Nochtadh Cosanta
- An Réamhrá
Leagtar amach sa cháipéis seo beartas agus nósanna imeachta an Choimisiúin Toghcháin i dtaobh Nochtaí Cosanta san ionad oibre faoin Acht um Nochtadh Cosanta, 2014 (arna leasú ag an Acht um Nochtadh Cosanta (Leasú), 2022) (an tAcht). Cuireann an tAcht ar chumas oibrithe údar imní faoi éagóir fhéideartha san ionad oibre a tharraingt anuas. Cinntíonn an tAcht go bhfuil cosaintí i bhfeidhm chun nach mbainfear díoltas amach orthu.
Ceanglaítear san Acht ar gach comhlacht poiblí:
- nósanna imeachta a bhunú agus a chothabháil maidir le déileáil le nochtaí cosanta; agus
- faisnéis i scríbhinn a sholáthar d’oibrithe atá fostaithe maidir leis na nósanna imeachta sin.
Is féidir aghaidh a thabhairt trí ghnáth-thuairisciú san ionad oibre ar fhormhór mór na n-údar imní a bheadh ag oibrithe ina ngnáth-thimpeallacht oibre. Baineann an beartas seo le héagóracha sonracha a shainaithnítear sa reachtaíocht.
Féadfaidh nochtaí cosanta cabhrú le héagóracha a nochtadh san eagraíocht agus d’fhéadfadh sé sin timpistí, fadhbanna airgeadais, cionta coiriúla agus sáruithe rialála a chosc. D’fhéadfaí fadhbanna a bhrath go luath agus a leigheas freisin má nochtar éagóir, chomh maith le srian a chur le dochar do chlú an Choimisiúin. Tá an Coimisiún tiomanta do na caighdeáin is airde d’iompar eiticiúil, cuibheas agus cuntasacht a chaomhnú, agus aithnítear go bhfuil ról lárnach ag ár n-oibrithe (agus daoine eile a chumhdaítear leis an reachtaíocht leasaithe) chun na haidhmeanna sin a bhaint amach. Féadfaidh éagóir ar nós éilliú nó míchleachtas, nó a leithéid a cheilt, tionchar tubaisteach a imirt ar chlú an Choimisiúin, torthaí ár bpróiseas, agus an cultúr eagraíochtúil sa Choimisiún.
2. Cuspóir
Tá an beartas seo curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún chun a chinntiú go bhfuil nósanna imeachta i bhfeidhm chun údair imní a thuairisciú agus go bhfuil a fhios ag daoine gur féidir leo nochtaí mar sin a dhéanamh go sábháilte.
- • Cosnaítear na hoibrithe ar fad ar íospairt, ciapadh nó gníomh araíonachta mar thoradh ar nochtadh ar bith, sa chás go ndearnadh an nochtadh de mheon macánta agus nach ndéantar é go mailíseach nó ar mhaithe le tairbhe phearsanta. Sa chás go ndéantar nochtaí ar mhaithe le leas an phobail, beidh cosaint reachtúil ag oibrithe in Éirinn faoin Acht um Chosaint Sonraí, 2014;
- Imscrúdófar aon nochtadh;
- Glacfaidh an Coimisiún na céimeanna réasúnta ar fad chun caitheamh le nochtaí a dhéantar tríd an mbeartas seo ar bhealach rúnda agus íogair. Níl an eagraíocht freagrach as anaithnideacht a chosaint sa chás gur labhair an sceithire le daoine eile faoin míghníomh líomhnaithe.
Tacóidh an Coimisiún leo siúd a dhéanann na nochtaí sin a chreideann siad go réasúnta a léiríonn éagóir amhrasta.
Tugann an Coimisiún gealltanas nach n-iarrfar ar oibrí nó ar iaroibrí a gceart chun nochtadh cosanta a dhéanamh a tharscaoileadh i gcás ar bith.
