Skip to main content
Decorative image of votes being counted

Is é do vóta do ghuth

Seoltar Feachtas Oideachais do Vótálaithe, ‘Ná Mill Do Lá’, i bPáirc an Chrócaigh Fholamh

27 Bealtaine 2024 – Deir an Coimisiún Toghcháin, coimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann, nár cheart go bhfeicfí arís an 108,488 vóta millte agus incháilithe a bhí sna toghcháin Eorpacha agus áitiúla deiridh, agus cuireadh tús le feachtas oideachais do vótálaithe chun cabhrú leis an lucht vótála gan a vótaí a mhilleadh trí thimpiste ar an 7 Meitheamh.

Is ionann an líon vótaí sin agus Páirc an Chrócaigh lán go doras, i dteannta aon trian den staid ar a mhullach sin arís, nó le smaoineamh air ar bhealach eile, sin an méid céanna le daonra Dhroichead Átha, Dhún Dealgan agus Shligigh in éindí. Níor milleadh tromlach mór na vótaí sin d’aon turas (féach ar na táblaí thíos). Ní raibh aon tuairim ag na daoine a chaith na vótaí sin nach gcomhairfí a vóta.

As na vótaí millte sna toghcháin Eorpacha agus áitiúla in 2019, léiríonn an fhianaise nár comhaireadh 34,618 de na vótaí sna toghcháin áitiúla, agus nár comhaireadh 73,870 sna toghcháin Eorpacha a bhí ar siúl ar an lá céanna.

Tá coimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann meáite ar an líon sin a laghdú ar an 7 Meitheamh nuair a bheidh na toghcháin Eorpacha agus áitiúla agus toghchán Mhéara Luimnigh ar siúl. Chun cabhrú leis an sprioc sin a bhaint amach, cuireadh tús leis an bhFeachtas Oideachais do Vótálaithe, ‘Ná Mill Do Lá’.

Tá físeán nua a mhaireann 3 nóiméad agus 1 nóiméad ar fáil ina dtaispeántar céard a theastaíonn chun vóta a chaitheamh, agus an chaoi leis an bpáipéar ballóide a líonadh isteach i gceart. Léiríonn an físeán an próiseas vótála, ó dhul isteach go dtí an stáisiún vótála go vóta a chaitheamh i gceart.

Tá an Coimisiún Toghcháin ag roinnt an fhíseáin agus ábhair eile a bhaineann leis le hÚdaráis Áitiúla, grúpaí pobail agus eagraíochtaí ar fud na tíre chun tacú leis an lucht vótála agus lá na vótála ag teannadh linn.

Dúirt an Breitheamh Marie Baker, Cathaoirleach an Choimisiúin Toghcháin:

“Is mór an t-údar díomá méid na vótaí millte agus neamhbhailí a fheiceáil – is líon ollmhór é 108,000 mar gheall ar an gcaoi a n-oibríonn ár gcóras toghcháin; i gcás go leor de na toghcháin thiocfadh leis na vótaí sin an difear idir suíochán a bhuachan agus a chailliúint a dhéanamh.

“Ar an 7 Meitheamh beidh go leor daoine ag caitheamh vóta nár vótáil cheana nó nár chaith vóta sna ceithre bliana ó bhí an tOlltoghchán deiridh ann. D’fhéadfadh go gceapfadh roinnt daoine gur próiseas simplí é, ach léiríonn an fhianaise nach líonann go leor daoine a théann go dtí an stáisiún vótála a bpáipéir bhallóide isteach i gceart. Ní chloistear a nguth.

“Líonfadh na vótálaithe nár comhaireadh a vótaí gach suíochán i bPáirc an Chrócaigh agus bheadh tuilleadh fós ina seasamh taobh amuigh.

“I gCathair Bhaile Átha Cliath amháin, measadh go raibh 3% de na vótaí a caitheadh neamhbhailí. Tá carn mór na vótaí sin nár comhaireadh go hainnis nuair atá a fhios againn, i dtoghcháin na hÉireann, go mbuaitear go leor suíochán le dornán vótaí.

