Skip to main content

Is é do vóta do ghuth

Córas vótála na hÉireann

Baineann Éire leas as ionadaíocht chionmhar (PR) chun vóta a chaitheamh i dtoghcháin, mar a mbíonn aonvóta inaistrithe (STV) ag gach vótálaí.

Baintear leas as Ionadaíocht Chionmhar – Aonvóta Inaistrithe (PR-STV) chun vóta a chaitheamh in:

  • Olltoghcháin;
  • Toghcháin áitiúla;
  • Toghcháin Eorpacha;
  • Toghcháin an Uachtaráin; agus
  • Toghcháin mhéarachta.

Is córas bunaithe ar iarrthóirí é PR-STV. Ciallaíonn sé sin gur féidir le vótálaithe vóta a chaitheamh dá mhéad nó dá laghad iarrthóirí in ord a dtosaíochta agus is mian leo.

Is é vóta céad-rogha an vótálaí – an t-iarrthóir a fhaigheann vóta uimhir 1 – an ceann is tábhachtaí agus comhairtear i gcónaí é. D’fhéadfaí an dara rogha (agus roghanna eile ina dhiaidh sin) a chomhaireamh má chuirtear an t-iarrthóir is fearr leo as an iomaíocht ag deireadh babhta comhairimh, nó má thoghtar iad le farasbarr. Tugtar aistrithe orthu sin. Tá tuilleadh eolais ar na leathanaigh Cén chaoi a gcaitear vóta? agus An Chaoi a gComhairtear do Vóta.

I gcás reifreann, ina mbíonn ar dhaoine vóta a chaitheamh faoi athruithe ar Bhunreacht na hÉireann, caitear vóta ‘TÁ’ nó ‘NÍL’.

Na príomhghnéithe de chóras toghcháin na hÉireann:

  • Toghtar níos mó ná iarrthóir amháin chun ionadaíocht a dhéanamh ar gach toghcheantar;
  • Is féidir le vótálaí a mhéad (nó a laghad) iarrthóirí a roghnú in ord a dtosaíochta agus is mian leo;
  • Comhairtear an chéad rogha a dhéanann vótálaí i gcónaí. Comhairtear an dara rogha agus na roghanna ina dhiaidh sin go minic, agus d’fhéadfaidís torthaí toghcháin a chinneadh.

Toghcheantair

I gcás thoghcháin na Dála agus na dtoghchán Eorpach agus áitiúil, toghann an lucht vótála níos mó ná iarrthóir amháin.

I dtoghcheantair don Dáil agus do Pharlaimint na hEorpa, ar a dtugtar Dáilcheantair agus Toghlaigh, bíonn 3, 4 nó 5 shuíochán (ionadaithe tofa) sa cheantar, ag brath ar mhéid an daonra.

I dtoghcháin áitiúla, tugtar Toghlimistéir Áitiúla ar na toghcheantair. Bíonn 3, 4, 5, 6 nó 7 suíochán iontu siúd. Dá bhrí sin, beidh cúpla ionadaí tofa difriúil ag gach vótálaí.

I gcás thoghcháin an Uachtaráin agus toghcháin mhéarachta, ní thoghtar ach iarrthóir amháin.

An chaoi a gcomhairtear do vóta

Nuair a bhíonn an vótáil thart, tugtar na boscaí ballóide ar fad go dtí suíomh lárnach comhairimh le haghaidh gach toghcheantair. Tosaíonn an comhaireamh ag a 9.00 r.n. an lá i ndiaidh lá na vótála sna toghcháin áitiúla. I gcás na dtoghchán Eorpacha, tosaíonn an comhaireamh nuair a bhíonn gach Ballstáit AE críochnaithe leis an vótáil. Comhairtear na vótaí ar an mbealach céanna sna toghcháin PR-STV ar fad.

Oscailt na mboscaí ballóide

I ndiaidh na boscaí ballóide ar fad a oscailt, tosaíonn próiseas réitigh ina seiceáiltear líon na mballóidí a eisíodh san ionad vótála le hais líon na mballóidí sna boscaí ballóide. Seiceáiltear gach páipéar ballóide lena chinntiú gur líonadh isteach i gceart é agus leagtar aon vóta a d’fhéadfadh a bheith millte ar leataobh. Comhairtear líon na bpáipéar ballóide chun an vótáil iomlán, is é sin líon iomlán na vótaí, a chinneadh.

An chéad chomhaireamh agus ríomh an chuóta

Sórtáiltear na páipéir bhallóide de réir na gcéad roghanna le haghaidh gach iarrthóra, agus ansin comhairtear na chéad roghanna. Cinntear an vótáil iomlán bhailí i ndiaidh na vótaí millte ar fad a mheas. D’fhéadfaí a mheas go bhfuil páipéar ballóide millte mar gheall ar scríbhneoireacht ar an bpáipéar ballóide; murar marcáladh aon chéad rogha d’iarrthóir go soiléir; nó murar stampáil an tOifigeach Ceannais nó Cléireach Vótaíochta an páipéar ballóide.