3. Raon Feidhme
Tá an beartas seo i bhfeidhm ar gach oibrí mar a shainmhínítear in alt 3 den Acht um Nochtadh Cosanta, 2014 (arna leasú) (Uimh. 14 de 2014) (“an tAcht”). Baineann an beartas seo le cásanna ina dtarraingíonn duine aonair (“an sceithire”) údar imní anuas faoi riosca, míchleachtas nó éagóir ábhartha a théann i bhfeidhm ar dhaoine eile ar nós cliant, soláthraithe, oibrithe eile, an eagraíocht nó leas an phobail.
4. Nochtadh a Dhéanamh
Ainmníodh an duine seo a leanas chun aon údar imní a tharraingítear anuas tríd an nós imeachta seo a fhiosrú:
- Karen Kehily, an Ceannasaí Seirbhísí Corparáideacha
Féadfaidh tú do thuairisc a chur ar ríomhphost chuig bosca isteach faoi leith – disclosures@electoralcommission.ie – nach bhfuil fáil ach ag an duine ainmnithe thuasluaite air. Sula dtarraingíonn tú údar imní anuas, b’fhéidir gur mhaith leat labhairt leis an duine ainmnithe, a bheidh in ann míniú níos mine a thabhairt ar an gcaoi a rachfar i ngleic le do thuairisc.
Sa chás go mbaineann do thuairisc leis an duine ainmnithe thuasluaite, féadfaidh tú do thuairisc a chur faoi bhráid an Bhainisteora Acmhainní Daonna go díreach.
Caithfidh oibrithe agus daoine eile a dhéanann nochtadh (agus an duine a gcuirtear an gearán faoina mbráid) a bheith discréideach agus tiomantas a thabhairt go gcoinneoidh siad an próiseas tuairiscithe agus imscrúdaithe faoi rún nuair is féidir.
Ba cheart gach nochtadh a dhéanamh, nuair is féidir, i scríbhinn nó go leictreonach. Is leor don nochtóir a rá go bhfuil tuairim réasúnta acu gur tharla éagóir, go bhfuil éagóir ar bun, nó gur dócha go dtarlóidh éagóir; ach chabhródh sé dá bhféadfadh an nochtóir aon chuid den fhaisnéis thíos atá ar eolas acu a bhaineann lena n-údar imní a roinnt. Ba cheart go mbeadh aon tuairisc ina leagtar amach údar imní fíriciúil agus d’fhéadfaí na pointí seo a leanas a thabhairt, sa chás go bhfuil aon chuid den fhaisnéis seo ar eolas, faoin éagóir a tharla, atá ar bun, nó ar dócha go dtarlóidh sí.
Ba cheart an nochtadh a chur faoi bhráid an duine chuí agus an méid seo a leanas, ar a laghad, a bheith ann:
- an dáta a cuireadh isteach é;
- ábhar;
- an méid a tharla (nó a cheaptar a tharla);
- an uair a tharla sé agus an bhfuil sé fós ar bun;
- an áit ar tharla sé;
- an duine/na daoine a bhí bainteach leis
- ar cuireadh an Coimisiún i mbaol nó ar fhulaing sé caillteanas;
- ar tharla sé cheana;
- ar tarraingíodh anuas é le haon duine, sa Choimisiún nó go seachtrach, agus sonraí ina leith sin;
- an bhfuil aon fhinnéithe eile ann;
- an bhfuil faisnéis nó cáipéisí tacaíochta ann;;
- an chaoi ar tháinig sé chun solais;
- sonraí teagmhála rúnda an nochta (de réir mar is cuí).
Má dhéantar nochtadh de bhéal, taifeadfaidh an faighteoir é agus beidh ainm an nochtóra sa taifead, chomh maith leis an bhfaisnéis thuasluaite (más féidir).
Ba cheart go mbeadh dóthain sonraí sa nochtadh chun go mbeadh duine gan aon eolas roimh ré in ann an cás a thuiscint.
