Skip to main content
A collage of election posters from different EU States.

Is é do vóta do ghuth

Páipéar Comhairliúcháin ar Phóstaeir Thoghcháin

Bunaíodh an Coimisiún Toghcháin (An Coimisiún), coimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann, ar an 9 Feabhra 2023. Leagtar amach cumhachtaí an Choimisiúin san Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022 agus tabhairt faoi thaighde toghcháin nó taighde toghcháin a choimisiúnú ina gcuid díobh sin. Féadfaidh an Coimisiún moltaí a dhéanamh freisin bunaithe ar an taighde sin don Aire agus don Rialtas.

Rith an Coimisiún comhairliúchán poiblí ar a Dhréachtchlár Taighde i mí na Samhna 2023.  Agus na haighneachtaí a fuarthas mar bhonn taca faoi, d’fhoilsigh an Coimisiún Toghcháin a chéad Chlár Taighde 2024–2026 i mí Iúil 2024. Sainaithnítear ábhair taighde éagsúla ann don Choimisiún le haghaidh na tréimhse go 2026, úsáid póstaer toghcháin ina measc.

Tá an Coimisiún ag cur tús anois leis an taighde sin ar phóstaeir le tacaíocht ó fhoireann taighde sheachtrach. Breathnófar ar na rialacha agus na cleachtais a bhaineann le póstaeir a chrochadh i dtíortha eile, agus cuirfear córas toghcháin agus daonlathach ar leith na hÉireann san áireamh freisin. Scrúdófar na rialacha atá i bhfeidhm in Éirinn agus an chaoi a n-oibríonn siad, chomh maith leis an bhfianaise i dtaobh póstaer, a gcuspóirí agus aon bhuntáistí agus míbhuntáistí a bhaineann lena n-úsáid.

Téann póstaeir i bhfeidhm ar gach duine a chónaíonn in Éirinn toisc go mbíonn siad le feiceáil go fairsing ar fud na tíre i rith tréimhsí toghcháin. Beidh tuairimí na bpáirtithe leasmhara agus an phobail ina thoisc thábhachtach mar sin agus muid i mbun machnamh ar thodhchaí na bpóstaer polaitiúil in Éirinn.

Cuirtear in iúl do fhreagróirí go bhfuil an Coimisiún faoi réir an Achta um Shaoráil Faisnéise, 2014, Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol) 2007–2014 agus na reachtaíochta Cosanta Sonraí. Beartaítear na haighneachtaí ar fad a fhaightear a fhoilsiú ar ár suíomh gréasáin i ndiaidh an tuarascáil taighde deiridh a fhoilsiú agus d’fhéadfaí iad a nochtadh dá bharr sin.

D’fháilteoimis roimh do thuairimí ar na ceisteanna seo a leanas, bunaithe ar d’eolas agus do thaithí féin. Féadfaidh tú gach ceist nó meascán díobh a fhreagairt:

  1. An bhfuil aon ghnéithe dearfacha/aon bhuntáistí ag baint le póstaeir thoghcháin dar leat? Má tá, mínigh anseo iad.
  2. An bhfuil aon ghnéithe diúltacha/aon mhíbhuntáistí ag baint le póstaeir thoghcháin dar leat? Má tá, mínigh anseo iad.
  3. An gceapann tú gur cheart rialacha agus cur chuige na hÉireann i leith póstaeir thoghcháin a athrú? Má cheapann tú gur cheart, mínigh na hathruithe ba mhaith leat a fheiceáil agus na cúiseanna leis sin.
  4. Ar mhaith leat aon cheo eile a rá faoi úsáid póstaer toghcháin in Éirinn?

Ba cheart aighneachtaí a sheoladh trínár leathanach tiomnaithe comhairliúcháin ag Comhairliúchán – Coimisiún Toghcháin. De rogha air sin, féadfar d’aighneacht a chur chugainn trí ríomhphost chuig research@electoralcommission.ie le ‘Comhairliúchán ar Phóstaeir Thoghcháin’ sa líne ábhair faoi 5i.n. ar Aoine 9 Bealtaine 2025

Reachtaíocht

Leagtar amach na rialacha a bhaineann le taispeáint póstaer polaitiúil in Éirinn i reachtaíocht phríomha; nuair a chuirtear ar taispeáint iad, cá gcuirtear ar taispeáint iad agus ábhar áirithe a chaithfear a chur orthu ina measc.

Under Section 19 of the Litter Pollution Act 1997, as amended, election posters may only be erected after the official polling date is set and for a maximum of thirty days before the election. In the case of referendums, posters may not be erected before the official polling date is set. Posters must be removed within seven days following polling day. The responsibility for enforcement of litter law lies with the local authority. Any election/referendum posters in place before or after the stipulated timeframe are deemed to be in breach of the legislation with non-compliance subject to a fine of €150.

Bíonn na húdaráis áitiúla freagrach freisin as póstaeir a bhaint má chruthaíonn siad baol do choisithe nó d’úsáideoirí bóthair.

Ní fhéadfar póstaeir a chur laistigh de 50 méadar de stáisiún vótála ar lá an toghcháin / an reifrinn de réir alt 147 den Acht Toghcháin, 1992, arna leasú, agus tá pionóis ag gabháil le sáruithe, príosúnacht ar feadh tréimhse suas le dhá bhliain ina measc.

