Polasaí Príobháideachais
Suíomh Gréasáin | An Coimisiúin Toghcháin
Bunaíodh An Coimisiún Toghcháin faoin Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022. Tá sé neamhspleách ar an Rialtas agus ghlac sé le feidhmeanna toghcháin reachtúla a bhí i bhfeidhm cheana féin, chomh maith le freagrachtaí nua. Áirítear ina measc siúd:
- ábhar na dtograí reifrinn a mhíniú don phobal
- athbhreithniú a dhéanamh ar thoghlaigh thoghcháin na Dála agus na hEorpa
- athbhreithniú a dhéanamh ar theorainneacha na dtoghlimistéar áitiúil
- clárú na bpáirtithe polaitíochta
- tabhairt faoi thaighde ar bheartas toghcháin
- eolas a chur ar fáil faoi phróisis toghcháin agus rannpháirteachas sna próisis toghcháin agus dhaonlathacha a spreagadh
- maoirseacht ar Chlár na dToghthóirí
- rialáil na fógraíochta polaitiúla ar líne
- sláine toghcháin a chosaint ar mhífhaisnéis pholaitiúil, bréagaisnéis nó iompraíocht ionramhálach agus bhréagach
- iniúchtaí ar imeachtaí toghcháin
Tá An Coimisiún Toghcháin tiomanta do chosaint do phríobháideachais agus do mheas a léiriú air. Mínítear sa ráiteas príobháideachais seo an chaoi a bpróiseálfaidh an Coimisiún Toghcháin, mar an Rialaitheoir Sonraí, na sonraí pearsanta a thugtar dó i leith a shuímh gréasáin, electoralcommission.ie; an chaoi a n-úsáidfear an fhaisnéis sin; agus na cearta is féidir leat a éileamh i ndáil le do shonraí pearsanta.
Catagóirí sonraí
Déanann An Coimisiún Toghcháin próiseáil ar na sonraí pearsanta seo a leanas nuair atá an tseirbhís á cur ar fáil duit. Bailímid sonraí ar na bealaí seo a leanas:
Faisnéis inaitheanta neamhphearsanta (a d’fhéadfaí a chur le chéile chun faisnéis inaitheanta phearsanta a chruthú seans) ar nós:
- Seoladh IP
- Cineál Brabhsálaí
- Cineál Gléis
Faisnéis inaitheanta phearsanta ar nós:
- D’ainm
- Seoladh Ríomhphoist
- Aon fhaisnéis eile a roghnaíonn tú a chur faoinár mbráid (.i. trí fhoirm theagmhála)
Foinse na sonraí pearsanta
Is tusa agus do ríomhaire amháin a thug do shonraí pearsanta don Choimisiún Toghcháin chun na gcríoch a phléitear anseo thíos.
Cuspóirí na próiseála
Úsáidtear do sheoladh IP chun traschur faisnéise chuig do ríomhaire a éascú. Ní féidir é a úsáid ann féin chun thusa a aithint asat féin. Stóráiltear do sheoladh IP trí na bogearraí óstála agus/nó feidhmchláir a ritear ar na bogearraí sin, ar mhaithe le feidhmeanna logála go hiondúil chun rianú earráidí a éascú agus fadhbanna slándála a shainaithint.
Úsáidtear do chineál brabhsálaí agus do chineál gléis agus aon fhaisnéis inaitheanta neamhphearsanta eile (sonraí anailíseacha) chun cabhrú le cinnteoireacht a éascú i dtaobh an chaoi a bhféadfaimis na seirbhísí a sholáthraímid duit a fheabhsú.
Úsáidfidh An Coimisiún Toghcháin an fhaisnéis a thugtar chun an fhaisnéis a d’iarr tú ar an suíomh seo a sholáthar. Ní dhéanfaidh An Coimisiún Toghcháin próiseáil ar do shonraí pearsanta chun aon chríoch seachas dár bailíodh é. Coimeádann An Coimisiún Toghcháin an ceart aige féin faisnéis inaitheanta neamhphearsanta a chur le chéile chun faisnéis a chruthú a d’fhéadfaí a úsáid mar a shonraítear in “Dleathacht na próiseála”.
Próifíliú
Ní úsáidfidh An Coimisiún Toghcháin aon sonraí pearsanta a bhailítear uait i leith electoralcommission.ie ar mhaithe le cinnteoireacht uathoibrithe, ná chun críocha próifílithe.