Níl oibrithe i dteideal imscrúdú a dhéanamh iad féin, ná ní éilítear é sin orthu, chun fianaise a fháil faoin méid a mheasann siad, agus níor cheart dóibh iarracht a dhéanamh imscrúdú mar sin a dhéanamh. Éilítear ar oibrithe éagóir amhrasta dar leo a nochtadh, bunaithe ar thuairim réasúnta gur tharla sí, go bhfuil sí ag tarlú nó go dtarlóidh sí. Ní chiallaíonn an téarma ‘tuairim réasúnta’ go gcaithfidh an tuairim a bheith ceart. Tá oibrí i dteideal a bheith mícheart faoina dtuairim, fad is go bhfuil a dtuairim bunaithe ar fhorais réasúnta. Ní ghearrfar pionós ar oibrí ar bith as tuairim mhícheart a roinnt, fad is go raibh tuairim réasúnta ag an oibrí gur léirigh an fhaisnéis a nochtadh éagóir, nó go raibh claonadh aici éagóir a léiriú.
5. Rúndacht
Glacfaidh an Coimisiún na céimeanna réasúnta ar fad chun caitheamh le nochtaí a dhéantar ar bhealach rúnda agus íogair. Díreofar ar an éagóir seachas ar an oibrí a dhéanann an nochtadh. Ní nochtfaidh an Coimisiún aitheantas an oibrí gan toiliú a fháil uathu, seachas má éilítear é sin leis an dlí nó más gá é chun imscrúdú éifeachtach a dhéanamh ar an éagóir ábhartha. Déanfar gach iarracht an t-oibrí a chur ar an eolas faoi más gá a n-aitheantas a nochtadh.
6. Nochtaí Anaithnide
Moltar don té atá ag déanamh an nochta a n-aitheantas a roinnt nuair is féidir. Is faoin gCoimisiún a bheidh an cinneadh imscrúdú a dhéanamh ar nochtaí anaithnide, ag cur san áireamh tromchúise an ábhair a tarraingíodh anuas, creidiúnacht an údair imní, agus cumas an Choimisiúin líomhain anaithnid a imscrúdú. Chun go mbeadh an Coimisiún in ann a chinntiú gur féidir le nochtóir leas a bhaint as na cosaintí atá ar fáil faoin Acht um Nochtadh Cosanta, bheadh ar an gCoimisiún a bheith ar an eolas faoina n-aitheantas.
7. Measúnú, Imscrúdú agus Toradh
Beidh na daoine ainmnithe a liostaítear ar leathanach 3 freagrach as an measúnú agus imscrúdú na nochtaí ar fad go tráthúil agus go cuí.
Tabharfaidh an Ceannasaí Seirbhísí Corparáideacha faoi mheasúnú tosaigh ar an nochtadh chun a chinneadh an dtagann sé faoi raon feidhme an Bheartais seo, agus an gá tabhairt faoi imscrúdú ar an nochtadh (an bhfuil fianaise prima facie ar éagóir ann ina measc). Beidh an measúnú sin bunaithe ar thosaíocht riosca chuí a shocrú don ghá atá leis an imscrúdú agus nádúr agus raon an imscrúdaithe ba cheart a dhéanamh (ó imscrúdú mionsonraithe agus cuimsitheach ar éagóracha tromchúiseacha go cuir chuige nach mbeidh chomh foirmiúil céanna do thuairiscí a mheastar a bhaineann le héagóracha nach bhfuil chomh tromchúiseach céanna).
Cuirfidh an Ceannasaí Seirbhísí Corparáideacha toradh an mheasúnaithe in iúl don té a rinne an nochtadh (ina measc, an ndéanfar tuilleadh imscrúdaithe ar an gcás, agus cén gníomh a glacadh, nó an é nach nglacfar gníomh ar bith) agus don fhaighteoir (más cuí).
Cuirfidh an Oifig admháil ar do thuairisc chugat faoi cheann seacht lá. Tabharfar aiseolas do na daoine tuairiscithe ag gach céim thábhachtach den phróiseas, agus faoi cheann trí mhí den tuairisc thosaigh (agus gach trí mhí ina dhiaidh sin, ach é sin a iarraidh, má leanann an próiseas imscrúdaithe ar aghaidh chomh fada sin).