Ach nuair a tugadh faoi na hAthbhreithnithe i ndiaidh Imeacht Toghcháin le haghaidh na dtoghchán in 2024, thug an Coimisiún an easpa soiléire i dtaobh fhorfheidhmiú na rialacha sin ar aird.

Comhthéacs an Tionscadail

Tá úsáid póstaer i rith fheachtais toghcháin agus reifrinn na hÉireann ina ábhar mór cur agus cúiteamh le blianta fada anuas i measc saineolaithe, páirtithe leasmhara, na meán agus an phobail i gcoitinne. Tarraingíodh an t-ábhar seo anuas freisin i roinnt aighneachtaí a fuair an Coimisiún i rith a chomhairliúcháin phoiblí taighde

Bíonn úsáid póstaer toghcháin in Éirinn thar a bheith pearsantaithe. Léiríonn na tréithe sin na cáilíochtaí iarrthóir-lárnacha ar leith a bhaineann le tírdhreach polaitiúil na hÉireann, atá nasctha leis an gcóras ionadaíochta cionmhaire ar mhodh an aonvóta inaistrithe (PR-STV) in Éirinn agus a cultúr polaitiúil. Tugtar forléargas i ndíospóireacht an tSeanaid ar an mBille um Chur ar Taispeáint Póstaer Toghcháin agus Vótaíochta agus Fógrán Eile a Rialáil, 2022 ar phlé le deireanaí ar an réimse seo, iarmhairtí féideartha polaitiúla, geilleagracha, sóisialta, cultúrtha agus comhshaoil ina measc.[1]

Is eisceacht í Éire ar bhealaí áirithe mar gheall ar an úsáid a bhaintear as póstaeir anseo, áit a bhfuil rialuithe níos scaoilte ná go leor tíortha eile i dtéarmaí suíomhanna, toisí agus úsáid ginearálta póstaer. Tá roinnt eagraíochtaí agus daoine sa phobal tar éis a éileamh go ndéanfaí srian a chur le húsáid póstaer nó cosc iomlán a chur orthu de bharr tionchair fhéideartha chomhshaoil, truailliú amhairc, chúinsí sábháilteachta an phobail, agus ábhar imní go bhféadfadh póstaeir míbhuntáiste a chruthú d’iarrthóirí nach bhfuil fáil acu ar mhaoiniú suntasach le híoc as póstaeir. Tá roinnt pobal in Éirinn tar éis a iarradh ar iarrthóirí cheana féin gan póstaeir a chur in airde, nó go gcoinneofaí a n-úsáid in áiteanna faoi leith.

Ach ó thaobh toghcháin de, cabhraíonn póstaeir le feasacht a mhéadú ar an toghchán atá ar na bacáin agus tugann siad leideanna amhairc faoi na daoine a fheicfidh na vótálaithe ar an bpáipéar ballóide. Tá córas polaitiúil na hÉireann an-bhunaithe ar na hiarrthóirí. Tá póstaeir in úsáid le fada an lá mar mhodh tábhachtach cumarsáide polaitiúla agus cumarsáide toghcháin, agus féadtar breathnú orthu mar léiriú amhairc ar an dlúthchaidreamh idir iarrthóirí agus a dtoghcheantair.

Chuige sin, cuireadh imní in iúl go bhféadfadh an iomarca rialuithe ar phóstaeir an fheasacht ar thoghcháin agus eolas fúthu a laghdú. Tugann roinnt tráchtairí le fios go bhféadfadh cur chuige níos srianta cosc a chur fiú ar chohóirt den daonra a mbíonn sé níos deacra orthu páirt a ghlacadh sa phróiseas polaitiúil leas a bhaint as foinse luachmhar eolais, rud a d’fhéadfadh deacrachtaí imeallaithe agus neamh-inrochtaineachta a dhéanamh níos measa fós.

Ag machnamh ar an ionchur a fuarthas ar an ábhar seo i rith phróiseas comhairliúcháin an chláir taighde, tá spéis ar leith sna réimsí taighde seo a leanas:

  • Ról na bpóstaer mar uirlis cumarsáide polaitiúla i bhfeachtais toghcháin in Éirinn agus i dtíortha eile, i gcomparáid le modh eile cumarsáide polaitiúla, idir thraidisiúnta agus ar líne;
  • an tionchar a bhíonn ag póstaeir, má bhíonn, ar rannpháirtíocht pholaitiúil agus feasacht toghcháin i measc na dtoghthóirí, daoine a d’fhéadfadh a bheith imeallaithe ón bpróiseas polaitiúil ina measc; agus
  • tionchair chomhshaoil na bpóstaer.

Tá do chuid tuairimí an-tábhachtach dúinne, agus iarrfaimid ort iad a roinnt linn i ndiaidh duit machnamh a dhéanamh ar na ceisteanna agus an t-eolas thuas.

Ná déan dearmad gurb é Dé hAoine 9 Bealtaine ag 5i.n. an dáta deiridh i gcomhair aighneachtaí.


[1] An Bille um Chur ar Taispeáint Póstaer Toghcháin agus Vótaíochta agus Fógrán Eile a Rialáil, 2022: An Dara Céim – Seanad Éireann (26ú Seanad) – Dé Máirt, 17 Bealtaine 2022 – Tithe an Oireachtais