Reifrinn
Mar choimisiún toghcháin neamhspleách na hÉireann, tá sé de fhreagracht orainne faisnéis neamhchlaonta a ullmhú faoi thograí an reifrinn agus an fhaisnéis sin a chur ar fáil don phobal.
Ullmhaímid ráitis ar na príomhcheisteanna agus scaipimid na ráitis sin trí leabhrán eolais, an teilifís, an raidió, na nuachtáin, na meáin shóisialta agus cineálacha eile meán chun aird an phobail a tharraingt orthu. Áirítear lenár ról a chinntiú go bhfuil na ráitis inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas.
Cad is reifreann ann?
In Éirinn, is féidir dhá chineál reifreann a thionól – reifreann bunreachta agus gnáthreifreann.
The Constitution (Bunreacht na hÉireann) is the fundamental legal document that sets out how Ireland should be governed.
Ní fé idir an Bunreacht a leasú ach amháin má d’fhormheas muintir na hÉireann an t-athrú a bheartaítear i reifreann bunreachta. Tugtar an seans leis sin do na daoine a chinneadh cé acu an athrófar nó nach n-athrófar foclaíocht an Bhunreachta.
To hold a Constitutional Referendum, a Bill must first be introduced in the Dáil, setting out the wording of the proposed amendment. If both the Dáil and the Seanad pass the Bill, the Minister for Housing, Local Government and Heritage makes an order specifying the polling day for the referendum.
All Irish citizens who are on the Register of Electors, the Postal Voters List or the Special Voters List can vote in a referendum.
Má bhíonn tromlach na vótaí i bhfabhar an togra maidir leis an mBunreacht a leasú, agus mura gcuirtear achainí ina choinne faoi bhráid na hArd-Chúirte laistigh de sheacht lá i ndiaidh fhoilsithe achainí, síneoidh Uachtarán na hÉireann an Bille agus leasófar an Bunreacht.
Má chaitear tromlach na vótaí in éadan an togra maidir leis an mBunreacht a leasú, ní dhéanfar aon athrú agus fanann an Bunreacht mar a bhí roimh an reifreann.
Reifrinn roimhe seo in Éirinn
You can read about the previous referendums that have taken place in Ireland to date. Please note, the dates on the timeline below refer to the date the referendum took place.
Tá eolas níos mionsonraithe faoi thograí reifrinn, na leabhráin eolais agus ábhair feachtais ar fáil ar ár leathanach faoi reifrinn roimhe seo.
Amlíne na reifreann roimhe seo in Éirinn
39ú Leasú and 40ú Leasú
Teaghlach agus Cúram
Bliain: 2024
Diúltaithe
38ú Leasú
Colscaradh
Rinneadh socrú maidir le hathruithe ar fhorálacha lena rialáiltear colscaradh tríd an gceanglas bunreachta maidir le tréimhse shainithe idirscartha a scriosadh, agus trí fhoráil a chur ina ionad go dtabharfar aitheantas do cholscarthaí coigríche.
Bliain: 2019
Rite
37ú Leasú
Diamhasla
Rinneadh socrú chun foirceannadh toirchis a rialáil
Bliain: 2018
Rite
36ú Leasú
Aisghairm ar an 8ú Leasú
Rinneadh socrú chun foirceannadh toirchis a rialáil
Bliain: 2018
Rite
34ú Leasú
Arna fhoráil a dhéanamh go bhféadfaidh beirt, gan beann ar a ngnéas, conradh pósta a dhéanamh de réir dlí
Bliain: 2015
Rite
33ú Leasú
Rinneadh socrú chun Cúirt Achomhairc a bhunú
Bliain: 2013
Rite
32ú Leasú
Deireadh a chur le Seanad Éireann
Bliain: 2013
Diúltaithe
Níl aon Chúigiú Leasú is Tríocha ann. An 4 Deireadh Fómhair 2013, cuireadh moladh maidir leis an Dara Leasú is Tríocha ar an mBunreacht faoi bhráid an phobail agus diúltaíodh dó [Abolition of Seanad Éireann].