Má chinntear imscrúdú a dhéanamh, cinnfear raon feidhme agus téarmaí tagartha an imscrúdaithe roimh an imscrúdú. Ceapfaidh an Ceannasaí Seirbhísí Corparáideacha imscrúdaitheoir (nach raibh páirteach roimhe sin sa chéim measúnaithe) chun tabhairt faoin imscrúdú. D’fhéadfadh go mbeadh ar ghairmí sonrach nó saineolaí san ábhar tabhairt faoin imscrúdú i gcásanna ar leith, nó go mbeadh gá lena thuairisciú don Gharda Síochána agus go ndéanfaidís-sean imscrúdú air. I roinnt cásanna eile, féadfaidh an Ceannasaí Seirbhísí Corparáideacha tríú páirtí seachtrach a cheapadh freisin chun an t-ábhar a imscrúdú, i gcúinsí ina bhfuil eolas ábhartha agus saineolach riachtanach ag an tríú páirtí sin ar an ábhar. Tabharfaidh an Ceannasaí Seirbhísí Corparáideacha an t-eolas is deireanaí don nochtóir go tréimhsiúil (más féidir) maidir le dul chun cinn an imscrúdaithe, agus de réir na n-amlínte thuasluaite.
D’fhéadfadh go mbeadh ar an nochtóir bualadh leis an imscrúdaitheoir agus tuilleadh faisnéise a thabhairt. Tuairisceoidh an t-imscrúdaitheoir ar a n-imscrúdú. Tabharfar faoi imscrúduithe go neamhchlaonta agus i gcomhréir le próis chuí. Caithfear rúndacht an oibrí a dhéanann an tuairisc agus an duine ar cuireadh rud ina leith a chosaint.
Seolfar tuairisc an imscrúdaitheora chuig an gCeannasaí Seirbhísí Corparáideacha agus cinnfidh siadsan cén gníomh ba cheart a ghlacadh, más gá. Coinneoidh an Ceannasaí Seirbhísí Corparáideacha an nochtóir ar an eolas faoi dhul chun cinn an imscrúdaithe agus an tréimhse is dóigh a bhainfidh leis. Uaireanta, mar gheall ar an ngá a bheadh le rúndacht, nó chun imscrúdú cóir, cuimsitheach a éascú, d’fhéadfaí cosc a chur ar an gCeannasaí Seirbhísí Corparáideacha gníomhú i leith sonraí sonracha den imscrúdú. Éilítear ar an Nochtóir, mar chuid den Bheartas seo, caitheamh le haon fhaisnéis a sheoltar chucu mar chuid den phróiseas seo go hiomlán faoi rún agus gan aon fhaisnéis mar sin a nochtadh do thríú páirtí.
Ó am go chéile, d’fhéadfadh nach mbeadh sé indéanta sonraí thoradh phróiseas an imscrúdaithe a roinnt leis an nochtóir chun cearta ábhair nochta a chosaint. Cuirfear in iúl don nochtóir gur glacadh gníomh cuí ach ní bhíonn siad i dteideal a fháil amach cén gníomh a bhí ann go hiondúil.
Má chinneann an Ceannasaí Seirbhísí Corparáideacha go ndearna an t-oibrí líomhain bhréagach, d’aon turas nó go mailíseach nó ar mhaithe le tairbhe phearsanta, d’fhéadfaidís a bheith faoi réir gníomh araíonachta. Aon duine ábhartha a chinntear atá ag baint mí-úsáid as an bpróiseas trí líomhaintí bréagacha a tharraingt anuas, nó líomhaintí a cinneadh roimhe sin a bheith gan údar a chur isteach arís, d’fhéadfaidís a bheith faoi réir gníomh araíonachta. I gcásanna dá leithéid, ní bheadh aon chosaint ag an oibrí faoin Acht. Anuas ar an tionchar a bhíonn ag líomhaintí bréagacha dá leithéid ar na daoine lena mbaineann, déanann siad an-dochar do chuspóirí an Achta, agus caithfear leo mar chás araíonachta an-tromchúiseach.
