
Is é do vóta do ghuth
Is éard atá i rialachas corparáideach ná na córais, na prionsabail agus na próisis ina rialaítear eagraíochtaí.
Ar an leathanach seo roinnimid sonraí faoin gcaoi a n-eagraítear muid, agus cén chaoi a reáchtáiltear An Coimisiún Toghcháin, mar chomhlacht poiblí neamhspleách.
Miontuairiscí agus Cláir Oibre an Choimisiúin
Tagann ár gCoimisiún le chéile go rialta chun obair an Choimisiúin Toghcháin a stiúradh. Tá miontuairiscí agus cláir oibre ár gcruinnithe Coimisiúin ar fáil anseo. Foilsítear gach clár oibre agus na miontuairiscí a ghabhann leis i ndiaidh iad a fhaomhadh ag an gcéad chruinniú eile den Choimisiún Toghcháin.
An Scéim Foilsitheoireachta um Shaoráil Faisnéise
Le hAlt 8 den Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014 ceanglaítear ar an gCoimisiún Toghcháin a oiread faisnéise agus is féidir a ullmhú agus a fhoilsiú ar bhealach oscailte agus inrochtana mar ghnáthnós taobh amuigh de shaoráil faisnéise, ag féachaint do phrionsabail na hoscailteachta, na trédhearcachta agus na cuntasachta.
An Cód Iompair
Leagtar amach i gCód Iompair an Choimisiúin Toghcháin na prionsabail agus na caighdeáin ghinearálta trína rialaítear gníomhaíochtaí gairmiúla agus iompar na ndaoine a oibríonn sa Choimisiún, trína gcothaítear dá réir ardleibhéal muiníne i measc an phobail as ár n-obair mar fhostóir agus mar chomhlacht poiblí neamhspleách.
Equality and Access Officer
Access Officer: Helen Codd
Email: Helen.Codd@electoralcomission.ie
Ph: (+353) (0) 1 888 2770
Equality Officer: Emer Grenville
Email: Emer.Grenville@electoralcomission.ie
Ph: (+353) (0) 1 888 2770