar a bhfuil do sheoladh sa toghcheantar;
- Cárta Seirbhísí Poiblí.
nó ceann díobh seo a leanas i dteannta cáipéis eile ina léirítear seoladh an tsealbhóra sa toghcheantar:
- leabhar seiceanna;
- cárta seiceanna;
- cárta dochair;
- cárta creidmheasa;
- deimhniú breithe;
- deimhniú pósta
Nuair atá vóta á chaitheamh agat sna toghcháin seo, caithfidh tú a bheith aireach agus a chinntiú go líontar do bhallóid i gceart ionas go gcomhairfear do vóta. Tá tuilleadh eolais ar ár leathanach faoi vóta a chaitheamh.
Cá bhfaighidh mé sonraí mo stáisiúin vótála?
Nuair atá tú cláraithe le vóta a chaitheamh, agus má chomhlíonann tú na critéir incháilitheachta chun vótáil i dtoghcháin na hÉireann, seolfar cárta faisnéise vótaíochta chuig do sheoladh baile cláraithe roimh lá na vótála.
Is minic a úsáidtear scoileanna áitiúla nó foirgnimh pobail atá gar do do sheoladh cláraithe mar stáisiúin vótála.
Mura bhfaighidh tú cárta faisnéise vótaíochta, ní fhágann sin nach féidir leat vóta a chaitheamh. Féadfaidh tú www.checktheregister.ie a úsáid nó is féidir leat glaoch a chur ar d’údarás áitiúil chun seiceáil an bhfuil tú ar an gclár, agus cá bhfuil do stáisiún vótála.
Ní féidir leat vóta a chaitheamh ach i do stáisiún vótála ainmnithe.
Beidh an méid seo a leanas ar an gcárta faisnéise vótaíochta: d’uimhir thoghthóra, ainm an stáisiúin vótála ina gcaithfidh tú vóta, ráiteas foirmiúil ina míneofar cén toghchán nó reifreann ina gcaithfidh tú vóta; agus am oscailte agus am dúnta do stáisiúin vótála.
Nuair atá vóta á chaitheamh agat sna toghcháin seo, caithfidh tú a bheith aireach agus a chinntiú go líontar do bhallóid i gceart ionas go gcomhairfear do vóta. Tá tuilleadh eolais ar ár leathanach faoi vóta a chaitheamh.