Skip to main content

Is é do vóta do ghuth

Ná Fan ar Thoghchán – Cláraigh Laistigh de 3 Nóiméad

15 Meán Fómhair 2024 – Chun comóradh a dhéanamh ar Lá Idirnáisiúnta an Daonlathais, tá an Coimisiún Toghcháin, coimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann, ag éileamh ar vótálaithe féideartha gan fanacht ar fhógra faoi thoghchán chun clárú le vótáil.

Chun comóradh a dhéanamh ar Lá Idirnáisiúnta an Daonlathais de chuid na Náisiún Aontaithe, a bhíonn ar siúl ar an 15 Meán Fómhair gach bliain, tá an Coimisiún ag eisiúint na mílte póstaer faoi chlárú vótálaithe chuig oifigí poist, leabharlanna, ollscoileanna, aontais mac léinn, oifigí Intreo, suíomhanna sláinte agus ionaid eile ar fud na tíre. Féadfaidh daoine a bhreathnaíonn ar an bpóstaer an cód QR a scanadh gan mhoill, dul go dtí an suíomh gréasáin www.CheckTheRegister.ie, agus a bheith cláraithe le vóta a chaitheamh laistigh de 3 nóiméad.  

Beidh Olltoghchán le reáchtáil roimh mhí an Mhárta 2025, agus Toghchán an Uachtaráin roimh mhí na Samhna 2025. Mar sin tá an Coimisiún Toghcháin ag cur fainic ar dhaoine go mbíonn na spriocdhátaí chun clárú le vótáil an-ghearr i ndiaidh toghchán a ghairm, agus go mbíonn an tréimhse inar féidir clárú le haghaidh postvótála/vótáil speisialta níos gaire fós, agus é socraithe ag 2 lá i ndiaidh an Ordaithe maidir leis an Lá Vótaíochta.

Is bliain thar a bheith tábhachtach do dhaonlathas na hÉireann é 2024, bliain inar caitheadh níos mó ná 6.7m vóta ar leith cheana féin in dhá reifreann, na toghcháin áitiúla agus na toghcháin Eorpacha.

Daoine a chaill amach ar dheiseanna cheana féin i mbliain le vóta a chaitheamh mar nach raibh siad cláraithe, daoine a bhog go háit chónaithe nua, daoine a bhfuil 18 mbliana slánaithe acu le deireanas nó a bheidh 18 mbliana d’aois go luath – ba cheart dóibh ar fad gníomhú anois le go mbeidh a n-ainm ar Chlár na dToghthóirí don chéad toghchán eile. Fiú má cheapann tú go bhfuil tú cláraithe, moltar duit do chuid sonraí a sheiceáil arís chun a chinntiú go bhfuil gach rud mar is ceart.

Dúirt Art O’Leary, Príomhfheidhmeannach an Choimisiúin Toghcháin:

“Inniu, Lá Idirnáisiúnta an Daonlathais, seachain fuadar agus práinn amach anseo, agus cláraigh le vótáil. Thriaileamar é le vótálaí céaduaire, agus thóg sé níos lú ná 3 nóiméad clárú ar líne ar CheckTheRegister.ie

“Tá an t-ádh linn anseo in Éirinn go bhfuil cónaí orainn i gceann de na daonlathais leanúnacha is sine ar domhan. Go dtí seo in 2024, caitheadh os cionn 6.7m vóta ar leith i reifrinn náisiúnta agus toghcháin.  

“Bíonn fuadar faoi dhaoine i gcónaí nuair a fhógraítear toghchán, agus tá an scoithdháta réamhthoghcháin ag teannadh linn. Seachain an fuadar sin agus cláraigh inniu.”

I measc fheidhmeanna an Choimisiúin Toghcháin, coimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann, tá de dhualgas air feasacht a mhéadú ar thoghcháin na hÉireann agus líon na ndaoine a chaitheann vóta a mhéadú trí fheachtais oideachais agus eolais.

