Téarmaí agus Coinníollacha
Téarmaí agus Coinníollacha le haghaidh aighneachtaí don chomhairliúchán poiblí le haghaidh Straitéis Oideachais agus Rannpháirtíocht an Phobail de chuid an Choimisiúin Toghcháin.
- Ní ghlacfar le hiarratais gan ainm.
- D’fhéadfaí na haighneachtaí bailí ar fad a thoilíonn dó a fhoilsiú ar www.electoralcommission.ie leis na hainmneacha iomlána (céadainm, sloinne agus ainm na heagraíochta, más ábhartha).
- D’fhéadfaí eolas pearsanta, ainmneacha ina measc, a bhaint amach má iarrtar sin nó má éilítear é faoin reachtaíocht ábhartha.
- Baileofar sonraí teagmhála, seoladh ríomhphoist ina measc, chun aighneachtaí a dheimhniú. Ní fhoilseofar na sonraí sin.
- I gcás aighneachtaí a mheastar atá maslach, míchuí nó nach bhfuil ábhartha d’obair an Choimisiúin Toghcháin, d’fhéadfaí a mheas go bhfuil siad neamhbhailí.
- D’fhéadfaí ábhar ó na haighneachtaí a lua nó sleachta athfhriotail uathu a thabhairt i dtuarascálacha agus i gcáipéisí straitéise a chuirfidh an Coimisiún Toghcháin i dtoll a chéile.
- Fáiltítear roimh aighneachtaí ó dhaoine atá faoi bhun 18 mbliana d’aois agus caithfear leo de réir na bhforálacha ábhartha um chosaint sonraí.
- Teastóidh toiliú cuí tuismitheora le haghaidh aighneachtaí ó dhaoine atá faoi bhun 16 bliana d’aois le haghaidh próiseáil agus foilsiú sonraí.
- I gcás aighneachtaí a fhaightear trí scoileanna a raibh baint ag scoláirí leo, glacann an scoil freagracht as toiliú tuismitheora a fháil le haghaidh daoine atá faoi bhun 16 bliana d’aois le haghaidh próiseáil agus foilsiú sonraí.
- Coinneoidh an Coimisiún Toghcháin aighneachtaí ar feadh bliain amháin agus scriosfar iad ina dhiaidh sin.
- Féadfaidh an t-ábhar sonraí a dtoiliú chun na sonraí lena mbaineann a phróiseáil agus a fhoilsiú a tharraingt siar (má tá siad os cionn 16 bliana d’aois) nó féadfaidh tuismitheoir an toiliú a tharraingt siar (má tá an t-ábhar sonraí faoi bhun 16 bliana d’aois) ar an mbealach seo a leanas [m.sh. trí dhul i dteagmháil le hOifigeach Cosanta Sonraí an Choimisiúin Toghcháin]
- Beidh athbhreithniú na n-aighneachtaí faoi réir breithnithe dlíthiúla, ina measc:
- an tAcht um Chlúmhilleadh, 2009.