Skip to main content
Garda with Polling Box

Is é do vóta do ghuth

Athbhreithniú Toghlaigh do Pharlaimint na hEorpa

I gcomhréir le halt 56 (1) den Acht um Athchóiriú Toghchán 2022, thug an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta treoir don Choimisiún Toghcháin chun athbhreithniú breise a dhéanamh ar thoghlaigh na hÉireann do Pharlaimint na hEorpa.

Tugadh an treoir sin mar thoradh ar Chinneadh 2023/2061 ón gComhairle Eorpach (AE) an 22 Meán Fómhair 2023 lena ndearnadh comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa a dheimhniú a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an 27 Meán Fómhair 2023.

I measc ábhair eile, déantar foráil leis an gCinneadh ón gComhairle Eorpach go ndéanfar 14 fheisire a thoghadh chun Éire a ionadú i dtéarma 2024 – 2029 Pharlaimint na hEorpa.

Mar thoradh ar an méadú ar bhallraíocht ó 13 go 14 FPE tá sé riachtanach athbhreithniú a dhéanamh ar ár dtoghlaigh do Pharlaimint na hEorpa.

Is iad na forálacha a bhaineann le hathbhreithniú ar thoghlaigh in alt 56 (1) (a) agus in alt 57 (1) (a) den Acht um Athchóiriú Toghchán 2022, ná mar a leanas:

Ní mór don Choimisiún Toghcháin aird a thabhairt ar na nithe a leanas agus a thuarascáil á déanamh aige:

  • An líon feisirí de chuid Pharlaimint na hEorpa atá le toghadh sa Stát de réir mar a shonraítear faoi láthair mar thoradh ar na Conarthaí lena rialaítear na Comhphobail Eorpacha – is ionann an líon sin agus 14 anois tar éis an chinnidh ón gComhairle Eorpach an 22 Meán Fómhair 2023;
  • beidh comhionannas réasúnach ionadaíochta ann idir na toghlaigh;
  • toghfar 3, 4 nó 5 feisirí i ngach toghcheantar
  • déanfar sárú teorainneacha contaetha a sheachaint a oiread agus atá sé praiticiúil
  • beidh gach toghlach comhdhéanta de limistéir theorantacha
  • tabharfar aird ar cheisteanna geografacha lena n-áirítear gnéithe fisiceacha suntasacha agus méid agus dlús an daonra i ngach toghlach; agus
  • faoi réir na bhforálacha thuas, déanfaidh an coiste a dhícheall chun leanúnachas a choimeád maidir le socrú na dtoghlach. 

Cuireann an Coimisiún Toghcháin fáilte roimh aighneachtaí maidir le gnóthaí ar cheart a chur san áireamh agus tuairisc á déanamh ar thoghlaigh do Pharlaimint na hEorpa. Ba cheart aighneachtaí a sheoladh chuig an gCoimisiún Toghcháin, Caisleán Bhaile Átha Cliath, Baile Átha Cliath 2 nó le ríomhphost constituencyreview@electoralcommission.ie 

Is é an dáta deiridh le haghaidh aighneachtaí an 29 Deireadh Fómhair 2023.

Foilseofar aighneachtaí a gheofar ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Toghcháin ag www.electoralcommission.ie, agus is féidir breathnú orthu trí shocrú roimh ré.

Éilítear ar an gCoimisiún tuarascáil ina bhfuil moltaí an Choimisiúin a chur faoi bhráid an Oireachtais tráth nach déanaí ná 2 mhí tar éis dó treoir i scríbhinn a fháil ón Aire faoi alt 56 (1) (b) den Acht um Athchóiriú Toghchán, is é sin faoin 27 Samhain 2023.