Skip to main content
Image of person in wheelchair being assisted voting.

Is é do vóta do ghuth

Vótáil Inrochtana

Tá roghanna difriúla i bhfeidhm do dhaoine nach bhfuil in ann vóta a chaitheamh i láthair go pearsanta ag stáisiún vótála. Tá na roghanna sin ar fáil ar chúiseanna éagsúla, ina measc míchumas, cumas difriúil léitheoireachta agus scríbhneoireachta, tinneas nó gan a bheith i do ghnátháit chónaithe.

Féadfaidh vótálaithe nach bhfuil in ann vóta a chaitheamh ag stáisiún vótála:

Vóta a chaitheamh sa phost

Réimse suntasach amháin a d’athraigh an tAcht um Athchóiriú Toghcháin, 2022 ná an clár rollach nó leanúnach a tugadh isteach. Dá bharr sin, is féidir le daoine a sonraí a thabhairt cothrom le dáta am ar bith den bhliain (seachas díreach roimh imeacht toghcháin).

Athrú eile a tháinig isteach leis an Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022 ná go bhfuil daoine a bhfuil míchumas nó tinneas meabhrach orthu incháilithe le cur isteach ar phostvótáil.

Chun iarratas a dhéanamh ar phostvótáil/vóta speisialta mar gheall ar thinneas, míchumas nó cúinse ar leith, beidh ort Foirm Iarratais PV2 a chomhlánú.

Braitheann spriocdhátaí na n-iarratas ar an gcineál imeachta toghcháin atá i gceist:

  • Dáil/Olltoghchán – Dhá lá tar éis dháta lánscor na Dála
  • Fothoghchán Dála – Dhá lá tar éis an t-ordú maidir le lá na vótaíochta a dhéanamh
  • Toghcháin an Uachtaráin, toghcháin Eorpacha, toghcháin áitiúla nó reifreann – 22 lá ar a laghad roimh lá na vótála (gan Domhnach, Aoine an Chéasta ná Laethanta Saoire Poiblí san áireamh)

Athrú ar stáisiún vótála a iarraidh

Bhí roinnt stáisiúin vótála fós dorochtana le haghaidh an imeachta toghcháin deiridh (toghcháin an 7 Meitheamh). Má bhaineann tú úsáid as cathaoir rothaí agus/nó má bhíonn deacrachtaí agat dul isteach i do stáisiún vótála, féadfaidh tú iarratas i scríbhinn a chur faoi bhráid Cheann Comhairimh do thoghlaigh. Caithfear iarratais chun vóta a chaitheamh i stáisiún vótála eile a fháil seachtain ar a laghad roimh lá na vótála.

Más féidir, ba cheart duit stáisiún vótála eile atá inrochtana agus a d’fheilfeadh duit a mholadh. Mura bhfuil cur amach agat ar na stáisiúin vótála i do cheantar féin, roghnóidh an Ceann Comhairimh stáisiún eile duit. Má thugann tú míniú ar an gcúis nach bhfuil do stáisiún reatha inrochtana duit, cabhróidh sé leis an gCeann Comhairimh ceann eile a roghnú duit.

Seolfaidh an Ceann Comhairimh údarú chun vótáil ag stáisiún vótála eile chugat. Ba cheart duit an t-údarú sin (chomh maith leis an ngnáthfhianaise ar d’aitheantas) a thaispeáint nuair a chaitheann tú vóta. Nuair a athraítear go stáisiún vótála eile thú, ní féidir leat vóta a chaitheamh ag do stáisiún áitiúil.

Cúnamh a fháil chun do vóta a chaitheamh

Féadfaidh daoine atá faoi mhíchumas cúnamh difriúil a fháil chun vóta a chaitheamh sa stáisiún vótála. Is féidir é sin a dhéanamh trí chúnamh a fháil ó:

  • Compánach
  • Oifigeach Ceannais
  • Teimpléad páipéir ballóide

Tá tuilleadh eolais anseo thíos faoi na cineálacha cúnaimh a bhíonn ar fáil nuair a chaitheann tú do vóta.

Uimhreacha Saorghlao do thoghthóirí a bhfuil lagú radhairc orthu

Ceatharlach-Cill Chainnigh1800 500 000
An Cabhán-Muineachán1800 78 78 78
An ClárAudio recording
Corcaigh Thoir1800 103 087
Corcaigh Thuaidh-Lár1800 100 043
Corcaigh Thiar Thuaidh1800 103 088
Corcaigh Theas-Lár1800 100 321
Corcaigh Thiar Theas1800 103 089
Dún na nGall1800 832 015
Cuan Bhaile Átha Cliath Thuaidh1800 911 574
Cuan Bhaile Átha Cliath Theas1800 911 578
Baile Átha Cliath Láir1800 911 579
Baile Átha Cliath-Fine Gall Thoir1800 911 071
Baile Átha Cliath-Fine Gall Thiar1800 911 070
Baile Átha Cliath Thiar-Meán1800 911 073
Baile Átha Cliath Thiar Thuaidh1800 911 581
Baile Átha Cliath-Ráth an Dúin1800 911 075
Baile Átha Cliath Theas-Lár1800 911 582
Baile Átha Cliath Thiar Theas1800 911 074
Baile Átha Cliath Thiar1800 911 072
Dún Laoghaire1800 911 075
Gaillimh Thoir1800 92 88 94
Gaillimh Thiar1800 306894
Ciarraí1800 622 574
Cill Dara Thuaidh1800 111 000
Cill Dara Theas1800 330 011
Laois1800 832 010
Cathair Luimnigh1800 832 073 (option 1)
Contae Luimnigh1800 832 073 (option 2)
An Longfort-An Iarmhí1800 832 016
1800 542 626
Maigh Eo1800 600456
An Mhí Thoir1800 808 809 (option 1)
An Mhí Thiar1800 808 809 (option 2)
Uíbh Fhailí1800 11 66 44
Ros Comáin-Gaillimh1800 637 100
Sligeach-Liatroim1800 333 406
Tiobraid Árann Thuaidh1800 112222
Tiobraid Árann Theas1800 112222
Port Láirge1800 67 88 76
Loch Garman1800 565 565
Cill Mhantáin1800 868 399
Cill Mhantáin-Loch Garman1800 868 399