Cuirtear Éire ag Vótáil
10 Feabhra 2025 – An bhfuil smaoineamh iontach nó simplí agat le daoine a spreagadh le bheith níos rannpháirtí i gcóras daonlathach na hÉireann? Má tá smaointe agatsa, nó ag d’eagraíocht, ba mhaith leis an gCoimisiún Toghcháin, coimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann, iad a chloisteáil.
Sheol an Coimisiún Toghcháin comhairliúchán poiblí inniu chun an chaoi a gcuirtear oideachas ar dhaoine agus a bhfaigheann siad eolas amach anseo ar phróisis toghcháin agus dhaonlathacha na hÉireann a mhúnlú
Is féidir aighneacht a dhéanamh trí shuíomh gréasáin an Choimisiúin (www.electoralcommission.ie/ga/comhairliuchan) nó sa phost.
Tá an Coimisiún ag cur Straitéis Oideachais agus Rannpháirtíocht an Phobail i dtoll a chéile den chéad uair riamh d’Éirinn, agus béim faoi leith ar dhaoine a dhéanamh rannpháirteach inár bpróisis dhaonlathacha. Shainaithin sé ceithre réimse tosaigh a mbeifear ag díriú orthu:
Oideachas foirmiúil – scoláirí a dhéanamh rannpháirteach sna próisis dhaonlathacha agus é d’aidhm leis sin iad a spreagadh le clárú agus tosú ag vótáil a luaithe a bhíonn 18 mbliana slánaithe acu.
Oideachas Aosach agus Pobail – dul i gcion ar an ngrúpa foghlaimeoirí seo atá spleodrach, díocasach agus scaipthe ar fud na tíre.
Grúpaí a mbíonn constaicí sa bhealach orthu – cabhrú le rannpháirteachas daonlathach na ngrúpaí sin trí chabhrú le plé a spreagadh, constaicí a bhaint agus rochtain ar eolas a sholáthar.
Rannpháirtíocht an Phobail Náisiúnta – nascadh le raon chomh leathan den tsochaí agus is féidir, ach ag féachaint ar thionscadail agus ar thionscnaimh náisiúnta chun rannpháirtíocht toghcháin ar fud na sochaí a spreagadh agus a mhéadú.
Dúirt Art O’Leary, Príomhfheidhmeannach an Choimisiúin Toghcháin:
“Tá ár gcuid cuspóirí simplí, ach dúshlánach – ba cheart go mbeadh gach duine atá incháilithe le vóta a chaitheamh ar chlár na dtoghthóirí, ba cheart go mbeadh a fhios ag gach duine an chaoi le vóta a chaitheamh agus an chaoi a n-oibríonn a vóta, agus ba cheart do gach duine ar an gclár vóta a chaitheamh lá an toghcháin.
“Tá guth ar leith ag gach duine againn inár ndaonlathas, agus tá sé tábhachtach mar sin a chinntiú go n-úsáidimid é aon uair a bhíonn deis againn. Táimid ag iarraidh cloisteáil uait, is cuma má tú óg nó aosta, murar chaith tú vóta riamh cheana nó má chaitheann tú vóta i ngach toghchán – abair amach é!
“Cabhróidh an méid a chuireann tú lenár Straitéis Oideachais linn daoine a spreagadh le páirt níos mó a ghlacadh inár ndaonlathas. Ba mhaith linn cur leis an obair mhaith atá ar bun cheana féin, agus rochtain éasca a thabhairt ar oideachas agus eolas ionas go n-aireoidh gach duine go bhfuil áit acu inár gcóras toghcháin.”
Beidh an comhairliúchán ar bun go dtí Dé Luain, 24 Márta.
CRÍOCH
Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil le:
Brian Dawson, Bainisteoir Cumarsáide agus Rannpháirteachas an Phobail,
An Coimisiún Toghcháin,
Brian.dawson@electoralcommission.ie / 086 0749344
Nóta d’Eagarthóirí:
Is féidir aighneachtaí a dhéanamh don chomhairliúchán ar Straitéis Oideachais agus Rannpháirtíocht an Phobail go dtí an spriocdháta, Dé Luain, 24 Márta ar na naisc seo a leanas:
- Béarla – electoralcommission.ie/consultation
- Gaeilge – electoralcommission.ie/ga/comhairliuchan/
Nó sa phost chuig: Straitéis Oideachais, An Coimisiún Toghcháin, Caisleán Bhaile Átha Cliath, Baile Átha Cliath 2, D02X8X8
Ar mhaithe le hinrochtaineacht agus chun tacú leis an raon guthanna is leithne is féidir, is féidir aighneachtaí ar líne a dhéanamh i scríbhinn, ar fhíseán nó mar aighneacht fuaime.
An Coimisiún Toghcháin
Is comhlacht reachtúil neamhspleách é an Coimisiún Toghcháin a bunaíodh an 9 Feabhra 2023 ag a bhfuil freagracht as raon leathan d’fheidhmeanna toghcháin a leagtar amach san Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022. Tá an Coimisiún lárnach do chóras toghcháin na hÉireann, agus tugann sé faoi raon feidhmeanna toghcháin atá ann cheana féin, ina measc:
- feasacht an phobail ar phróisis toghcháin agus dhaonlathacha an Stáit a chur chun cinn, agus oibriú chun rannpháirtíocht an phobail iontu a mhéadú, trí chláir oideachais agus eolais;
- freagracht as páirtithe polaitíochta a chlárú;
- maoirseacht a dhéanamh ar an gClár Toghcháin nuachóirithe, moltaí a dhéanamh agus caighdeáin a leagan síos maidir lena choimeád agus lena nuashonrú;
- fógraíocht pholaitiúil ar líne a n-íoctar aisti a rialú, ag cinntiú trédhearcachta maidir le fógraí polaitiúla ar líne i rith tréimhse feachtais toghcháin nó reifrinn; (Níor cuireadh tús leis an reachtaíocht go fóill); agus
- freagracht as imscrúdú agus monatóireacht ar bhréagaisnéis ar líne, mífhaisnéis ar líne agus iompraíocht ionramhálach nó bhréagach ar líne i rith tréimhsí feachtais toghcháin, chomh maith le feidhmeanna chun iompraíocht ionramhálach nó bhréagach ar líne a sheachaint; (Níor cuireadh tús leis an reachtaíocht go fóill).
Leagtar cúraimí ar an gCoimisiún freisin i dtaobh róil nua toghcháin éagsúla, ina measc:
- tuarascálacha a chur i dtoll a chéile don Aire maidir le teorainneacha toghcháin áitiúil;
- cláir taighde a ullmhú agus taighde a dhéanamh ar bheartas agus nós imeachta toghcháin, agus comhairle a thabhairt, de réir mar is gá, don Aire agus don Rialtas;
- tuarascálacha ex post a ullmhú ar riar imeachtaí toghcháin;
- na seirbhísí cinnteoireachta, maoirseachta, rúnaíochta agus tacaíochta a bhaineann le hábhar na dtograí reifrinn a mhíniú, cur chun cinn fheasacht an phobail ar reifrinn agus spreagadh na dtoghthóirí chun vóta a chaitheamh ar reifrinn; agus
- tabhairt faoi athbhreithnithe agus tuarascálacha a chur i dtoll a chéile faoi thoghcheantair le haghaidh comhaltaí a thoghadh don Dáil agus comhaltaí a thoghadh do Pharlaimint na hEorpa.
Meastar go leathnófar an tsraith feidhmeanna a leagadh ar an gCoimisiún ar dtús de réir mar a fhorbraíonn sé a chuid acmhainní agus saineolais.