Skip to main content
A collage of election posters from different EU States.

Is é do vóta do ghuth

Téarmaí agus Coinníollacha

Téarmaí agus Coinníollacha le haghaidh aighneachtaí don chomhairliúchán poiblí le haghaidh Straitéis Oideachais agus Rannpháirtíocht an Phobail de chuid an Choimisiúin Toghcháin.

  • Ní ghlacfar le hiarratais gan ainm.
  • D’fhéadfaí na haighneachtaí bailí ar fad a thoilíonn dó a fhoilsiú ar www.electoralcommission.ie leis na hainmneacha iomlána (céadainm, sloinne agus ainm na heagraíochta, más ábhartha).
  • D’fhéadfaí eolas pearsanta, ainmneacha ina measc, a bhaint amach má iarrtar sin nó má éilítear é faoin reachtaíocht ábhartha.
  • Baileofar sonraí teagmhála, seoladh ríomhphoist ina measc, chun aighneachtaí a dheimhniú. Ní fhoilseofar na sonraí sin.
  • I gcás aighneachtaí a mheastar atá maslach, míchuí nó nach bhfuil ábhartha d’obair an Choimisiúin Toghcháin, d’fhéadfaí a mheas go bhfuil siad neamhbhailí.
  • D’fhéadfaí ábhar ó na haighneachtaí a lua nó sleachta athfhriotail uathu a thabhairt i dtuarascálacha agus i gcáipéisí straitéise a chuirfidh an Coimisiún Toghcháin i dtoll a chéile.
  • Coinneoidh an Coimisiún Toghcháin aighneachtaí ar feadh [3 blianna] agus scriosfar iad ina dhiaidh sin.
  • Beidh athbhreithniú na n-aighneachtaí faoi réir breithnithe dlíthiúla, ina measc:
    • an Reachtaíocht Cosanta Sonraí;
    • an tAcht um Thoirmeasc ar Ghríosú chun Fuatha, 1989;
    • an tAcht um Chiapadh, Cumarsáid Dhochrach agus Cionta Gaolmhara, 2020;
    • an tAcht um Chlúmhilleadh, 2009.