Skip to main content

Is é do vóta do ghuth

Olltoghcháin

Is vóta é olltoghchán ina gcinneann muintir na hÉireann cé a dhéanfaidh ionadaíocht orthu sa Dáil (seomra íochtarach na parlaiminte in Éirinn). Is daonlathas parlaiminteach í Éire, mar sin toghann muintir na hÉireann Teachtaí Dála go díreach chun ionadaíocht a dhéanamh orthu.

Cé chomh minic a reáchtáiltear olltoghcháin?

Caithfear olltoghchán a reáchtáil gach cúig bliana ar a laghad.

Leagtar é sin amach i ndlí na hÉireann.

Féadfaidh an Taoiseach a iarraidh ar an Uachtarán an Dáil a lánscor am ar bith.

Lánscor na Dála

Ciallaíonn an Dáil a lánscor go gcuirtear deireadh leis an Dáil reatha. Caithfear olltoghchán a reáchtáil laistigh de 30 lá den Dáil a lánscor.

Socraíonn an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta an tOrdú maidir leis an Lá Vótaíochta. Leagtar amach ann dáta an toghcháin agus uaireanta oscailte na stáisiún vótála ar lá na vótála.

Iarrthóirí

Bíonn formhór na n-iarrthóirí in olltoghchán ina mbaill de pháirtithe polaitíochta. Bíonn aidhmeanna agus idéil pholaitiúla atá cosúil le chéile ag baill páirtithe polaitíochta go minic.

Tá 31 páirtí polaitíochta cláraithe faoi láthair chun seasamh i dtoghcháin na hÉireann, agus bhuaigh naoi bpáirtí dhifriúla suíocháin sa Dáil in olltoghchán 2020.

Ní gá duit a bheith i do bhall de pháirtí polaitíochta chun seasamh in olltoghchán. Tugtar iarrthóirí neamhspleácha ar dhaoine nach baill de pháirtí polaitíochta iad nuair a sheasann siad i dtoghchán. Bhuaigh 19 n-iarrthóir neamhspleácha suíocháin sa Dáil san olltoghchán deiridh.

Bhí 532 iarrthóir in olltoghchán 2020.

Teachta Dála (TD)

Má éiríonn le hiarrthóirí, toghtar ina dTeachta Dála iad.

Is iad na Teachtaí na hionadaithe tofa sa Dáil. Nuair a thoghtar iad, caitheann na Teachtaí vóta chun Taoiseach a roghnú agus rialtas a bhunú

Cinneann na Teachtaí cé na dlíthe a ritear, a athraítear nó a bhaintear ar bhonn náisiúnta. Bíonn na Teachtaí ag obair ar son leas mhuintir a nDáilcheantair sa bhaile agus bíonn siad ag plé le ceisteanna áitiúla a thagann chun cinn.

Toghfar 174 Teachta sa chéad Dáil eile. Deirtear sa Bhunreacht go gcaithfidh gach Teachta Dála ionadaíocht a dhéanamh ar 20,000–30,000 duine sa Stát. Déanfaidh gach Teachta ionadaíocht ar mheándaonra 29,593 duine sa chéad Dáil eile.

Dáilcheantair

Toghtar Teachtaí Dála chun ionadaíocht a dhéanamh ar na daoine ina nDáilcheantar. Is ceantar sonrach é an toghcheantar ina dtoghtar líon áirithe ionadaithe polaitiúla. Tugtar Dáilcheantar ar an toghcheantar do Dháil Éireann.

Faoin mBunreacht, caithfear triúr Teachtaí Dála ar a laghad a thoghadh i ngach Dáilcheantar, agus deirtear sa reachtaíocht atá i bhfeidhm faoi láthair go dtoghfar triúr, ceathrar nó cúigear Teachtaí Dála sna Dáilcheantair. Beidh 43 Dáilcheantar sa chéad Dáil eile.

Má theastaíonn uait a fháil amach cén toghcheantar ina gcónaíonn tú, nó má tá tuilleadh eolais uait faoin ábhar seo, féach ar an athbhreithniú toghlaigh is deireanaí a foilsíodh in 2023.

Ullmhú chun vóta a chaitheamh in olltoghchán

Beidh ort seiceáil ar dtús an bhfuil tú i dteideal vóta a chaitheamh in olltoghchán.

Chun vóta a chaitheamh in olltoghchán, caithfidh tú a bheith:

  • Os cionn 18 mbliana d’aois
  • I do shaoránach Éireannach nó Briotanach
  • I do chónaí in Éirinn
  • Ar liosta Chlár na dToghthóirí

Chun a fháil amach an bhfuil d’ainm ar Chlár na dToghthóirí, féadfaidh tú

  • Seiceáil ar líne ar checktheregister.ie; nó
  • Seiceáil ar líne ar checktheregister.ie; nó

Mura bhfuil tú ar an gclár, ach má chomhlíonann tú na critéir incháilitheachta, is féidir leat clárú le haghaidh vótála ar www.checktheregister.ie. Má tá tú cláraithe cheana féin, ach má d’athraigh do sheoladh nó faisnéis ábhartha eile, is féidir leat do chuid sonraí a thabhairt cothrom le dáta ar www.checktheregister.ie.

