Reifreann ar Dheireadh a chur le Seanad Éireann agus an Chúirt Achomh
Bhí moltaí an reifrinn faoi cé acu an raibh nó nach raibh tú ag iarraidh deireadh a chur le Seanad Éireann agus cibé acu an raibh nó nach raibh tú ag iarraidh Cúirt Achomhairc a bhunú agus athruithe eile a dhéanamh ar chóras na gCúirteanna.
1. Reifreann Sheanad Éireann
An Bille um dara Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (Deireadh a chur le Seanad Éireann) 2013.
Cuireadh an moladh deireadh a chur le Seanad Éireann faoi bhráid an phobail an 4 Deireadh Fómhair 2013.
Níor thoiligh na daoine leis an togra.
2. Reifreann ar an Chúirt Achomhairc
An Bille um tríú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (Cúirt Achomhairc) 2013
Thoiligh na daoine leis an togra.
Tuarascáil
Féadfaidh tú tuarascáil an Choimisiúin Reifrinn a léamh ar líne nó cóip PDF den tuarascáil a íoslódáil.