I gcás nochtadh ina gcinneann an Ceannasaí Seirbhísí Corparáideacha nach bhfuil aon chás prima facie le freagairt, cuirfear tuairisc achoimre ar an nochtadh faoi bhráid an Choiste Iniúchóireachta agus Riosca agus chomhaltaí an Choimisiúin.
I ndiaidh aon imscrúdú, agus cinneadh dá réir an Cheannasaí Seirbhísí Corparáideacha, cuirfear tuairisc i scríbhinn faoi bhráid an Choiste Iniúchóireachta agus Riosca agus chomhaltaí an Choimisiúin, ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas
- cur síos ar an nochtadh agus ar thorthaí an imscrúdaithe;
- an tionchar a bhí ag an nochtadh ar an gCoimisiún, má bhí;
- an modh chun an míchleachtas nó an mí-iompar a dhéanamh;
- na bearta a glacadh chun atarlú a sheachaint;
- an gníomh a theastaíonn chun freagairtí breise faoin mbeartas seo a neartú;
- conclúid faoin mbealach chun cinn;
- cibé an ndearnadh aon tuairisc, nó an gá í a dhéanamh, d’aon tríú páirtí;
- aon ábhar iomchuí eile.
Amlíne Achomair – Measúnú, Imscrúdú agus Toradh | |
Déantar nochtadh | Lá 1 |
Admhaítear tuairisc | Lá 7 |
Tugtar aiseolas | Ag gach céim thábhachtach agus faoi cheann trí mhí den tuairisc thosaigh, agus gach trí mhí ina dhiaidh sin. |
8. Cosaint agus Tacaíocht do Dhaoine a Dhéanann Nochtadh
Tá sé d’aidhm ag an gCoimisiún oscailteacht a spreagadh agus tacóidh sé leo siúd a tharraingíonn anuas fíorúdair imní faoin mbeartas seo, fiú má bhíonn siad mícheart. Ní ghlacfaidh an Coimisiún ar chor ar bith le pionósú orthu siúd a thuairiscíonn éagóir fhéideartha bunaithe ar thuairim réasúnta agus caithfear le gach gníomh pionósaithe nó iarracht ar phionósú mar cheist araíonachta (féadfaidh aon duine a phionósaítear caingean dlí ar leith a thionscnamh faoin Acht freisin). Is coir choiriúil é pionósú an duine tuairiscithe anois freisin.
Aon duine a dhéanann nochtadh faoin mbeartas seo, ní chaithfear leo go díobhálach dá bharr, ina measc:
- fionraí, asleagan nó dífhostú;
- ísliú céime nó deis ar ardú céime a chailleadh;
- aistriú dualgas, athrú ar shuíomh áite oibre, laghdú ar phá nó athrú ar uaireanta oibre;
- aon araíonacht, iomardú nó pionós eile (lena n-áirítear pionós airgeadais) a fhorchur nó a chur i bhfeidhm;
- cóir éagórach;
- comhéigean, imeaglú nó ciapadh;
- idirdhealú, míbhuntáiste nó cóir éagórach;
- díobháil, damáiste nó caillteanas;
- bagairt díoltais;
- aon chóir neamhfhabhrach eile a bhaineann le húdar imní a tharraingt anuas.
Ba cheart do nochtóir a chreideann go bhfuil pionósú á dhéanamh orthu de bharr nochtadh a dhéanamh faoin mbeartas seo Faighteoir na Nochtaí Cosanta a chur ar an eolas láithreach. Socróidh Faighteoir na Nochtaí Cosanta go ndéanfar an cheist a imscrúdú go cuí. Beidh na nósanna imeachta faoin mbeartas seo i bhfeidhm i gcás líomhaintí pionósaithe.
