Cén Dáilcheantar ina gcónaím?
Tabhair faoi deara le do thoil go bhféadfadh deacrachtaí a bheith le roinnt sonraí Eircode agus seolta, mar sin is féidir sonraí do thoghcheantair a sheiceáil le d’údarás áitiúil.
Tabhair faoi deara go dtabharfar freagra Gaeilge ar fhiosrúchán faoi sheoladh i nGaeilge ina dtugtar Éirchód. Má úsáidtear Éirchód leis féin chun seoladh a fhiosrú, ní aithneofar é mar fhiosrúchán Gaeilge ar an drochuair, agus tabharfar freagra i mBéarla.
De réir an Achta Toghcháin (Leasú), 2023, Alt 3 (irishstatutebook.ie) “má éiríonn aon amhras cad é an dáilcheantar ina bhfuil aon toghroinn nó aon chuid de thoghroinn, nó aon bhaile fearainn nó aon chuid de bhaile fearainn, cinnfidh an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta an t-amhras, ach sin faoi réir alt 1 (b).”