31ú Leasú
Cearta Leanaí
Bliain: 2012
Rite
30ú Leasú
Bliain: 2012
Rite
An tAcht um an Tríochadú Leasú ar an mBunreacht (An Conradh ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta), 2012 [Lenar ceadaíodh don Stát Conradh ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a dhaingniú
30ú Leasú
Bliain: 2011
Diúltaithe
Moladh chun rialú 2002 ón gCúirt Uachtarach a fhreaschur lenar cuireadh cosc ar fhiosrúcháin an Oireachtais cinntí a dhéanamh lena ndéantar cáineadh ar dhaoine aonair.
29ú Leasú
Luach Saothair na mBreithiúna
Bliain: 2011
Rite
28ú Leasú
Conradh LiospóinBliain: 2009
Rite
28ú Leasú
Conradh Liospóin
Bliain: 2008
Diúltaithe
27ú Leasú
Náisiúntacht na hÉireann
Bliain: 2004
Rite
26ú Leasú
Conradh Nice
Bliain: 2002
Rite
25ú Leasú
Ginmhilleadh: Féinmharú a eisiamh
Bliain: 2002
Diúltaithe
Níl aon Chúigiú Leasú is Fiche ann Ar an 6 Márta, 2002, cuireadh togra maidir leis an gCúigiú Leasú is Fiche ar an mBunreacht faoi bhráid an phobail agus diúltaíodh dó [Protection of Human Life in Pregnancy.]
24ú Leasú
Conradh Nice
Bliain: 2001
Diúltaithe
Níl aon Cheathrú Leasú is Fiche ar an mBunreacht ann. Ar an 7 Meitheamh, 2001, cuireadh trí thogra faoi bhráid an phobail, is é sin le rá, an tAonú Leasú is Fiche, an Tríú Leasú is Fiche agus an Ceathrú Leasú is Fiche Dhiúltaigh an pobal don Ceathrú Leasú is Fiche [which dealt with the Treaty of Nice] agus thoiligh an pobal leis an Aonú Leasú is Fiche agus leis an Tríú Leasú is Fiche.
23ú Leasú
Ceadaíodh don Stát Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta a dhaingniú.
Bliain: 2001
Rite
Níl aon Dóú Leasú is Fiche ar an mBunreacht ann
Níl aon Dóú Leasú is Fiche ar an mBunreacht ann. Níor rith Tithe an Oireachtais an Bille um an Dóú Leasú is Fiche ar an mBunreacht, 2001 [a bhain le breitheamh a chur as oifig agus ina raibh socrú maidir le comhlacht a bhunú le dlí chun imscrúdú a dhéanamh, nó chun a chur faoi deara imscrúdú a dhéanamh, ar iompar is mí-iompar ag breitheamh nó ar iompar dá ndéanann éagumas ar thaobh breithimh difear dó].
21ú Leasú
Toirmeasc ar phionós an bháis agus tagairtí a bhaineann le pionós an bháis a scriosadh.
Bliain: 2001
Rite
20ú Leasú
Rinneadh socrú maidir le haitheantas bunreachta don ról atá ag rialtas áitiúil agus go ndéanfar toghcháin áitiúla gach cúig bliana ar a laghad..
Bliain: 1999
Rite
19ú Leasú
Ceadaíodh don Stát a thoiliú a bheith faoi cheangal ag Comhaontú na Breataine-na hÉireann, arna dhéanamh i mBéal Feirste an 10 Aibreán, 1998, agus rinneadh socrú go mbeadh éifeacht ag leasuithe breise ar an mBunreacht, go háirithe ar Airteagail 2 agus 3, nuair a bheadh feidhm ag an gcomhaontú sin.
Bliain: 1998
Rite
18ú Leasú
Ceadaíodh don Stát Conradh Amstardam a dhaingniú
Bliain: 1998
Rite
17ú Leasú
Rinneadh socrú go ndéanfaí rúndacht na bpléití ag cruinnithe den Rialtas a urramú ach amháin i gcás ina gcinnfeadh an Ard-Chúirt, in imthosca sonraithe áirithe, gur ceart nochtadh a dhéanamh.
Bliain: 1997
Rite
16ú Leasú
Rinneadh socrú chun go bhféadfadh cúirt bannaí a dhiúltú do dhuine atá cúisithe i gcion tromaí sa chás go measfar le réasún é a bheith riachtanach chun an duine sin a chosc ar chion tromaí a dhéanamh..
