Skip to main content
A ballot paper being stamped

Is é do vóta do ghuth

15 Iúil 2024 – D’fhoilsigh an Coimisiún Toghcháin, coimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann, tuarascáil inniu faoi chomhlíonadh a fheidhmeanna i gcás na reifreann ar an Teaghlach agus Cúram a bhí ar siúl ar an 8 Márta i mbliana.

Leagtar amach sa tuarascáil an chaoi ar chomhlíon an Coimisiún a fheidhmeanna mar a leagtar amach san Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022 chun míniú ginearálta a thabhairt don phobal ar na tograí reifrinn, feasacht ar na reifrinn a chur chun cinn agus daoine a spreagadh le bheith rannpháirteach agus vóta a chaitheamh.  

Déanann an Coimisiún cúig mholadh freisin don Rialtas maidir le hábhar a tháinig chun cinn i rith fheachtas eolais na reifreann.

Is iad na moltaí sin:

  1. Ba cheart don Rialtas leasú beartaithe a fhoilsiú tráth nach déanaí ná 16 seachtaine roimh lá beartaithe na vótála.
  2. Ba cheart d’Ordú maidir leis an Lá Vótaíochta le haghaidh reifrinn fógra 60 lá ar a laghad a thabhairt roimh lá vótála reifrinn.
  3. Ba cheart an moratóir ar chraoladh a bhaint ó na treoirlínte le haghaidh craoltóirí raidió agus teilifíse roimh an gcéad imeacht toghcháin eile.
  4. Déantar athbhreithniú ar dhearadh foriomlán na bpáipéar ballóide le haghaidh reifrinn roimh an gcéad reifreann eile.
  5. Ba cheart an Coimisiún Toghcháin a chistiú ón bPríomhchiste

Ba iad na Reifrinn sin an chéad imeacht toghcháin ag an gCoimisiún ó bunaíodh é i mí Feabhra 2023. I rith shé seachtaine an fheachtais, rinne an Coimisiún Toghcháin:

  • 2.3m Leabhrán Eolais an Reifrinn a scríobh, a dhearadh agus a chur i gcló chun go seachadfadh An Post iad ar gach teaghlach, agus ar shuíomhanna cúraim, leabharlanna, oifigí comhairle saoránach, oifigí poist agus ar phearsanra Éireannach ar seirbhís thar lear. Cuireadh an leabhrán sin ar fáil i bhformáidí inrochtana difriúla freisin, ina measc leaganacha Éasca le Léamh, Theanga Chomharthaíochta na hÉireann, Braille, closábhair agus téacs mhóir.
  • Feachtas fógraíochta feasachta náisiúnta don phobal ina raibh trí chéim a chruthú agus a sholáthar, inar díríodh ar dhaoine a chlárú le vótáil, iad a chur ar an eolas faoi Reifrinn an 8 Márta agus iad a spreagadh le vóta a chaitheamh.
  • Imeachtaí faisnéise feachtais fisiciúla a eagrú i bpobail ar fud deich gcontae.
  • Na céadta ceisteanna a fhreagairt trí 58 agallamh ar na meáin áitiúla agus náisiúnta ar an teilifís, raidió, sna meáin chlóite agus ar líne, na meáin Ghaeilge ina measc.
  • 770,000 cuairt leathanaigh a éascú ar leathanaigh faisnéise ár suímh gréasáin dhátheangaigh faoi na reifrinn agus níos mó ná 20,000 íoslódáil de Leabhrán Eolais an Reifrinn dár gcuid.
  • 1,184 ceist a chuir an pobal ar an gCoimisiún go díreach a fhreagairt.

Dúirt Art O’Leary, Príomhfheidhmeannach an Choimisiúin Toghcháin:

“Is é ár ról mar choimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann míniú ginearálta a thabhairt don phobal ar na tograí reifrinn, feasacht ar na reifrinn a chur chun cinn agus daoine a spreagadh le heolas a fháil fúthu agus vóta a chaitheamh.

