Skip to main content
Decorative image of vote being placed into a ballot box

Is é do vóta do ghuth

Tá Fiúntas ag baint le do Vóta

Tá tábhacht le gach vóta i reifrinn agus toghcháin.

Tugtar deis duit leis an vótáil i reifrinn agus i dtoghcháin a bheith mar chuid den chinnteoireacht a bhaineann le do shaol agus le todhchaí ár dtíre.

Mura gcaitheann tú vóta, déanfaidh daoine eile an cinneadh duit.

Ag caitheamh vóta

Nuair is vótálaí thú, tugtar an cumhacht duit todhchaí ár dtíre a mhúnlú.

Is féidir vóta a chaitheamh trí chlárú agus do chuid sonraí a sheiceáil ar www.checktheregister.ie. . Ansin, gheobhaidh tú cárta vótála go huathoibríoch chuig do sheoladh baile atá cláraithe roimh an gcéad imeacht toghcháin a bhfuil tú incháilithe vóta a chaitheamh ann. Is féidir do thuairim a chur chun tosaigh trí vóta a chaitheamh ar lá na vótála.

Tá an daonlathas ag brath ort!

Ach oiread le gach réimse eile den saol, táimid ag baint leas anois as na meáin shóisialta, teachtaireachtaí ar líne agus an t-idirlíon chun cúrsaí reatha, ceisteanna polaitiúla agus toghcháin a phlé. Táimid ag fáil go leor faisnéise ar líne ó go leor áiteanna difriúla.

Is ionann gan vóta a chaitheamh agus do ghuth a ghéilleadh

Cinntear na toghcháin ag na daoine a théann amach agus a chaitheann vóta. Mura gcaitheann tú vóta, déanfaidh duine eile an cinneadh duit. Is é do vóta do ghuth, déan cinnte go mbaineann tú úsáid as.

Mífhaisnéis, bréagaisnéis agus domhainbhrionnuithe

Ach oiread le gach réimse eile den saol, táimid ag baint leas anois as na meáin shóisialta, teachtaireachtaí ar líne agus an t-idirlíon chun cúrsaí reatha, ceisteanna polaitiúla agus toghcháin a phlé. Táimid ag fáil go leor faisnéise ar líne ó go leor áiteanna difriúla.

Tá an t-idirlíon in ann a bheith an-chabhrach nuair atá fíricí agus faisnéis le fáil, agus chun dearcthaí difriúla a roinnt. Ach baintear úsáid as uaireanta chun ‘mífhaisnéis’ agus ‘bréagaisnéis’ a scaipeadh. Úsáidtear na focail sin chun cur síos a dhéanamh ar fhaisnéis nach bhfuil cruinn nó nach bhfuil fianaise ann ina leith, faisnéis atá míthreorach agus a chuirfeadh duine amú, nó faisnéis atá bréagach. Uaireanta, postálann nó scaipeann daoine an fhaisnéis trí thimpiste mar go gcreideann siad go bhfuil sí fíor agus ní bhíonn sé i gceist acu daoine a chur amú (sin mífhaisnéis). Ach féadfaidh daoine eile faisnéis bhréagach a phostáil d’aon turas chun an dallamullóg a chur ar dhaoine (sin bréagaisnéis).

I gcás toghchán, sampla de bhréagaisnéis a bheadh i nduine a phostálfadh faisnéis mhíchruinn d’aon turas faoin áit agus am ar cheart vóta a chaitheamh nó faoin gcaoi le vóta a chaitheamh chun mearbhall a chur ar vótálaithe nó cleas a imirt ar dhaoine ionas nach vótálfaidh siad.

Foilsítear físeáin nó míreanna fuaime ar an idirlíon uaireanta nach bhfuil fíor nó a athraíodh nó a cuireadh in eagar. D’fhéadfaidís imeachtaí a léiriú nár tharla nó a tharla in áit nó ag am difriúil. Nó d’fhéadfaidís daoine a thaispeáint ag rá nó ag déanamh rudaí nach ndúirt nó nach ndearna siad. Seans go bhfaca tú iad sin á dtuairisciú mar ‘dhomhainbhrionnuithe’.

Ní fadhbanna nua iad sin. Ach tá níos mó airde le blianta beaga anuas ar an dochar a dhéanann siad mar gur féidir faisnéis bhréagach a scaipeadh i bhfad níos tapa agus níos forleithne ar líne. Tá sé i bhfad níos saoire agus níos éasca freisin físeáin agus gearrthóga fuaime a athrú agus a chúbláil.

Cén dochar a bhaineann leis seo ar fad?

Tá faisnéis bhréagach go dona do thoghcháin agus do dhaonlathas. Tharla sé cheana nár chaith daoine vóta nó gur mhill siad a vóta mar gur chreid siad faisnéis nach raibh fíor. D’fhéadfaí an dallamullóg a chur ar dhaoine nó iad a chur amú le faisnéis bhréagach freisin, agus go gcaithfidís vóta faoi leith mar gheall air.

Céard is féidir leat a dhéanamh?

Bíonn sé deacair mífhaisnéis agus bréagaisnéis agus domhainbhrionnuithe a aithint uaireanta, go háirithe nuair a chuirtear i láthair go pointeáilte iad agus go bhfuil cuma na fírinne orthu. Seolann cara nó duine muinteartha iad go minic, nó seoltar chuig grúpa áitiúil iad ar na meáin shóisialta nó in uirlis teachtaireachta. Go minic, scaiptear bréagaisnéis chun freagairt láidir a chruthú – ar nós spleodar nó fearg mhór.

Dá bhrí sin, nuair atá tú ag léamh ábhair, ag breathnú ar fhíseáin nó ar chláir, nó ag éisteacht le podchraoltaí ar líne nó sna meáin, fiafraigh díot féin i gcónaí:

  • Cén chaoi a mbeidh a fhios agam go bhfuil sé seo fíor?
  • Cé atá á rá seo liom?
  • Cén fáth a bhfuil siad á rá seo liom?
  • Cén chaoi a ndeimhneoidh mé é seo? /Cén chaoi ar féidir liom a sheiceáil an bhfuil sé cruinn?
  • An gcaithfidh mise aon athmhachnamh a dhéanamh? / An gcaithfidh mé tuilleadh machnaimh a dhéanamh air seo?

Caith le gach lá mar Lá na nAmadán

https://vimeo.com/913726406?share=copy
https://vimeo.com/914417151?share=copy#t=0
https://vimeo.com/914390705?share=copy