Deiseanna
Is comhlacht reachtúil neamhspleách é an Coimisiún Toghcháin atá freagrach as raon leathan d’fheidhmeanna toghcháin agus atá lárnach i ndaonlathas a chosaint agus a chur chun cinn in Éirinn. Ritheadh reachtaíocht an Choimisiúin san Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022.
Táimid ag earcú Speisialtóir Gairmeacha Taighde agus Soláthair ar leibhéal Ardoifigigh Feidhmiúcháin. Ról meánbhainistíochta é an Speisialtóir Gairmeacha Taighde agus Soláthair lena mbaineann freagrachtaí bainistíochta tionscadal suntasacha. Tacóidh an té a cheapfar le baint amach an Chláir Taighde, agus táthar ag súil go nglacfadh siad ról ceannaireachta i gcomhordú, bainistíocht agus seachadadh gairmeacha taighde agus conarthaí soláthair iomadúla, leanúnacha agus íogair ó thaobh ama de, chomh maith le córais nua rialachais agus dea-chleachtais a bhunú don Aonad.
Deis ar leith é an post do dhuine uaillmhianach agus díocasach chun oibriú i gcoimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann. Beidh an Speisialtóir Gairmeacha Taighde agus Soláthair ag obair ar an bhFoireann Sláine Toghcháin agus Taighde i dtimpeallacht chuimsitheach agus spleodrach, ina dtacaítear le folláine agus féinfhorbairt le tionscnaimh éagsúla don chothromaíocht oibre is saoil, obair chumaisc agus forbairt ghairmiúil leanúnach ina measc.