Skip to main content

Is é do vóta do ghuth

12 Meitheamh 2024 – D’fháiltigh an Coimisiún Toghcháin, coimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann, roimh laghdú suntasach 29% ar leibhéal na vótaí millte sna toghcháin áitiúla agus Eorpacha.

Bhailigh an Coimisiún figiúirí sealadacha a léiríonn go raibh 77,464 vóta neamhbhailí nó millte sna toghcháin áitiúla agus Eorpacha ar an 7 Meitheamh. Dearbhaíodh go raibh 108,488 vóta neamhbhailí sna toghcháin sin in 2019. Sin laghdú 31,024, cé gur tháinig méadú ar líon na ndaoine a chaith vóta.

Bhí Feachtas Oideachais do Vótálaithe, “Ná Mill Do Lá”, ag an gCoimisiún Toghcháin sa choicís roimh lá na vótála. Mar chuid den fheachtas sin, chuir an Coimisiún a fhíseán “Conas Vóta a Chaitheamh” chun cinn ar líne agus le grúpaí pobail, agus i níos mó ná 25 agallamh a craoladh go náisiúnta agus go réigiúnach inar díríodh ar an bpróiseas vótála. Roimh na toghcháin, thug 40,000 duine cuairt ar an leathanach “Conas Vóta a Chaitheamh” ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Toghcháin ar a bhfuil físeán ón gCoimisiún faoin gcaoi le ballóid a líonadh isteach i gceart.

Toghcháin Áitiúla

    • I dtoghcháin áitiúla 2019 bhí 1.91% de na vótaí ina vótaí millte (mar chéatadán den líon vótaí a caitheadh), is é sin 34,618 vóta neamhbhailí.
    • I dtoghcháin áitiúla 2024 (torthaí sealadacha) bhí 1.20% de vótaí an 1,864,942 duine a chaith vóta ina vótaí millte, is é sin 22,468 vóta neamhbhailí. Sin laghdú 12,150 ó 2019.
    • Is ionann an laghdú sin agus thart ar 8 gcuóta chun go dtoghfaí duine ar údarás áitiúil.
    • Fiú leis an méadú de os cionn 92,000 vótálaí i gcomparáid le 2019, bhí laghdú i ngach údarás áitiúil ar líon na vótaí millte, agus mar chéatadán den líon iomlán daoine a chaith vóta.
    • Bhí laghdú 3.07% in 2019 go 1.83% ar na ballóidí neamhbhailí i gCathair Bhaile Átha Cliath, agus thit sé ó 2.12% go 1.01% i gCill Mhantáin, ó 2.35% go 1.35% i gCathair Chorcaí agus ó 1.90% go 1.04% san Iarmhí.

Toghcháin Eorpacha

    • I dtoghcháin Eorpacha 2019 bhí 4.22% de na vótaí ina vótaí millte (mar chéatadán den líon vótaí a caitheadh), is é sin 73,870 vóta neamhbhailí.
    • I dtoghcháin Eorpacha 2024 (torthaí sealadacha) bhí 54,996 vóta neamhbhailí, is é sin 3.06% den líon iomlán vótaí a caitheadh – laghdú 18,874 ó 2019, atá thart ar chomh mór le daonra Chluain Meala, cé gur caitheadh beagnach 50,000 vóta breise.

Dúirt Art O’Leary, Príomhfheidhmeannach an Choimisiúin Toghcháin:

“Ár míle buíochas le gach duine a chaith vóta Dé hAoine. Mar gheall ar ár bhfeachtas oideachais do vótálaithe agus iarrachtaí grúpaí pobail, na sochaí sibhialta, Ceann Comhairimh, foirne vótála agus na meán, chonaiceamar laghdú suntasach ar líon na mballóidí a milleadh i ngan fhios, laghdú a baineadh amach d’ainneoin go raibh ar an lucht vótála dul i ngleic le páipéir bhallóide a bhí an-fhada.”

Dúirt Tim Carey, an Ceannasaí Oibríochtaí Toghcháin le haghaidh an Choimisiúin:

“Tugadh faoinár bhfeachtas oideachais mar gheall ar aiseolas ó Chinn Chomhairimh agus polaiteoirí a chuir imní in iúl roimh na toghcháin Eorpacha agus áitiúla. Cé go bhféadfaidh vótáil a bheith simplí, ba léir go mbíonn sé éasca botún a dhéanamh. Tá ríméad orainn gur éisteadh le guth daoine nach gcomhairfí a vótaí seans murach é. Ach bhí foireann an Choimisiúin i mbun breathnóireachta ag go leor de na hionaid chomhairimh agus thuairiscigh siad i gcás fhormhór na vótaí a dearbhaíodh mar neamhbhailí ar an 7 Meitheamh gur léir gur chaith daoine iad ar theastaigh uathu go gcomhairfí a vóta. Mar sin, tá tuilleadh oibre le déanamh.”

I measc fheidhmeanna an Choimisiúin Toghcháin, coimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann, tá de dhualgas air feasacht a mhéadú ar thoghcháin na hÉireann agus líon na ndaoine a chaitheann vóta a mhéadú trí fheachtais oideachais agus eolais.

