Cé a bhíonn i mbun na gcúraimí éagsúla sa stáisiún vótála?
Is é an stáisiún vótála an suíomh i bhfoirgneamh poiblí ina ndéantar vótáil ar lá na vótála; tugtar an stáisiún vótaíochta air freisin. Sanntar stáisiún vótála gar dá seoladh baile ar gach vótálaí chun a vóta a chaitheamh. Tugtar ainm agus seoladh do stáisiúin vótála ar checktheregister.ie agus ar do chárta faisnéise vótaíochta, a sheolfar chuig do sheoladh cláraithe roimh thoghchán nó reifreann. Tá sé tábhachtach go dtuigfeá nach gá duit do chárta faisnéise vótaíochta a thabhairt leat chun vóta a chaitheamh ar lá na vótála, ach d’fhéadfadh sé cabhrú le foireann an stáisiúin vótála má bhíonn sé leat.
1 – Poll Clerk
2 – Presiding Officer
3 – Ballot Paper Template
4 – Ballot Box
Ceann comhairimh
Is iad an ceann comhairimh an t-oifigeach a bhíonn i gceannas ar reáchtáil an toghcháin ina dtoghcheantar. Bíonn na freagrachtaí seo a leanas ar chinn chomhairimh:
- Ainmniúcháin iarrthóirí a fháil agus rialú orthu;
- An vótáil, priontáil na bpáipéar ballóide agus comhaireamh na vótaí i ngach toghlach a eagrú;
- Cárta faisnéise vótaíochta a sheoladh chuig gach vótálaí, ar a dtugtar eolas don vótálaí faoina n-uimhir ar chlár na dtoghthóirí agus an stáisiún vótála ag a bhféadfaidh siad vóta a chaitheamh;
- Na socruithe riachtanacha a dhéanamh don phostvótáil agus do vótálaithe speisialta.
Oifigeach ceannais maoirseachta
Ceaptar oifigeach ceannais maoirseachta má bhíonn níos mó ná ceithre stáisiún vótála san fhoirgneamh céanna. Tugann an t-oifigeach ceannais maoirseachta cúnamh do thoghthóirí trína dtreorú go dtí a stáisiún vótála ábhartha, comhairle a thabhairt ar aon fhadhb a bhaineann leis an vótáil, agus maoirseacht ghinearálta a dhéanamh ar an ionad vótála. Is ionadaithe thar ceann an chinn comhairimh iad na hOifigigh Cheannais Mhaoirseachta.
Oifigeach ceannais
Bíonn an t-oifigeach ceannais freagrach as stáisiún vótála a stiúradh go réidh agus go héifeachtach. Ceapann an ceann comhairimh na hoifigigh cheannais agus tugann cléirigh vótála cúnamh dóibh. Bíonn Oifigigh Cheannais freagrach as oscailt, dúnadh agus stiúradh an stáisiúin vótála i gcaitheamh an lae.
Bíonn oifigigh cheannais freagrach as páipéir bhallóide a eisiúint, ag cinntiú gur stampáladh gach ceann leis an marc oifigiúil (is stampa é sin a mharcáiltear ar gach páipéar ballóide agus tá sé riachtanach le go gcomhairfear an vóta). D’fhéadfadh an t-oifigeach ceannais cruthúnas aitheantais a iarraidh sula marcálann an cléireach vótála d’ainm ón gclár.
Féadfaidh an t-oifigeach ceannais cabhrú le roinnt catagóirí vótála má iarrtar sin. Tá cabhrú, más gá, le vótálaithe faoi mhíchumas, le vótálaithe a bhfuil dúshláin litearthachta le sárú acu nó le vótálaithe a bhfuil lagú amhairc orthu i measc na gcatagóirí sin. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar an rannóg faoi Vótáil Inrochtana.
Cléireach vótála
Ceapann an ceann comhairimh na cléirigh vótála chun cúnamh a thabhairt don oifigeach ceannais. Cabhraíonn an cléireach vótála lena chinntiú go stampáiltear gach páipéar ballóide leis an marc oifigiúil. Féadfaidh cléireach vótála go leor de dhualgais an oifigigh ceannais a chomhlíonadh.
Páipéir Bhallóide a eisiúint
Eisíonn oifigigh cheannais agus/nó cléirigh vótála páipéir bhallóide. Déanfaidh siad:
- Ainm agus seoladh a iarraidh ar an vótálaí
- An t-ainm a lorg ar an gclár
- Cruthúnas aitheantais a iarraidh ar dhuine as gach ceathrar toghthóirí
- An t-ainm a bhaint den chlár
- An páipéar ballóide a stampáil sula n-eisítear don vótálaí é
Tá sé tábhachtach go dtuigfí mura stampáiltear an marc oifigiúil ar an bpáipéar ballóide go measfar go bhfuil an páipéar ballóide neamhbhailí agus ní chomhairfear an vóta.
Má dhéanann an vótálaí botún ar an bpáipéar ballóide trí thimpiste, is féidir an páipéar ballóide sin a thabhairt ar ais don oifigeach ceannais/cléireach vótála agus eiseofar páipéar ballóide nua don vótálaí.
An píosa páipéir a úsáidtear chun vóta a chaitheamh i dtoghchán. Bíonn treoracha air faoin gcaoi le vóta a chaitheamh, ainm agus seoladh na n-iarrthóirí, agus ainm agus suaitheantas an pháirtí a ndéanann siad ionadaíocht air más ábhartha.
Páipéir bhallóide nach bhfuil aon rogha fágtha orthu lena haistriú.
- An Ceann Comhairimh nó ionadaí thar ceann an Chinn Comhairimh;
- Oifigigh cheannais (oifigigh cheannais mhaoirseachta ina measc) agus cléirigh vótaíochta;
- Féadfaidh iarrthóirí a bheith i láthair ina dtoghlaigh féin
- Gníomhaire pearsanaíochta ceaptha;
- Toghthóirí atá ansin chun vóta a chaitheamh;
- Féadfaidh páistí a bheith i láthair lena dtuismitheoirí/caomhnóirí;
- Duine atá ag gníomhú mar “chompánach” do vótálaí faoi mhíchumas, vótálaí ag a bhfuil fadhbanna litearthachta nó lagú amhairc. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar an rannóg faoi Vótáil Inrochtana;
- Gardaí ar dualgas;
- Aon duine eile ag a bhfuil údarás ón gCeann Comhairimh a bheith i láthair.
*This list is subject to review.