“Ná mill do lá ar an 7 Meitheamh, gabh agus vótáil agus cinntigh go gcomhairfear do vóta trí do bhallóid a líonadh isteach i gceart. Is é do vóta do ghuth.”

vI measc fheidhmeanna an Choimisiúin Toghcháin, coimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann, tá de dhualgas air feasacht a mhéadú ar thoghcháin na hÉireann agus líon na ndaoine a chaitheann vóta a mhéadú trí fheachtais oideachais agus eolais.

– CRÍOCH –

Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil le:

Brian Dawson, Bainisteoir Cumarsáide agus Rannpháirteachas an Phobail,

An Coimisiún Toghcháin,

086 0749344 Brian.dawson@electoralcommission.ie

Nóta d’Eagarthóirí:

Físeán ‘Conas Vóta a Chaitheamh’

Tá físeán gearr ina léirítear go beacht an chaoi le do pháipéar ballóide a fháil agus a líonadh isteach ar ár suíomh gréasáin ar https://www.electoralcommission.ie/ga/conas-vota-a-chaitheamh/

Anailís ar vótaí millte

De réir Údarás Áitiúil (toghcháin áitiúla 2019)

De réir Thoghlach Pharlaimint na hEorpa (toghcháin Pharlaimint na hEorpa in 2019)

An Coimisiún Toghcháin

Is comhlacht reachtúil neamhspleách é an Coimisiún Toghcháin a bunaíodh an 9 Feabhra 2023 ag a bhfuil freagracht as raon leathan d’fheidhmeanna toghcháin a leagtar amach san Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022. Tá an Coimisiún lárnach do chóras toghcháin na hÉireann, agus tugann sé faoi raon feidhmeanna toghcháin atá ann cheana féin, ina measc:

  • freagracht as páirtithe polaitíochta a chlárú;
  • feasacht an phobail ar phróisis toghcháin agus dhaonlathacha an Stáit a chur chun cinn, agus oibriú chun rannpháirtíocht an phobail iontu a mhéadú, trí chláir oideachais agus eolais;
  • maoirseacht a dhéanamh ar an gClár Toghcháin nuachóirithe, moltaí a dhéanamh agus caighdeáin a leagan síos maidir lena choimeád agus lena nuashonrú;
  • fógraíocht pholaitiúil ar líne a n-íoctar aisti a rialú, ag cinntiú trédhearcachta maidir le fógraí polaitiúla ar líne i rith tréimhse feachtais toghcháin nó reifrinn; (Níor cuireadh tús leis an reachtaíocht go fóill); agus
  • fógraíocht pholaitiúil ar líne a n-íoctar aisti a rialú, ag cinntiú trédhearcachta maidir le fógraí polaitiúla ar líne i rith tréimhse feachtais toghcháin nó reifrinn; (Níor cuireadh tús leis an reachtaíocht go fóill); agus

Cuirtear roinnt ról toghcháin nua de chúram ar an gCoimisiún freisin, lena n-áirítear:

  • tuarascálacha a chur i dtoll a chéile don Aire maidir le teorainneacha toghcháin áitiúil;
  • cláir taighde a ullmhú agus taighde a dhéanamh ar bheartas agus nós imeachta toghcháin, agus comhairle a thabhairt, de réir mar is gá, don Aire agus don Rialtas;
  • tuarascálacha ex post a ullmhú ar riar imeachtaí toghcháin;
  • an chinnteoireacht, maoirseacht, rúnaíocht agus seirbhísí tacaíochta a bhaineann le hábhar mholtaí an reifrinn a mhíniú, tuiscint an phobail a chur chun cinn maidir leis an reifreann agus na toghthóirí a spreagadh chun vótáil i vóta an reifrinn
  • athbhreithnithe a dhéanamh agus tuarascálacha a thabhairt i ndáil leis na dáilcheantair is na toghcheantair, chun Teachtaí Dála a thoghadh chun na Dála agus i ndáil le toghadh feisirí do Pharlaimint na hEorpa.

Táthar ag súil go gcuirfear leis an tsraith tosaigh feidhmeanna a sannadh don Choimisiún, de réir mar a chuireann sé lena chumas agus lena shaineolas.