Seolfar cárta faisnéise vótaíochta chuig do sheoladh ar a mbeidh sonraí do stáisiúin áitiúil vótála. Ní gá duit do chárta faisnéise vótaíochta a thabhairt leat nuair a théann tú chuig an stáisiún vótála chun vóta a chaitheamh. Ach ba cheart duit cruthúnas aitheantais phearsanta atá bailí a thabhairt leat, ar nós pas, ceadúnas tiomána, cárta seirbhísí poiblí, nó cárta aitheantais fostaí nó mic léinn ar a bhfuil grianghraf. Glactar le cineálacha eile cruthúnais aitheantais. Tá liosta iomlán de na cruthúnais aitheantais a nglactar leo ar fáil anseo.

Vóta a chaitheamh in olltoghchán

Nuair a shroichfidh tú do stáisiún vótála, iarrfar d’ainm agus do sheoladh ort. D’fhéadfaí foirm bhailí de chruthúnas aitheantais a iarraidh ort freisin. Má tá foireann an stáisiúin vótála sásta le do shonraí, agus má tá d’ainm ar Chlár na dToghthóirí, cuirfidh siad stampa ar pháipéar ballóide agus tabharfaidh siad duit é. Féadfaidh tú do pháipéar ballóide a thabhairt anonn chuig an mbothán vótála príobháideach ansin.

Beidh liosta ainmneacha, in ord aibítre, ar an bpáipéar ballóide, chomh maith le suaitheantas na bpáirtithe agus grianghraf de gach iarrthóir. Beidh bosca in aice le hainm gach iarrthóra, ar thaobh na láimhe deise. Marcálfaidh tú do rogha vóta do gach iarrthóir sa bhosca sin.

Scríobhfaidh tú ‘1’ sa bhosca in aice le hainm an chéad iarrthóra is rogha leat, agus, más maith leat, ‘2’ sa bhosca in aice le do dhara rogha, ‘3’ sa bhosca in aice le do tríú rogha, agus mar sin de.

  • Scríobhfaidh tú ‘1’ sa bhosca in aice le hainm an chéad iarrthóra is rogha leat, agus, más maith leat, ‘2’ sa bhosca in aice le do dhara rogha, ‘3’ sa bhosca in aice le do tríú rogha, agus mar sin de.
  • Nuair a scríobhann tú ‘2’ in aice le hiarrthóir, is ionann sin agus a rá ‘Mura dteastaíonn mo vóta ón gcéad iarrthóir is rogha liom mar gur toghadh iad nó go ndearnadh iad a eisiamh ón gcomhaireamh, is mian liom mo vóta a thabhairt don dara hiarrthóir seo.’
  • Nuair a scríobhann tú ‘3’ in aice le hiarrthóir, is ionann sin agus a rá ‘Mura dteastaíonn mo vóta ón gcéad iarrthóir ná ón dara hiarrthóir is rogha liom, is mian liom mo vóta a thabhairt don tríú hiarrthóir seo.’

Tugann an córas vótála seo raon leathan roghanna duit. Féadfaidh tú go leor iarrthóirí difriúla a roghnú, agus iad a mharcáil in ord tosaíochta. Féadfaidh tú do rogha a léiriú le haghaidh a mhéad nó a laghad iarrthóirí agus is mian leat. Is fútsa atá sé.

Nuair a mharcálann tú do pháipéar ballóide, bí cinnte go dtosaíonn tú le ‘1’, ansin ‘2’, ansin ‘3’ agus mar sin de. Chun a chinntiú go gcomhairtear do vóta, bí cinnte do roghanna a mharcáil chomh soiléir agus is féidir. Mura dteastaíonn uait uimhir a chur le gach iarrthóir ar an bpáipéar ballóide, ba cheart an bosca in aice le hainm na n-iarrthóirí nach bhfuil tú ag caitheamh vóta ar a son a fhágáil folamh. Ná cuir aon mharc eile ar an bpáipéar ballóide. Ná téigh sa seans le do vóta, ná bíodh aon chúis ann lena cheistiú. Bíodh do vóta san áireamh.

Má tá lagú radhairc ort, beidh Teimpléad Páipéir Ballóide ar fáil i ngach stáisiún vótála agus is féidir leat é sin a úsáid chun do vóta a chaitheamh.

Nuair a bheidh vótáilte agat, ba cheart duit do pháipéar ballóide a fhilleadh, agus é a chur sa bhosca ballóide ag an stáisiún céanna óna bhfuair tú é.

Bíonn an Ceann Comhairimh i ngach údarás áitiúil freagrach as a dtoghchán áitiúil féin a bhainistiú. Íocann gach údarás áitiúil as costas a dtoghchán féin a reáchtáil.

Eolas ilteangach faoi vótáil

Féach ar eolas ilteangach faoi vóta a chaitheamh i dtoghcháin in Éirinn.