Ríomhtar an cuóta ansin bunaithe ar an vótáil iomlán bhailí. Is é an cuóta an líon vótaí a chinntíonn go dtoghtar iarrthóir, má fhaigheann siad an líon sin vótaí. D’fhéadfaí iarrthóir a thoghadh fiú gan an cuóta a shroicheadh, ach ní tharlaíonn sé sin go dtí go n-eisiatar na hiarrthóirí eile ar fad.

Ríomhtar an cuóta trí líon iomlán na bpáipéar ballóide bailí a roinnt ar líon na suíochán atá le líonadh, móide a haon.

Example calculation

Mar shampla, i dtoghcheantar ina bhfuil ceithre shuíochán agus ina bhfuil 60,000 vóta bailí, is é an cuóta:

Is foirmle é an cuóta a ríomhtar ar bhonn an líon vótaí is ísle is féidir a líonadh ag líon na n-iarrthóirí atá le toghadh. Sa sampla thuasluaite a bhaineann le toghcheantar ina bhfuil ceithre shuíochán, ní féidir ach le ceathrar iarrthóirí an cuóta 12,001 vóta an duine a shroicheadh, toisc nach bhfágfaí ach 11,996 vóta.

Dáileadh farasbairr

Is é an farasbarr an líon vótaí atá ag iarrthóirí os cionn an chuóta. Aon iarrthóir a shroicheann nó a sháraíonn an cuóta ar an gcéad chomhaireamh, meastar iad a bheith tofa. Is é an chéad chomhaireamh an t-aon uair a chomhairtear vótaí dara rogha uile iarrthóra go hiondúil. Roinntear an farasbarr sin idir na hiarrthóirí atá fágtha. Tar éis gach comhairimh ina dhiaidh sin, is iad na páipéir bhallóide (farasbairr) atá fágtha, i ndiaidh d’iarrthóir an cuóta a shroicheadh, a athdháiltear (a aistrítear) chuig na hiarrthóirí atá fágtha, agus iad sin amháin.

Ní dháiltear farasbarr seachas más féidir leis sprioc amháin acu seo a leanas a bhaint amach:

  • An chéad iarrthóir eile is airde atá ag dul ar aghaidh a thoghadh;
  • An t-iarrthóir is ísle atá ag dul ar aghaidh a thabhairt ar aon leibhéal nó os cionn an dara hiarrthóir is ísle atá ag dul ar aghaidh;
  • An t-iarrthóir is ísle atá ag dul ar aghaidh a cháiliú le go n-aisíocfaí a gcostais nó a n-éarlais toghcháin leo (más ábhartha).

Cinntear an bhfuil farasbarr le dáileadh tar éis gach comhairimh bunaithe ar an bhfarasbarr atá ar fáil.

An t-iarrthóir nó na hiarrthóirí is ísle a eisiamh

Mura bhfuil aon fharasbarr ar fáil, nó mura gceadaítear dáileadh an fharasbairr, eisiatar an t-iarrthóir nó na hiarrthóirí is ísle agus dáiltear a vótaí ar na hiarrthóirí atá fágtha.

Déantar beirt iarrthóirí nó níos mó a eisiamh in éindí nuair is léir nach féidir le heisiamh iarrthóra amháin nó níos mó tionchar ábhartha a imirt ar thoradh an toghcháin ná éarlais iarrthóra atá fágtha a shábháil.

Aistrithe

Sa chás go ndáiltear farasbarr iarrthóra, nó go n-eisiatar iarrthóir, athdháiltear a vótaí. Déantar neamhaird d’aon rogha d’iarrthóirí a toghadh nó a eisiadh cheana féin. Úsáidtear an chéad rogha eile atá ar fáil ar an bpáipéar ballóide.

Measfar go bhfuil páipéir bhallóide ‘neamh-inaistrithe’ murar marcáladh aon rogha d’aon iarrthóir nár toghadh nó nár eisiadh ag an bpointe sin den chomhaireamh.

Athchomhaireamh

Féadfaidh an Ceann Comhairimh cinneadh a dhéanamh am ar bith na páipéir bhallóide ar fad nó aon chuid díobh a athscrúdú agus torthaí a fógraíodh cheana féin a athrú. Féadfaidh iarrthóirí athchomhaireamh a iarraidh freisin; ní dhéantar iarratas ar a leithéid go hiondúil seachas má bhíonn toradh toghcháin an-ghar.