Bunreacht na hÉireann
Is cáipéis dlí é Bunreacht na hÉireann ina leagtar amach córas rialtais na hÉireann. Leagtar amach ann na dlíthe bunúsacha agus na cearta bunúsacha atá againn mar Shaoránaigh na hÉireann.
Leagtar amach ann róil phríomhinstitiúidí an stáit.
Aithníonn agus dearbhaíonn Bunreacht na hÉireann go bhfuil bunchearta pearsanta áirithe agat. Tá siad sin daingnithe agus cosanta ag an mBunreacht.
Is féidir an Bunreacht a athrú má vótálann tromlach de Shaoránaigh na hÉireann ar an shon sin i reifreann.
Rinne muintir na hÉireann Bunreacht na hÉireann a dhaingniú (a cheadú) i 1937.
Tá gach cuid den Bhunreacht leagtha amach i nGaeilge agus i mBéarla.
Leis an mBunreacht, bunaítear brainsí an rialtais, bunaítear na cúirteanna agus leagtar amach ann conas ba cheart na hinstitiúidí sin a rith.
Tá an Bunreacht freisin mar chuid de chreat níos leithne um chearta an duine in Éirinn. Tagraíonn an méid sin do gach gealltanas dlíthiúil agus cearta daonna eile a rinne Éire, lena n-áirítear conarthaí faoi na Náisiúin Aontaithe, an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh
An Bunreacht agus Scaradh na gCumhachtaí
Tá cumhacht in Éirinn roinnte idir an reachtas (nasc an Oireachtais), an feidhmeannas (an Rialtas)agus na breithiúna. Tá ról gach ceann de na grúpaí seo leagtha amach go soiléir i mBunreacht na hÉireann.
Tá cumhachtaí áirithe ag gach ceann de na trí bhrainse (grúpaí) a ligeann dóibh gach ceann de na grúpaí eile a choinneáil faoi smacht. Ciallaíonn sé sin nach féidir le haon ghrúpa amháin éirí róchumhachtach nó smacht iomlán a fháil.
Is ionann Cumhacht Reachtaíochta agus an chumhacht chun dlíthe a dhéanamh. Tugann Airteagail 15 – 27 den Bhunreacht na cumhachtaí sin don Oireachtas. Tá an tOireachtas comhdhéanta de Dháil Éireann, de Sheanad Éireann agus den Uachtarán.
Is ionann Cumhacht Feidhmiúcháin agus an chumhacht dlíthe a chur i bhfeidhm – ciallaíonn sé sin go bhfuil an chumhacht ann dlíthe a chur i gcrích le cúnamh ón nGarda Síochána, ó Óglaigh na hÉireann agus ón Státseirbhís. Tugtar an chumhacht sin don Rialtas (Taoiseach, Tánaiste agus Airí Rialtais) le hAirteagal 28.
Is ionann cumhacht bhreithiúnach agus an chumhacht an dlí a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm maidir le haighnis agus coinbhleachtaí a tharlaíonn idir an Stát agus saoránaigh aonair, chomh maith le díospóidí a tharlaíonn idir saoránaigh.