Maoirseacht ar Chlár na dToghthóirí
Tá ról maoirseachta ag an gCoimisiún Toghcháin maidir le Clár na dToghthóirí.
Cé go ndéanann údaráis áitiúla Cláir Thoghthóirí a bhainistiú agus a chothabháil, féadfaidh an Coimisiún Toghcháin taighde a choimisiúnú nó a dhéanamh i ndáil leis na nithe seo a leanas;
- cruinneas agus iomláine na gclár toghthóirí;
- cothabháil na gclár toghthóirí;
- na próisis a bhaineann le tiomsú, cothabháil agus feidhmiú na gclár toghthóirí.
Gach bliain, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil ina leagfar amach aon taighde a rinne sé agus measúnú an Choimisiúin ar stádas agus ar fheidhmiú an chláir toghthóirí agus aon mholtaí a mheasann an Coimisiún is gá chun sláine an chláir toghthóirí agus an phróisis chlárúcháin a chothabháil agus a fheabhsú.
Chun tuilleadh eolais a fháil ar chláir toghcháin féach ar an Suíomh Gréasáin Seiceáil an Clár.