Dleathacht na próiseála
Tá próiseáil do shonraí pearsanta dleathach faoi Airteagal 6, Mír 1(a); ní bhailíonn electoralcommission.ie faisnéis inaitheanta phearsanta ach le toiliú sainráite uait. Tugtar toiliú sainráite nuair a ghlactar le catagóirí fianán ar leith nó nuair a chomhlánaítear foirm le faisnéis a thugann tú de do dheoin féin. Tá próiseáil do shonraí pearsanta dleathach faoi Airteagal 6, Mír 1(a); ní bhailíonn electoralcommission.ie faisnéis inaitheanta phearsanta agus neamhphearsanta ach nuair atá próiseáil riachtanach chun leasanna bunúsacha an ábhair sonraí nó duine nádúrtha eile a chosaint.
Tá próiseáil do shonraí pearsanta dleathach faoi Airteagal 6, Mír 1(a); ní bhailíonn electoralcommission.ie faisnéis inaitheanta phearsanta agus neamhphearsanta ach nuair atá próiseáil riachtanach chun leasanna bunúsacha an ábhair sonraí nó duine nádúrtha eile a chosaint.
Slándáil do shonraí pearsanta
Cuireann An Coimisiún Toghcháin bearta cuí teicniúla agus eagraíochtúla i bhfeidhm chun d’fhaisnéis a chosaint ar rochtain gan chead. Ach d’ainneoin na n-iarrachtaí sin, ní bhíonn aon bhearta slándála foirfe ná dobhearnaithe, agus ní féidir aon mhodh traschuir sonraí a ráthú in aghaidh aon idircheapadh nó cineál eile mí-úsáide. Má chuirtear as do do shonraí pearsanta mar gheall ar shárú slándála, cuirfear beartas agus nósanna imeachta Bainistíochta Sáraithe an Choimisiúin Toghcháin i bhfeidhm.
Faighteoirí na sonraí
Féadtar sonraí pearsanta a mhalartú le Ranna Rialtais eile nó le comhlachtaí poiblí eile, i gcúinsí áirithe ina bhforáiltear dó sin sa dlí.
Aistrithe Sonraí Trasteorann
Ní aistreoidh An Coimisiún Toghcháin sonraí pearsanta a bhailítear i leith electoralcommission.ie chuig aon tír ná eagraíocht idirnáisiúnta lasmuigh den Aontas Eorpach/den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch.
Cá fhad a choinneofar do chuid sonraí?
Ní choimeádfaidh An Coimisiún Toghcháin do shonraí pearsanta ach chomh fada agus is gá chun na críocha dár bailíodh agus dár próiseáladh iad. De réir na gceanglas reachtach agus gnó, tá an tréimhse coimeádta sonraí le haghaidh do shonraí pearsanta, sa chás seo, de réir Beartas Roinne níos leithne.
De réir na gceanglas reachtach agus gnó, tá an tréimhse coimeádta sonraí le haghaidh do shonraí pearsanta, sa chás seo, de réir Beartas Roinne níos leithne.
Do chearta
Tá meas iomlán ag an gCoimisiún Toghcháin ar do cheart chun príobháideachais. Caithfear le do shonraí pearsanta de réir na gcaighdeán slándála agus rúndachta is airde, ag cloí leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí Pearsanta agus leis an Acht um Chosaint Sonraí, 2018 (“Reachtaíocht Cosanta Sonraí”).
Má tá ceist nó gearán agat faoin úsáid a bhaineann An Coimisiún Toghcháin as d’fhaisnéis phearsanta, beidh an tOifigeach Cosanta Sonraí ar fáil chun cabhrú leat ar an gcéad dul síos.
Má mheasann tú gur sáraíodh do chuid ceart, tá sé de cheart agat gearán a chur faoi bhráid Roinn Cosanta Sonraí na hÉireann (www.dataprotection.ie), agus tá sé de cheart agat leigheas breithiúnach a lorg.
Teagmháil
Má tá tuilleadh eolais uait, nó má theastaíonn rochtain ar do shonraí pearsanta uait, téigh i dteagmháil linn:
Ríomhphost: dataprotection@electoralcommission.ie nó cuir glaoch ar Bhloc M Guthán: + 353 1 888 2770 Sa phost: Bloc M, Caisleán Bhaile Átha Cliath, Baile Átha Cliath 2 D02 X8X8
Acmhainní Breise:
- Acmhainní Breise:
- Ár mBeartas Fianán
Dáta na Cáipéise: 16 Eanáir 2023