Bliain: 1995
Rite
15ú Leasú
Rinneadh socrú maidir le pósadh a scaoileadh in imthosca sonraithe áirithe..
Bliain: 1995
Rite
14ú Leasú
Rinneadh socrú nach dteorannódh Airteagal 40.3.3° (ceart na mbeo gan breith chun a mbeatha) saoirse chun faisnéis a fháil nó a chur ar fáil maidir le seirbhísí atá ar fáil go dleathach i stát eile.
Bliain: 1992
Rite
13ú Leasú
Rinneadh socrú nach dteorannódh Airteagal 40.3.3° (ceart na mbeo gan breith chun a mbeatha) saoirse chun faisnéis a fháil nó a chur ar fáil maidir le seirbhísí atá ar fáil go dleathach i stát eile.
Bliain: 1992
Rite
12ú Leasú
Ginmhilleadh: Féinmharú a eisiamh
Bliain: 1992
Diúltaithe
Níl aon Dóú Leasú Déag ann. Ar an 25 Samhain, 1992, cuireadh trí thogra faoi bhráid an phobail, an Dóú Leasú Déag, an Tríú Leasú Déag agus an Ceathrú Leasú Déag. Dhiúltaigh an pobal don Dóú Leasú Déag (a bhain le ceart na mbeo gan breith chun a mbeatha) agus thoiligh siad leis an Tríú Leasú Déag agus leis an gCeathrú Leasú Déag (thíos)..
11ú Leasú
Ceadaíodh don Stát an Conradh ar an Aontas Eorpach (Maastricht) a dhaingniú agus a bheith ina chomhalta den aontas sin.
Bliain:1992
Rite
10ú Leasú
Ceadaíodh don Stát an Ionstraim Eorpach Aonair a dhaingniú.
Bliain: 1987
Rite
10ú Leasú
Colscaradh
Bliain: 1986
Diúltaithe
Moladh chun an toirmeasc bunreachtúil ar cholscaradh a bhaint. Cuireadh deireadh leis an toirmeasc faoi dheireadh leis an gCúigiú Leasú Déag in 1996.
9ú Leasú
Leathnaíodh an ceart vótála i dtoghcháin Dála chuig náisiúnaigh áirithe neamh-Éireannacha
Bliain: 1984
Rite
8ú Leasú
Admhaíodh ceart na mbeo gan breith chun a mbeatha, ag féachaint go cuí do chomhcheart na máthar chun a beatha.
Bliain: 1983
Rite
7ú Leasú
Ceadaíodh don Stát an socrú maidir le toghadh comhaltaí de Sheanad Éireann ag ollscoileanna agus ag forais eile ardoideachais sa Stát a leathnú.
Bliain: 1979
Rite.
6ú Leasú
Áirithíodh nach bhféadfaí a dhearbhú gur orduithe neamhbhailí iad orduithe uchtála arna ndéanamh ag an mBord Uchtála ar an ábhar nach cúirt a rinne iad
Bliain: 1979
Rite
5ú Leasú
An tAcht um an gCúigiú Leasú ar an mBunreacht, 1972 [Baineadh den Bhunreacht ionad speisialta na hEaglaise Caitlicí agus an t-aitheantas d’aicmí ainmnithe eile creidimh.]
Year: 1972
Passed
4ú Leasú
Laghdaíodh an aois íosta vótála i dtoghcháin Dála agus Uachtaráin agus i reifrinn ó 21 bhliain go 18 mbliana.
Bliain: 1972
Rite
4ú Leasú
Elections: Dáil: electoral system
Bliain: 1968
Diúltaithe
An dara moladh chun córas toghcháin na Dála a athrú ó Aon Vóta Inaistrithe go dtí An Chéad Duine Abhaile.
3ú Leasú
European Communities membership
Bliain: 1972
Rite
Ceadaíodh don Stát a bheith ina chomhalta de na Comhphobail Eorpacha.
3ú Leasú
Dáil electoral systems
Bliain: 1959
Diúltaithe
Moladh chun an córas toghcháin a athrú le haghaidh toghchán chuig Dáil Éireann ó Aon Vóta Inaistrithe il-teachtaí go dtí córas An Chéad Duine Abhaile aon teachta..
Draft Constitution – Adoption of the Constitution
Bliain:1937
Rite