CRÍOCH 

Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil le:

Brian Dawson, Bainisteoir Cumarsáide agus Rannpháirteachas an Phobail,

An Coimisiún Toghcháin,

086 0749344 Brian.dawson@electoralcommission.ie  

Nóta d’Eagarthóirí:

Tá dhá phóstaer á n-eisiúint chun daoine a spreagadh le clárú le vótáil; tá an péire ar fáil lena n-íoslódáil ag na naisc thíos:    

Póstaer ‘Cláraigh le Vótáil’

Póstaer postvótála  

‘Cláraigh le Vótáil’

Tá tuilleadh faisnéise faoi vótálaithe a chlárú le fáil ar ár suíomh gréasáin ar  

Físeán ‘Conas Vóta a Chaitheamh’

Tá físeán gearr ina léirítear go beacht an chaoi le do pháipéar ballóide a fháil agus a líonadh isteach ar ár suíomh gréasáin ar https://www.electoralcommission.ie/ga/conas-vota-a-chaitheamh/

An Coimisiún Toghcháin

Is comhlacht reachtúil neamhspleách é an Coimisiún Toghcháin a bunaíodh an 9 Feabhra 2023 ag a bhfuil freagracht as raon leathan d’fheidhmeanna toghcháin a leagtar amach san Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022. Tá an Coimisiún lárnach do chóras toghcháin na hÉireann, agus tugann sé faoi raon feidhmeanna toghcháin atá ann cheana féin, ina measc:

  • freagracht as páirtithe polaitíochta a chlárú;
  • feasacht an phobail ar phróisis toghcháin agus dhaonlathacha an Stáit a chur chun cinn, agus oibriú chun rannpháirteachais an phobail iontu a mhéadú, trí chláir oideachais agus eolais;
  • maoirseacht a dhéanamh ar an gClár Toghcháin nuachóirithe, moltaí a dhéanamh agus caighdeáin a leagan síos maidir lena choimeád agus lena nuashonrú;
  • fógraíocht pholaitiúil ar líne a n-íoctar aisti a rialú, ag cinntiú trédhearcachta maidir le fógraí polaitiúla ar líne i rith tréimhse feachtais toghcháin nó reifrinn; (Níor cuireadh tús leis an reachtaíocht go fóill); agus
  • fógraíocht pholaitiúil ar líne a n-íoctar aisti a rialú, ag cinntiú trédhearcachta maidir le fógraí polaitiúla ar líne i rith tréimhse feachtais toghcháin nó reifrinn; (Níor cuireadh tús leis an reachtaíocht go fóill); agus

Leagtar cúraimí ar an gCoimisiún freisin i dtaobh róil nua toghcháin éagsúla, ina measc:

  • tuarascálacha a chur i dtoll a chéile don Aire maidir le teorainneacha toghcháin áitiúil;
  • cláir taighde a ullmhú agus taighde a dhéanamh ar bheartas agus nós imeachta toghcháin, agus comhairle a thabhairt, de réir mar is gá, don Aire agus don Rialtas;
  • tuarascálacha ex post a ullmhú ar riar imeachtaí toghcháin;
  • na seirbhísí cinnteoireachta, maoirseachta, rúnaíochta agus tacaíochta a bhaineann le hábhar na dtograí reifrinn a mhíniú, cur chun cinn fheasacht an phobail ar reifrinn agus spreagadh na dtoghthóirí chun vóta a chaitheamh ar reifrinn; agus
  • tabhairt faoi athbhreithnithe agus tuarascálacha a chur i dtoll a chéile faoi thoghcheantair le haghaidh comhaltaí a thoghadh don Dáil agus comhaltaí a thoghadh do Pharlaimint na hEorpa.

Meastar go leathnófar an tsraith feidhmeanna a leagadh ar an gCoimisiún ar dtús de réir mar a fhorbraíonn sé a chuid acmhainní agus saineolais.