“Le linn dúinn ár bhfeidhmeanna reifreann a chomhlíonadh, mar a leagtar amach sa tuarascáil seo, chonaiceamar feabhsúcháin freisin a d’fhéadfaí a dhéanamh, ina measc ceisteanna faoi uainiú feachtais reifrinn, an moratóir ar chraoladh agus dearadh na bpáipéar ballóide, a d’fhéadfadh taithí na vótálaithe a fheabhsú sa chineál seo vótála bunreachtúla.”  

CRÍOCH

Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil le:

Brian Dawson, Bainisteoir Cumarsáide agus Rannpháirteachas an Phobail,

An Coimisiún Toghcháin,

086 0749344 Brian.dawson@electoralcommission.ie

– CRÍOCH –

Nóta d’Eagarthóirí:

Tá an Tuarascáil ar na Reifrinn ar an Teaghlach agus Cúram ar fáil ar na naisc seo a leanas:

English Version

Leagan Gaeilge

An Coimisiún Toghcháin

Is comhlacht reachtúil neamhspleách é an Coimisiún Toghcháin a bunaíodh an 9 Feabhra 2023 ag a bhfuil freagracht as raon leathan d’fheidhmeanna toghcháin a leagtar amach san Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022. Tá an Coimisiún lárnach do chóras toghcháin na hÉireann, agus tugann sé faoi raon feidhmeanna toghcháin atá ann cheana féin, ina measc:

  • na seirbhísí cinnteoireachta, maoirseachta, rúnaíochta agus tacaíochta a bhaineann le hábhar na dtograí reifrinn a mhíniú, cur chun cinn fheasacht an phobail ar reifrinn agus spreagadh na dtoghthóirí chun vóta a chaitheamh ar reifrinn; agus
  • tabhairt faoi athbhreithnithe agus tuarascálacha a chur i dtoll a chéile faoi thoghcheantair le haghaidh comhaltaí a thoghadh don Dáil agus comhaltaí a thoghadh do Pharlaimint na hEorpa.
  • freagracht as páirtithe polaitíochta a chlárú.
  • tuarascálacha a chur i dtoll a chéile don Aire maidir le teorainneacha toghcháin áitiúil.

Leagtar cúraimí ar an gCoimisiún freisin i dtaobh róil nua toghcháin éagsúla, ina measc:

  • cláir taighde a ullmhú agus taighde a dhéanamh ar bheartas agus nós imeachta toghcháin, agus comhairle a thabhairt, de réir mar is gá, don Aire agus don Rialtas.
  • feasacht an phobail ar phróisis toghcháin agus dhaonlathacha an Stáit a chur chun cinn, agus oibriú chun rannpháirtíocht an phobail iontu a mhéadú, trí chláir oideachais agus eolais;
  • maoirseacht a dhéanamh ar an gClár Toghcháin nuachóirithe, moltaí a dhéanamh agus caighdeáin a leagan síos maidir lena choimeád agus lena nuashonrú;
  • fógraíocht pholaitiúil ar líne a n-íoctar aisti a rialú, ag cinntiú trédhearcachta maidir le fógraí polaitiúla ar líne i rith tréimhse feachtais toghcháin nó reifrinn; (Níor cuireadh tús leis an reachtaíocht go fóill)
  • freagracht as imscrúdú agus monatóireacht ar bhréagaisnéis ar líne, mífhaisnéis ar líne agus iompraíocht ionramhálach nó bhréagach ar líne i rith tréimhsí feachtais toghcháin, chomh maith le feidhmeanna chun iompraíocht ionramhálach nó bhréagach ar líne a sheachaint; (Níor cuireadh tús leis an reachtaíocht go fóill)
  • tuarascálacha ex post a ullmhú ar riar imeachtaí toghcháin.

Meastar go leathnófar an tsraith feidhmeanna a leagadh ar an gCoimisiún ar dtús de réir mar a fhorbraíonn sé a chuid acmhainní agus saineolais.