Straitéis Oideachais agus Rannpháirtíocht an Phobail
Forléargas
Tá Éire ar cheann de na daonlathais leanúnacha is sine ar domhan. Mar náisiún, táimid i mbun daonlathas rannpháirtíoch le breis agus céad bliain. Leis an stair fhada sin de dhaoine in Éirinn ag vótáil i dtoghcháin agus i reifrinn, tugtar deis do gach duine atá ina theideal a rogha a chur in iúl in olltoghcháin, toghcháin áitiúla agus toghcháin Eorpacha, pobalbhreitheanna agus reifrinn. Agus sna himeachtaí sin, bíonn guth gach duine ar comhchéim. Sin é bua mór an daonlathais. Bíonn gach vóta a chaitear ar comhchéim.
Ach ní féidir linn talamh slán a dhéanamh de sin, ná a cheapadh go mbeidh ár rannpháirtíocht dhaonlathach amach anseo mar a bhí roimhe seo i gcónaí. Ar cheann de na feidhmeanna is tábhachtaí agus is dúshlánaí atá ag an gCoimisiún Toghcháin tá rannpháirteachas daonlathach a spreagadh sa léiriú is bunúsaí de, vóta a chaitheamh sa bhothán vótála.
Tá ár gcuid spriocanna simplí:
- ba cheart go mbeadh gach duine atá incháilithe le vóta a chaitheamh ar chlár na dtoghthóirí;
- ba cheart go dtuigfeadh daoine an chaoi le vóta a chaitheamh agus an chaoi a n-oibríonn a vóta; agus
- ba cheart do gach duine ar an gclár vóta a chaitheamh i ngach imeacht toghcháin.
Bhí níos mó imeachtaí toghcháin in 2024 ná bliain ar bith eile ó bunaíodh an stát. Caitheadh gar do 9 milliún vóta sa tír seo. Ach ba léir nach raibh an leibhéal rannpháirtíochta chomh hard agus ba mhaith linn. Tá go leor cúiseanna féideartha leis sin, agus ní féidir an rogha a dhéanann gach duine ar leith clárú nó gan clárú, vótáil nó gan vótáil, a thuiscint ná a mhíniú. Tá fianaise ar fáil go hidirnáisiúnta go bhfuil laghdú ginearálta ar rannpháirtíocht na vótálaithe in go leor tíortha agus tá roinnt fianaise ar threochtaí dá leithéid in Éirinn freisin.
Tá an Coimisiún Toghcháin, coimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann, ag ullmhú Straitéise chun iarracht a dhéanamh daoine a spreagadh le bheith níos rannpháirtí inár bpróiseas daonlathais. Ba mhaith linn cur leis an obair atá ar bun cheana féin. Ba mhaith linn oideachas agus eolas a chur ar fáil faoi phróisis toghcháin agus dhaonlathacha na hÉireann. Ba mhaith linn go ndéarfadh daoine linn céard a cheapann siadsan ba cheart a tharlú. Agus ba mhaith linn go n-inseodh daoine nach gcaitheann vóta linn cén fáth nach gcaitheann siad vóta.
Ba mhaith linn go n-úsáidfeadh daoine ó gach cuid den tsochaí, ó gach aicme agus cúlra in Éirinn a nguth agus vóta a chaitheamh i dtoghcháin agus reifrinn.
Níl aon amhras orainn ach go mbeidh sé seo ar cheann de na ceisteanna is dúshlánaí agus is casta a bheidh le sárú ag an gCoimisiún. Cé go n-admhaímid go bhféadfadh an dul chun cinn a bheith mall, is dúshlán é seo a chuireamar romhainn féin agus a dteastaíonn cúnamh uainn uait ina leith.
Cúnamh uaitse
Is cuma má chaith tú vóta i ngach toghchán nó nár chaith tú vóta riamh cheana, ba mhaith linn cloisteáil uaitse.
