Clár Taighde
Comhairliúchán poiblí ar sheoltaí iarrthóirí ar pháipéir bhallóide
Tá an Coimisiún Toghcháin ag tabhairt faoi thaighde ar an mbeartas a bhaineann le seoltaí iarrthóirí a thabhairt ar an bpáipéar ballóide. Freagróirí ar chomhairliúchán an Choimisiúin maidir lena chlár taighde a tharraing anuas an gá atá leis an mbeartas sin a athbhreithniú, agus tarraingíodh anuas é freisin in Tuarascáil an Tascfhórsa um Rannpháirtíocht Shábháilte sa Saol Polaitíochta (2024).
Léigh an cháipéis chomhairliúcháin ghearr le haghaidh tuilleadh comhthéacs agus ceisteanna sonracha agus cuir do fhreagra isteach faoi Dé hAoine, 31 Eanáir 2025.
Má tá tú ag freagairt ar ríomhphost, seol do fhreagra chuig research@electoralcommission.ie.
Má tá tú ag freagairt sa phost, seol do fhreagra chuig:
An Dr Catherine Lynch
Sláine Toghcháin agus Taighde,
An Coimisiún Toghcháin, Bloc M, Caisleán Bhaile Átha Cliath,
Baile Átha Cliath 2, D02 X8X8.
Clár Taighde 2024 – 2026
Leagtar amach in Alt 64 den Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022 gur féidir leis an gCoimisiún Toghcháin taighde a choimisiúnú nó a dhéanamh ar bheartas agus nósanna imeachta toghcháin, ceisteanna a bhaineann le comhlíonadh a fheidhmeanna ina measc agus, ag eascairt as an taighde sin, féadfaidh sé moltaí a dhéanamh don Aire agus don Rialtas de réir mar is cuí leis. Foráiltear ann freisin go n-ullmhóidh an Coimisiún Toghcháin Clár Taighde bliantúil a chuirfear faoi bhráid Thithe an Oireachtais agus a fhoilseofar.
Dá bhrí sin, d’fhoilsigh an Coimisiún a Dhréachtchlár Taighde le haghaidh comhairliúchán poiblí i mí na Samhna 2023. Fuarthas 62 aighneacht san iomlán ón bpobal, ó eagraíochtaí agus ó pháirtithe leasmhara ábhartha. Rinne an Coimisiún agus a Ghrúpa Comhairleach Taighde na haighneachtaí ar fad a mheas go cúramach nuair a bhí an Clár Taighde á chur i gcrích, agus foilsíodh é agus cuireadh faoi bhráid Thithe an Oireachtais é ar an 10 Iúil 2024. Is féidir féachaint ar an gClár Taighde thíos.
Is féidir ceisteanna agus aiseolas faoi Chlár Taighde an Choimisiúin Toghcháin a chur ar ríomhphost chuig research@electoralcommission.ie, nó sa phost chuig: An tAonad Sláine Toghcháin agus Taighde, An Coimisiún Toghcháin, Caisleán Bhaile Átha Cliath, Baile Átha Cliath 2, D02 X8X8.
Dréachtchlár Taighde
D’fhoilsigh an Coimisiún Toghcháin a chéad Dréachtchlár Taighde le haghaidh comhairliúchán poiblí ar an 10 Samhain 2023. Fuarthas 62 aighneacht.
Bhíomar an-tógtha le caighdeán na n-aighneachtaí sin agus bhí tionchar acu ar an gcur chuige a leagtar amach sa Chlár Taighde deiridh a foilsíodh agus a cuireadh faoi bhráid Thithe an Oireachtais ar an 10 Iúil.
Ghrúpa Comhairleach Taighde
Ar an 23 Feabhra 2024, d’fhógair An Coimisiún Toghcháin bunú an Ghrúpa Comhairleach Taighde, grúpa ilghnéitheach agus saineolach a cuireadh ar bun le tacú leis An gCoimisiún i soláthar an taighde a moladh i nDréachtchlár Taighde 2024-2026. Ar mhaithe leis an trédhearcacht, tá miontuairiscí na gcruinnithe ón 5 Márta 2024 ar aghaidh foilsithe thíos.