Skip to main content
A collage of election posters from different EU States.

Is é do vóta do ghuth

Comhairliúchán

Comhairliúchán ar Phóstaeir Thoghcháin

Bunaíodh an Coimisiún Toghcháin (An Coimisiún), coimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann, ar an 9 Feabhra 2023. Leagtar amach cumhachtaí an Choimisiúin san Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022 agus tabhairt faoi thaighde toghcháin nó taighde toghcháin a choimisiúnú ina gcuid díobh sin. Féadfaidh an Coimisiún moltaí a dhéanamh freisin bunaithe ar an taighde sin don Aire agus don Rialtas.

Táimid ag cur tús le taighde ar úsáid na bpóstaer mar uirlis cumarsáide polaitiúla. Tá úsáid póstaer i rith fheachtais toghcháin agus reifrinn na hÉireann ina ábhar mór cur agus cúiteamh le blianta fada anuas i measc saineolaithe, páirtithe leasmhara, na meán agus an phobail i gcoitinne.

Breathnóidh an taighde seo ar na rialacha agus na cleachtais a bhaineann le póstaeir a chrochadh i dtíortha eile, agus cuirfear córas toghcháin agus daonlathach ar leith na hÉireann san áireamh freisin. Scrúdófar na rialacha atá i bhfeidhm in Éirinn agus an chaoi a n-oibríonn siad, chomh maith leis an bhfianaise i dtaobh póstaer, a gcuspóirí agus aon bhuntáistí agus míbhuntáistí a bhaineann lena n-úsáid.

Téann póstaeir i bhfeidhm ar gach duine a chónaíonn in Éirinn toisc go mbíonn siad le feiceáil go fairsing ar fud na tíre i rith tréimhsí toghcháin.

Beidh tuairimí na bpáirtithe leasmhara agus an phobail ina thoisc thábhachtach mar sin agus sinn ag machnamh ar thodhchaí na bpóstaer toghcháin in Éirinn le béim ar leith ar:

  • Ról na bpóstaer mar uirlis cumarsáide polaitiúla i bhfeachtais toghcháin in Éirinn agus i dtíortha eile, i gcomparáid le modhanna eile cumarsáide polaitiúla, idir thraidisiúnta agus ar líne;
  • an tionchar a bhíonn ag póstaeir, má bhíonn, ar rannpháirtíocht pholaitiúil agus feasacht toghcháin i measc na dtoghthóirí, daoine a d’fhéadfadh a bheith imeallaithe ón bpróiseas polaitiúil ina measc; agus
  • tionchair chomhshaoil agus sábháilteachta na bpóstaer.

Is é an spriocdháta d’aighneachtaí don Chomhairliúchán ar Phóstaeir Thoghcháin Dé hAoine 9 Bealtaine 2025 ag 5:00i.n.

Tá tuilleadh eolais inár gcáipéis chúlra.

D’aighneacht a dhéanamh

Líon amach an fhoirm thíos le d’aighneacht a dhéanamh don chomhairliúchán ar Phóstaeir Toghcháin le cur le taighde ar an ábhar.

De rogha air sin, is féidir d’aighneacht a chur chugainn trí ríomhphost chuig research@electoralcommission.ie le ‘Comhairliúchán ar Phóstaeir Thoghcháin’ sa líne ábhair faoi 5i.n. ar an 9 Bealtaine 2025. 

Féadfar aighneachtaí a sheoladh sa phost chomh maith go dtí: An tAonad Taighde, An Coimisiún Toghcháin, Block M, Caisleán Bhaile Átha Cliath, Baile Átha Cliath 2, D02 X8X8.