Ráiteas Inrochtaineachta
Suíomh Gréasáin | An Coimisiúin Toghcháin
Bunaíodh An Coimisiún Toghcháin faoin Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022. Tá sé neamhspleách ar an Rialtas agus ghlac sé le feidhmeanna toghcháin reachtúla a bhí i bhfeidhm cheana féin, chomh maith le freagrachtaí nua. Áirítear ina measc siúd:
- ábhar na dtograí reifrinn a mhíniú don phobal
- athbhreithniú a dhéanamh ar thoghlaigh thoghcháin na Dála agus na hEorpa
- athbhreithniú a dhéanamh ar theorainneacha na dtoghlimistéar áitiúil
- clárú na bpáirtithe polaitíochta
- tabhairt faoi thaighde ar bheartas toghcháin
- eolas a chur ar fáil faoi phróisis toghcháin agus rannpháirteachas sna próisis toghcháin agus dhaonlathacha a spreagadh
- maoirseacht ar Chlár na dToghthóirí
- rialáil na fógraíochta polaitiúla ar líne
- sláine toghcháin a chosaint ar mhífhaisnéis pholaitiúil, bréagaisnéis nó iompraíocht ionramhálach agus bhréagach
- iniúchtaí ar imeachtaí toghcháin
Mínítear sa ráiteas inrochtaineachta seo an chaoi a bhféachfaidh an Coimisiún Toghcháin, mar an Soláthraí Seirbhíse, leis na ceanglais a comhlíonadh mar a leagtar amach sna Treoirlínte maidir le hinrochtaineacht ábhair ar an nGréasán, Leagan 2.1, ag Leibhéal AA mar a shainmhíníonn an Tionscnamh maidir le hInrochtaineacht Gréasáin.
Ár dtiomantas do shuíomh gréasáin inrochtana a chothabháil agus ár gcur chuige ina leith sin
Tá An Coimisiún Toghcháin tiomanta do:
- Suíomh gréasáin inrochtana a chothabháil de réir Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Inrochtaineacht Suíomhanna Gréasáin agus Feidhmchlár Móibíleach de Chuid Comhlachtaí san Earnáil Phoiblí)
- • A chinntiú go mbaineann an suíomh gréasáin seo amach comhréireacht “Leibhéal AA” leis na Treoirlínte maidir le hinrochtaineacht ábhair ar an nGréasán (WCAG) 2.1, chun cloí leis an gCód Cleachtais ar Inrochtaineacht Seirbhísí Poiblí agus Faisnéise a chuireann Comhlachtaí Poiblí ar Fáil ón Údarás Náisiúnta Míchumais. (Tugann an Lárionad Sármhaitheasa i nDearadh Uilíoch de chuid an Údaráis Náisiúnta Míchumais eolas bunúsach faoin mbeartas agus reachtaíocht atá ábhartha don Dearadh Uilíoch in Éirinn.)
- • A chinntiú go mbaineann an fhaisnéis nua ar fad ar an suíomh gréasáin amach comhréireacht “Leibhéal AA” leis na Treoirlínte maidir le hinrochtaineacht ábhair ar an nGréasán (WCAG) 2.1.
- • Inrochtaineacht a chur san áireamh nuair a fhaighimid córais tríú páirtí nó uasghráduithe ar chórais atá againn cheana féin.
Mar a dtástálaimid comhréireacht le treoirlínte inrochtaineachta oifigiúla
Baineann An Coimisiún Toghcháin úsáid as raon teicnící chun cabhrú le rochtain a sholáthar do chách. Ina measc tá:
Scanadh Uathoibrithe
Tugann scanadh uathoibrithe léargas tapa (ach ní iomlán) ar fhadhbanna a d’fhéadfadh a theacht chun cinn do dhaoine.r.
Treoir
Tugtar treoir d’eagarthóirí inneachair ar nós Téacs Malartach a úsáid, a chinntiú go bhfuil Leibhéil Ceannteideal i gceart agus cleachtais eile.
Athbhreithniú de Láimh
Déantar athbhreithniú de láimh go rialta ar gach suíomh agus athraítear an suíomh chun cabhrú le hinrochtaineacht a fheabhsú.
Comhréireacht an tsuímh gréasáin seo le treoirlínte inrochtaineachta oifigiúla
Tá comhréireacht pháirteach ag an suíomh gréasáin faoi láthair leis na Treoirlínte maidir le hinrochtaineacht ábhair ar an nGréasán (WCAG) 2.1. Rinneadh an t-iniúchadh is deireanaí ar inrochtaineacht ghréasáin don suíomh gréasáin seo ar an 04/01/2023.
Réimsí atá le feabhsú agus amlínte
Táimid ar an eolas go bhfuil roinnt réimsí ar an suíomh gréasáin a bhféadfaimis a n-inrochtaineacht a fheabhsú. Táimid ag obair faoi láthair ar an bhfeabhas sin a bhaint amach. Tá súil againn go mbainfidh an suíomh gréasáin seo amach comhréireacht “Leibhéal AA” leis na Treoirlínte maidir le hinrochtaineacht ábhair ar an nGréasán (WCAG) 2.1 faoi mhí na Nollag 2023.
Fadhbanna Aitheanta
- • Lógó an tsuímh. D’fhéadfadh nach mbaineann lógó an Choimisiúin Toghcháin cóimheas codarsnachta 4.5:1 nó níos airde amach i roinnt cúinsí.
An chaoi le haiseolas a chur faoi inrochtaineacht an tsuímh gréasáin
Fáiltímid roimh aiseolas faoi inrochtaineacht an tsuímh gréasáin seo. Chun aiseolas a chur faoinár mbráid, seol ríomhphost chugainn ar info@electoralcommission.ie.
Príomhghnéithe inrochtaineachta an tsuímh gréasáin seo
Úsáidtear líon mór teicnící chun go n-éireoidh an suíomh seo inrochtana do chách. Bíonn an próiseas ar bun i gcónaí de réir mar a athraíonn an t-inneachar agus struchtúr an tsuímh. Áirítear a leanas le cuid de na gnéithe inrochtana ar an suíomh seo (i measc gnéithe eile):
Téacs Malartach
Gabhann téacs malartach oiriúnach le gach íomhá nuair is cuí chun gné thuairisciúil a thabhairt don íomhá sin.
Ordlathas Imlínte Teideal
Cuirtear ciall loighciúil i bhfeidhm ar cheannlínte nuair is féidir, ag tosú le Teideal an Leathanaigh ag H1, H2 d’fho-cheannteidil, H3 faoina mbun siúd nuair is cuí.
Naisc Thuairisciúla
Sainmhínítear cuspóir Nasc agus Cnaipí nó tá gnéithe tuairisciúla nó lipéid ARIA leo nuair nach féidir na gnéithe sin a thabhairt.
Codarsnacht
Tá íosdifríochtaí réasúnta i bhfeidhm i dtaobh na codarsnachta idir gnéithe tulra agus gnéithe cúlra.
Nascleanúint
Tá struchtúr loighciúil i bhfeidhm ar an suíomh gréasáin chun a chinntiú gur féidir an suíomh a úsáid gan luchóg.
Sainchomharthaí ARIA
Tá éagsúlacht mhór sainchomharthaí ARIA i bhfeidhm chun cabhrú leis an inrochtaineacht.
Níl an liosta seo uileghabhálach.