Incháilitheacht vótálaithe
Chun vóta a chaitheamh i dtoghchán ar bith, caithfidh tú a bheith incháilithe le vótáil.
Caithfidh tú a bheith:
- 18 mbliana d’aois nó níos sine ar lá na vótála
- I do chónaí in Éirinn
- Cláraithe le vóta a chaitheamh
Fiú má tá tú incháilithe le vótáil, ní féidir leat vóta a chaitheamh mura bhfuil tú cláraithe ar Chlár na dToghthóirí.
Cé atá in ann vótáil in olltoghchán?
Is féidir leat vóta a chaitheamh in olltoghchán:
- Os cionn 18 mbliana d’aois; agus
- I do shaoránach Éireannach nó Briotanach agus I do chónaí in Éirinn; agus
- Ar liosta Chlár na dToghthóirí.
Cé atá in ann vóta a chaitheamh i dtoghchán áitiúil?
Tá aon duine a bhfuil gnáthchónaí orthu sa Stát i dteideal clárú ar Chlár na dToghthóirí. Ní gá duit a bheith i do Shaoránach Éireannach chun vóta a chaitheamh i dtoghchán áitiúil.
Chun vóta a chaitheamh i dtoghchán áitiúil, caithfidh tú a bheith:
- Os cionn 18 mbliana d’aois
- I do chónaí sa toghlimistéar áitiúil
- Ar liosta Chlár na dToghthóirí
Cé atá in ann vótáil i dtoghchán Pharlaimint na hEorpa?
Is féidir le gach saoránach Éireannach atá os cionn 18 mbliana d’aois vóta a chaitheamh i dtoghchán na hEorpa. Más saoránach Éireannach thú, ach tá tú i do chónaí i dtír eile an AE, is féidir leat do vóta a chaitheamh sa tír sin.
Más as ballstát eile den Aontas Eorpach thú, ach tá tú i do chónaí in Éirinn, is féidir leat do vóta a chaitheamh i dtoghchán na hEorpa anseo in Éirinn. Chun é sin a dhéanamh, ní mór do d’ainm a bheith ar chlár na dtoghthóirí.
Más saoránach an AE thú, ach níl tú cláraithe chun vóta a chaitheamh ag toghchán na hEorpa roimhe seo in Éirinn, ní mór duit iarratas a chur isteach ar chlárú agus foirm dhearbhúcháin reachtúil, EP1 (ar fáil ó d’údarás áitiúil) a chur i gcrích. Seoltar na dearbhúcháin reachtúla chuig do Bhallstát baile chun vótáil dhúblach a sheachaint.
Ní féidir leat vóta a chaitheamh i dtoghchán na hEorpa i níos mó ná toghcheantar ná tír amháin.
Cé hiad na daoine ar féidir leo vótáil i reifreann?
Is féidir vóta a chaitheamh i reifreann má tá tú:
- • I do shaoránach Éireannach
- Ar Chlár na dToghthóirí, ar Liosta na bPostvótálaithe nó ar Liosta na Vótálaithe Speisialta
- 18 mbliana d’aois nó níos sine ar lá na vótála
Cé atá in ann vótáil i dtoghchán na hUachtaránachta?
Chun vóta a chaitheamh i dtoghchán na huachtaránachta, ní mór duit a bheith:
- I do Shaoránach Éireannach
- 18 mbliana d’aois nó níos sine
- I do chónaí go hiondúil in Éirinn
- Má tá tú cláraithe le vótáil
Cé atá in ann vótáil i dtoghchán an tSeanaid?
Chun vóta a chaitheamh i dtoghcháin an tSeanaid, ní mór duit a bheith mar shaoránach Éireannach atá mar:
- Chéimí Ollscoil na hÉirean (nó coláiste atá aitheanta ag OÉ)
- Chéimí Choláiste na Tríonóide
- Teachta Dála or TD
- Sheanadóir atá ag dul as oifig
- Chomhalta chomhairle contae nó cathrach (comhairleoir)
Má tá tú incháilithe, is féidir leat vóta a chaitheamh i dtoghlaigh OÉ agus Choláiste na Tríonóide, fiú más rud é go bhfuil tú cláraithe lasmuigh d’Éirinn.
Cé atá in ann vóta a chaitheamh i dtoghchán Mhéara Luimnigh?
Chun vóta a chaitheamh sa toghchán le haghaidh Mhéara Luimnigh, caithfidh tú:
- A bheith 18 mbliana d’aois nó níos sine ar lá na vótála
- Gnáth-chónaí a bheith ort sa Stát; agus
- A bheith cláraithe le vóta a chaitheamh i dToghlimistéir Chathair agus Chontae Luimnigh