An bhfuil smaoineamh iontach nó simplí agat faoin gcaoi a bhféadfaimis cabhrú le daoine a bheith níos rannpháirtí inár gcóras daonlathach?
Ba mhaith linn cloisteáil uait. Daoine aonair, grúpaí, eagraíochtaí, daoine i seomraí ranga, idir óg agus aosta agus gach duine idir eatarthu.
Gníomh seo againne:
Is fúinne atá sé, le cúnamh uaitse, tús a chur le straitéis fhadtéarmach chun iarracht a dhéanamh aghaidh a thabhairt ar na ceisteanna a shainaithníomar i gceithre réimse tosaigh chun ár n-iarrachtaí a threorú:
Oideachas foirmiúil
Tá sé d’aidhm againn cabhrú le scoláirí a dhéanamh rannpháirteach sna próisis dhaonlathacha agus é d’aidhm leis sin iad a spreagadh le clárú agus tosú ag vótáil a luaithe a bhíonn 18 mbliana slánaithe acu.
Oideachas aosach agus pobail
Tá na mílte daoine ar fud na hÉireann páirteach i ngrúpaí spleodracha oideachais aosach agus pobail. Creideann an Coimisiún go bhféadfaí iad siúd a úsáid mar bhealaí tábhachtacha chun dul i gcion ar go leor de na daoine nach bhfuil sé de nós acu a bheith páirteach i ngníomhaíocht dhaonlathach.
Grúpaí a mbíonn constaicí sa bhealach orthu
Tá go leor daoine agus grúpaí sa tsochaí a mhothaíonn go bhfuil siad scoite amach ón gcóras toghcháin. Bhuaileamar le grúpaí éagsúla, ina measc daoine atá faoi mhíchumas, imircigh, an Lucht Siúil, iad siúd a chónaíonn i ndíothacht shóisialta, iad siúd atá i gceantair iargúlta faoin tuath, iad siúd atá gan dídean, agus daoine óga. Teastaíonn ón gCoimisiún cabhrú le rannpháirteachas daonlathach na ngrúpaí sin trí chabhrú le plé a spreagadh, constaicí a bhaint agus rochtain ar eolas a sholáthar.
Rannpháirtíocht an phobail náisiúnta
Is cuid dár ndaonlathas gach duine in Éirinn. Teastaíonn uainn a chinntiú go nascaimid le raon chomh leathan den tsochaí agus is féidir, ach ag féachaint ar thionscadail agus ar thionscnaimh náisiúnta chun rannpháirtíocht toghcháin ar fud na sochaí a spreagadh agus a mhéadú.
Meithleacha
Chun tacú leis an obair sin, beidh meithleacha ag an gCoimisiún de dhaoine ar saineolaithe iad ina réimse féin. Ina measc siúd, tá daoine/eagraíochtaí a oibríonn nó a dhéanann taighde sa réimse sin a mbeimid in ann tairbhe a bhaint as a saineolas agus a dtaithí chun straitéis ag a mbeidh tionchar buan a chur i dtoll a chéile.
Céard a tharlaíonn?
Déanfaidh an Coimisiún agus an mheitheal/na meithleacha ábhartha d’aighneacht a mheas ina hiomláine.
Cabhróidh na meithleacha sin linn dréachtphlean gníomhaíochta a fhorbairt ansin. Beidh ar ár bplean a bheith uaillmhianach mar go bhfuil an dúshlán mór millteach, ach beidh ár gcuspóirí réalaíoch agus indéanta, agus cuirfear i bhfeidhm iad le tacaíocht ó go leor eagraíochtaí agus grúpaí.
Déanfar comhairliúchán ar an dréachtphlean gníomhaíochta sin freisin ionas go mbeimid in ann do thuairimí a chloisteáil faoina bhfuil beartaithe againn. I ndiaidh an dara babhta comhairliúcháin sin, foilseofar straitéis fhadtéarmach ina mbeidh gníomhartha agus spriocanna inghnóthaithe soiléire. Is ansin a thosóidh an obair i gceart.