9. Cosaint agus Tacaíocht do Dhaoine a nDéantar Líomhain Fúthu
Cosnóidh an Coimisiún aon oibrí a ndéantar líomhain fúthu gach tráth i rith an phróisis imscrúdaithe. Mar a leagtar amach roimhe seo sa bheartas seo, tabharfar an fhaisnéis iomlán dóibh faoin líomhain fúthu agus tabharfar gach deis dóibh freagra a thabhairt ar na líomhaintí sin. Féadfaidh siad a roghnú go mbeidh duine ina dteannta ag aon agallamh (agus tabharfar am do bhaill foirne eile an Choimisiúin chun freastal ar na cruinnithe sin má roghnaíonn an duine a ndearnadh líomhain fúthu comhghleacaí a thabhairt chuig cruinnithe). Beidh siad in ann comhairle a fháil freisin faoin mBeartas ó theagmhálaí an Choimisiúin, nó aon bhall sonraithe eile den lucht ardbhainistíochta nach bhfuil páirteach san imscrúdú. Beidh siad in ann dul ar iontaoibh na Seirbhíse Cúnaimh d’Fhostaithe freisin agus féadfaidh siad coinní a dhéanamh chun freastal ar an tSeirbhís i rith uaireanta oibre. Ní bhainfear aon tátal go dtí go bhfuil an t-imscrúdú, agus aon phróiseas achomharc, curtha i gcrích.
10. Athbhreithniú ar Chinntí
Sa chás nach bhfuil an nochtóir sásta:
(a) leis an gcinneadh a rinneadh aitheantas an nochtóra a nochtadh;
(b) le toradh aon mheastóireachta tosaigh/imscrúdaithe a rinneadh ar an Nochtadh;
(c) le toradh aon mheastóireachta tosaigh/imscrúdaithe a rinneadh ar aon ghearán faoi phionósú;
Féadfaidh an nochtóir iarratas ar athbhreithniú a chur i scríbhinn chuig disclosures@electoralcommission.ie le haghaidh meastóireacht neamhspleách ar an gceist. Beidh an cinneadh sin ina chinneadh deiridh inmheánach ar an gceist. .
11. Tuairisciú
Coinneoidh an Ceannasaí Seirbhísí Corparáideacha taifead ar na líomhaintí ar fad a fhaightear, agus ar imscrúduithe a dhéantar faoin mbeartas seo. Eiseofar tuairisc ráithiúil chuig an gCoiste Iniúchóireachta agus Riosca ina mbeidh faisnéis faoi:
- líon na nochtaí cosanta a rinneadh;
- líon na nochtaí a imscrúdaíodh agus nár seasadh leo;
- líon na nochtaí ar seasadh leo agus na gníomhartha a glacadh mar gheall orthu.
Ullmhófar Tuarascáil Bhliantúil faoin 30 Meitheamh gach bliain freisin. Ní shainaithneofar aon duine lena mbaineann sa tuarascáil sin agus beidh faisnéis ann faoi líon na nochtaí cosanta, na gníomhartha a glacadh, agus aon fhaisnéis eile a mheastar a bheith iomchuí.
12. Athbhreithniú Beartais
Athbhreithneofar an beartas seo gach trí bliana ar a laghad nó nuair a éilíonn Foireann Bainistíochta an Choimisiúin é.
Tuarascáil ar Nochtuithe Cosanta faighte ag An gCoimisiún Toghcháin don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2023
13. Tuarascáil ar Nochtaí Cosanta
- Report on Protected Disclosures received in An Coimisiún Toghcháin for the year ending 31 December 2024 (Word Format)
- Report on Protected Disclosures received in An Coimisiún Toghcháin for the year ending 31 December 2024 (PDF Format)
- Report on Protected Disclosures received in An Coimisiún Toghcháin for the year ending 31 December 2023 (Word Format)
- Report on Protected Disclosures received in An Coimisiún Toghcháin for the year ending 31 December 2023 (PDF Format)