– CRÍOCH –

Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil le:

Brian Dawson, Bainisteoir Cumarsáide agus Rannpháirteachas an Phobail,

An Coimisiún Toghcháin,

086 0749344 Brian.dawson@electoralcommission.ie

Nóta d’Eagarthóirí:

Anailís ar na vótaí millte

Údarás ÁitiúilIomlán Vótaí Neamhbhailí 2019% Vótaí Neamhbhailí 2019Iomlán Vótaí Neamhbhailí 2024% Vótaí Neamhbhailí 2024
Ceatharlach3401.553291.42
An Cabhán6411.963721.08
An Clár6811.335711.02
Cathair Chorcaí16162.359381.35
Contae Chorcaí21271.5611840.81
DLR18982.398791.13
Dún na nGall9141.258001.03
Cathair Bhaile Átha Cliath43683.0727431.83
Fine Gall22712.7811711.45
Cathair na Gaillimhe3941.643451.40
Contae na Gaillimhe 13141.678561.06
Ciarraí8581.227110.94
Cill Dara14322.049281.18
Cill Chainnigh7001.785771.43
Laois4661.424131.15
Liatroim2141.191770.94
Luimneach14121.8810371.27
An Longfort3111.542321.10
11662.579581.97
Maigh Eo9111.436300.94
An Mhí12851.8210191.32
Muineachán5662.063521.23
Uíbh Fhailí4621.464541.38
Ros Comáin5041.623221.01
Sligeach4611.352810.83
Áth Cliath Theas25353.1313501.57
Tiobraid Árann10021.326350.84
Port Láirge8241.835231.11
An Iarmhí6531.903981.04
Loch Garman11191.836830.95
Cill Mhantáin11732.126001.01
     
Iomláin34618 22468 
Toghcháin Eorpacha 2024
Líon Iomlán ToghthóiríLíon Iomlán Vótaí a Caitheadh% den Líon Daoine a VótáilVótaí MillteCéatadán na vótaí a milleadh
Baile Átha Cliath89046838620343.379483
An Lár Tíre – an tIarthuaisceart131819070070053.1620754
An Deisceart13457927133235324759
Iomláin 20243554450180022650.6549963.06
2019 Totals3526023175187349.7738704.22

An Coimisiún Toghcháin

Is comhlacht reachtúil neamhspleách é an Coimisiún Toghcháin a bunaíodh an 9 Feabhra 2023 ag a bhfuil freagracht as raon leathan d’fheidhmeanna toghcháin a leagtar amach san Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022. Tá an Coimisiún lárnach do chóras toghcháin na hÉireann, agus tugann sé faoi raon feidhmeanna toghcháin atá ann cheana féin, ina measc:

  • freagracht as páirtithe polaitíochta a chlárú;
  • tuiscint an phobail a chur chun cinn ar phróisis thoghcháin agus daonlathacha an Stáit, agus obair a dhéanamh chun a rannpháirteachas iontu a mhéadú, trí chláir oideachais agus faisnéise;
  • maoirseacht a dhéanamh ar an gClár Toghcháin nuachóirithe, moltaí a dhéanamh agus caighdeáin a leagan síos maidir lena choimeád agus lena nuashonrú;
  • fógraíocht pholaitiúil ar líne a n-íoctar aisti a rialú, ag cinntiú trédhearcachta maidir le fógraí polaitiúla ar líne i rith tréimhse feachtais toghcháin nó reifrinn; (Níor cuireadh tús leis an reachtaíocht go fóill); agus
  • fógraíocht pholaitiúil ar líne a n-íoctar aisti a rialú, ag cinntiú trédhearcachta maidir le fógraí polaitiúla ar líne i rith tréimhse feachtais toghcháin nó reifrinn; (Níor cuireadh tús leis an reachtaíocht go fóill); agus

Cuirtear roinnt ról toghcháin nua de chúram ar an gCoimisiún freisin, lena n-áirítear:

  • tuarascálacha a chur i dtoll a chéile don Aire maidir le teorainneacha toghcháin áitiúil;
  • cláir taighde a ullmhú agus taighde a dhéanamh ar bheartas agus nós imeachta toghcháin, agus comhairle a thabhairt, de réir mar is gá, don Aire agus don Rialtas;
  • tuarascálacha ex post a ullmhú ar riar imeachtaí toghcháin;
  • an chinnteoireacht, maoirseacht, rúnaíocht agus seirbhísí tacaíochta a bhaineann le hábhar mholtaí an reifrinn a mhíniú, tuiscint an phobail a chur chun cinn maidir leis an reifreann agus na toghthóirí a spreagadh chun vótáil i vóta an reifrinn
  • athbhreithnithe a dhéanamh agus tuarascálacha a thabhairt i ndáil leis na dáilcheantair is na toghcheantair, chun Teachtaí Dála a thoghadh chun na Dála agus i ndáil le toghadh feisirí do Pharlaimint na hEorpa.

Táthar ag súil go gcuirfear leis an tsraith tosaigh feidhmeanna a sannadh don Choimisiún, de réir mar a chuireann sé lena chumas agus lena shaineolas.